Displaying 451-460 of 1142 results.
Cispheil na gCailíní faoi 19 (C)
Created : 30 Nov 2022, 4:36 PM
Archived : 30 Jan 2023, 12:00 AM
Bonn airgid buaite ag na cailíní! Comhghairdeachas!
Cispheil na gCailíní Faoi 19 (C)
Created : 30 Nov 2022, 2:14 PM
Archived : 30 Jan 2023, 12:00 AM
Tá foireann PCD ag imirt sa Chluiche Ceannais, Réigiún an Iardheiscirt faoi láthair i gcoinne Laural Hill. Go n-éirí libh a chailíní. PCD abú!
Físeán na Seachtaine
Created : 30 Nov 2022, 1:23 PM
Archived : 30 Jan 2023, 12:00 AM
Tá Corn Sam Mhic Uidhir ag teacht ar chuairt chugainn inniu agus seo sean fhíseán faoi cá gcoimeádadh laoch Chiarraí,Páidí Ó Sé, beannacht Dé leis, a bhoinn Uile Éireann siúd. N'fheadar cá gcoimeádann laochra Chiarraí an lae inniu i dtaisce iad gan trácht ar laoch Chiarraí eile, ár bPríomhoide? Ciarraí Abú! twitter.com/Buailtin/status/1597601813653786625?s=20&t=oZKXBFHfkGwyqGfoQ0hqew
Oireachtas na Cruinne sa Rince Gaelach!
Created : 29 Nov 2022, 2:19 PM
Archived : 29 Jan 2023, 12:00 AM
Tá Katie Ní Éanacháin Bl.3 cáilithe d'Oireachtas na Cruinne sa Rince Gaelach. Beidh an comórtas ar siúl i rith na Cásca i Montréal i gCeanada. Comhghairdeachas Katie!
Cúinne na Gramadaí!
Created : 29 Nov 2022, 1:23 PM
Archived : 29 Jan 2023, 12:00 AM
an Aimsir Chaite Ná déan dearúd go mbíonn séimhiú ar bhriathra san aimsir chaite: (seachas cúpla ceann neamhrialta) Cheap sé Thuig sí Ghlanamar Thógadar Agus bíonn D' ar bhriathar a thosnaíonn le guta san aimsir chaite: D’óladar, D’itheamar D’fháisc sé D’aithin sí...
Focal na Seachtaine
Created : 29 Nov 2022, 1:19 PM
Archived : 29 Jan 2023, 12:00 AM
Aithreachas (Regret, sorry) • Déan anois é nó beidh aithreachas ort. • Tá aithreachas orm as an slí ar tharlaigh sé. • Níl aon aithreachas orm mar gheall air. • Ba léir do na héinne go raibh aithreachas air.
Tráth na gCeist Boird Feachtas 2022 - 2023
Created : 25 Nov 2022, 12:43 PM
Archived : 29 Jan 2023, 12:00 AM
Tráth na gCeist Boird Feachtas 2022 - 2023 Comhghairdeachas le hOscar ó Donnagáin, Eibhlin ní Dhuibhginn, Lucy ní Chathail agus Saoirse Beth Clumhán ná Shlattara a tháinig sa chéad áit sa Tráth na gCeist Boird aréir. Sa dara háit: Malachaí ó Chiardhubháin, Antaine ó Sé, Cuán ó Fiannachta, agus Damian Svoboda. Beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí an Craobh Ceannais i mBaile Átha Cliath i mí na Márta. Ár mbuíochas le gach dalta a ghlac páirt ann.
Scléip na Mumhan
Created : 25 Nov 2022, 12:38 PM
Archived : 29 Jan 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le gach duine a ghlac páirt i mBabhta Réigiúnach den gcomórtas Scléip i Mainistir Fhear Maí inné. Bhíodar go hiontach. Comhghairdeachas speisialta leis na buaiteoirí a bheidh ag dul ar aghaidh go Scléip na hÉireann i mí Eanáir. Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap, le Féintionlacan– Sinsear: Aisling Ní Dhubhaigh, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap, le Tionlacan Ó Fhuaimrian Taca – Sinsear Clare Ní Allarúin, Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Rince Cruthaitheach: Grúpaí – Sinsear ‘Le Chéile’: b'iad Bliain 5 ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Slua-amhránaíocht ‘Na Spéirmhnáibh’: b'iad Bliain 5 ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.
Rugbaí na mBuachaillí faoi 16.5
Created : 25 Nov 2022, 10:27 PM
Archived : 25 Jan 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le foireann Rugbaí PCD a bhuaigh inniu,
Ceardlann ag ATF Bhl. 5 le Declan Malone
Created : 25 Nov 2022, 6:30 PM
Archived : 25 Jan 2023, 12:00 AM
Cuireadh ceardlann ar fáil don rang ATF 5 le Declan Malone ar maidin. Bhí sé ag caint leo mar gheall ar an lá is mó sa bhliain sa Daingean, Lá an Dreoilin agus na nósanna a bhaineann leis. Tá an rang ATF 5 ag ullmhú tasc don Ardteist faoi láthair 'Mo Thimpeallacht' bunaithe ar fhéilte agus cultúr na leithnise. Bhaineadar an-taitneamh as an gceardlann!