Displaying 431-440 of 1142 results.
Lá Geansaí na Nollag
Created : 16 Dec 2022, 1:03 PM
Archived : 16 Feb 2023, 12:00 AM
Bhí Lá Geansaí na Nollag againn ar scoil inniu chun airgead a bhailiú do Focus Ireland. Míle buíochas leis na héinne a thacaigh linn!
Comórtas Labhairt na Gaolainne
Created : 16 Dec 2022, 11:32 AM
Archived : 16 Feb 2023, 12:00 AM
Córa Ní Shlattara a bhuaigh spotduais na seachtaine seo. Comhghairdeachas leat Córa. Buíochas le Caoimhe Ní Chiobháin (Coiste Gaeilge) agus Jessie Ní Loinsigh a dhein an tarrac ar maidin.
An Nollaig
Created : 15 Dec 2022, 4:03 PM
Archived : 15 Feb 2023, 12:00 AM
Tá ana-chuid rudaí ag tarlú timpeall na scoile na laethanta seo agus sinn ag prapáil don Nollaig. Tá an crann agus na maisiúcháin in airde, snas curtha le carúil na Nollag, bailiúcháin do Chumann Naomh Uinseann de Pól ar siúl agus tá díolachán earraí deasa ag Bliain 4 inniu chomh maith. S'í an Nollaig í!
Comórtas Uí Chadhain
Created : 15 Dec 2022, 11:06 AM
Archived : 15 Feb 2023, 12:00 AM
Bhí ana dhíospóireacht againn i gColáiste Choilm i mBaile an Chollaigh aréir. Beidh Ruairí, Cillian agus Cuán ag dul ar aghaidh go dtí an babhta leathcheannais. Mórchomhghairdeachas libh!
An Saol Ó Dheas ag teacht beo ón bPobalscoil!
Created : 14 Dec 2022, 2:37 PM
Archived : 14 Feb 2023, 12:00 AM
Táimid ag súil go mór leis an gclár An Saol Ó Dheas a bheidh á chraoladh beo ón bPobalscoil Dé Luain seo chugainn, 19 Nollaig. Cuirfear tús leis an gclár ar a 12:08! Bígí inár dteannta!
Margadh na Nollag
Created : 14 Dec 2022, 1:25 PM
Archived : 14 Feb 2023, 12:00 AM
Déardaoin an 15ú Nollaig sa scoil. 9:00 - 2:00i.n. Do daltaí agus foireann na scoile 2:00 - 6:00i.n. Do thuismitheoirí agus don phobal áitiúil Bígí ann!
Díospóireachtaí Ghael-Linn
Created : 13 Dec 2022, 12:37 PM
Archived : 13 Feb 2023, 12:00 AM
Go n-éirí go geal le Ruairí Ó hUanacháin, Cillian Mac Gearailt agus Cuán Ó Fiannachta a bheidh i mbun díospóireachta i gColáiste Choilm i mBaile an Chollaigh tráthnóna!
Searmanas Bronnta LGFA Chiarraí i gCill Airne!
Created : 13 Dec 2022, 12:32 PM
Archived : 13 Feb 2023, 12:00 AM
Bronnadh boinn na Mumhan ar scoláirí agus iar-scoláirí na Pobalscoile ag searmanas bronnta LGFA Chiarraí i gCill Airne Dé hAoine seo caite. Bhí Jessie Ní Loingsigh Bl. 1, Sibéal Ní Shéaghda, Bl.2, Éabha Ní Shiúrdáin, Bl. 3, Sadhb Ní Shlattara, Bl.3 ar fhoireann bhuachach Chiarraí faoi 14 bliana d'aois. Bronnadh bonn na Mumhan ar Kayla Getkate, Bl.5 Caoimhe Nic Eoin, Bl. 6 agus Neasa Ní Dhufaigh, Bl. 6 a bhí ar fhoireann bhuachach Mionúirí Chiarraí (B) agus ar Louise Ní Mhuireartaigh agus Niamh Ní Chonchúir atá ar Fhoireann Shinsir Chiarraí. Comhghairdeachas libh go léir a chailíní!
Belle na Pobalscoile, Ella Nic a tSithigh ar stáiste i Siamsa Tíre!
Created : 13 Dec 2022, 12:16 PM
Archived : 13 Feb 2023, 12:00 AM
D’fhreastail daltaí Bhliain 2,4 & 5 ar an Seó Beauty and the Beast i Siamsa Tíre ar 9 Nollaig. Bhí an phríomhpháirt Belle ag Ella sa seó. Comhghairdeachas leat!
Fócas ar Litearthacht
Created : 13 Dec 2022, 10:13 AM
Archived : 13 Feb 2023, 12:00 AM
Bhfuil tú ag dul sa dreoilín? Stór Focal: An Nollaig Crann Nollag Oíche Nollag Lá Nollag Lá an Dreoilín Oíche Chinn Bhliana (31 Nollaig) Lá Caille (1 Eanáir) Nollaig na mBan/Nollaig Bheag