Cailíní Caide PCD abú!
Táimid ana bhródúil as cailíní caide PCD leis an méid atá ar bun acu leis an scoil & lasmuigh den scoil. Níor éirigh le cailíní F14 go leith an uair seo ach níor chailleadar a misneach riamh! Beidh lá eile ag an bPaorach!
Seo roinnt don méid atá ar siúl lasmuigh den scoil.
Le cúpla seachtain anuas bhuaigh na foirne Fé 14 & Fé16 Craobhchomórtas na Mumhan lena bhfoirne - comhghairdeas le :
Fé14 - Róisín Ní Ógáin, Emily Piggott, Cara Nic Gearalit, Kayla Mae Garnor a bhuaigh Craobh na Mumhan, Comórtas Johnny Hayes.
Fé16 - Louise Ní Chiobháin, Bláthnaid Ní Súilleabháin, Jessie Ní Loingsigh & Róise Ní Ghairbhí, Craobh na Mumhan A
Máire-Éilís Nic Gearailt & Amy Ní Mhuircheartaigh a bhuaigh Craobh na Mumhan B, Comórtas Sharon O'Keefe.
Maith sibh daltaí PCD a ghlac páirt in imeachtaí éagsúla Féile na Bealtaine. Tá ana chuid buanna ar fad agaibh. Maireann croí éadrom i bhfad.
Bhí ana rath ar fad ar an gClasaic Ghailf ar an Aoine. Bhí an aimsir linn agus bhí cad é gáire geal faoi theas na gréine. Míle buíochas le gach duine a chabhraigh leis an lá seo a thabhairt le chéile.
Tá na cailíní F14 go leith ag dul ar aghaidh go cluiche ceannais na Mumhan Mionúr B. Táid i gcoinne Coláiste Dún Iascaigh, An Chathair ar na 6ú Bealtaine ag a 12.30 i Mala, Co. Chorcaí. Guímis gach rath orthu.
Bhí Camphill ag ceiliúradh fiche bliain sa Daingean inné. Bhí ana thime ag bl4 ina dteannta. Lá dár saol!
Comhghairdeas ó chroí le Louise Ní Chíobháin, Bláthnaid Ní Shuilleabháin, Jessie Ní Loingsigh agus Róise Ní Ghairbhí atá ar fhoireann Chiarraí F16 a bhuaigh ar Chorcaigh le pointe amháin! Bail ó Dhia oraibh! Anuas ar sin bhauigh Amy Ní Mhuircheartaigh agus Máire Eilís Nic Gearailt craobh an Sharon O Keeffe B in aghaidh Luimneach. Tá teacht aniar i gcailíní bl3! Mo cheol sibh!
Comhghairdeas le daltaí rugbaí ó bhl2,3 & 4 a bhuaigh cluiche ceannais Cupa Iarthar na Mumhan inné lena gclub, Rugbaí Chorca Dhuibhne. Críoch dheas leis an séasúr. Beir bua a leaideanna!