Displaying 491-500 of 1142 results.
Gaeilge 24!
Created : 15 Nov 2022, 3:57 PM
Archived : 15 Jan 2023, 12:00 AM
Bhain daltaí Bhl.1 súp as an lá inniu ar mhaithe leis an nGaeilge agus cúrsaí folláine. I measc na himeachtaí a bhí eagraithe dóibh: Seisiún HITT, Tráth na gCeist Beo, Rang Ióga, Rang Machnaimh agus a thuilleadh nach iad! #Gaeilge24
Go n-éirí le foireann Scoil Naomh Eoin Baiste Lios Póil inniu!
Created : 15 Nov 2022, 10:38 AM
Archived : 15 Jan 2023, 12:00 AM
Go n-éirí le foireann Scoil Naomh Eoin Baiste Lios Póil atá ag imirt sa Chluiche Ceannais de Chumann na mBunscol i gcoinne Cill Chuimín i bPáirc Aibhistín de Staic inniu @4.30i.n. Beidh ana-chuid daltaí (deartháireacha & deirfiúracha) ag taisteal ón bPobalscoil chun tacú leo.
Oíche Chócaireachta Le Mark Moriarty
Created : 28 Oct 2022, 11:58 AM
Archived : 12 Jan 2023, 12:00 AM
Ar mhaithe le cúrsaí Litearthachta i bPobalscoil Chorca Dhuibhne Literacy fundraiser Pobalscoil Chorca Dhuibhne Costas: €20 19ú Samhain in Óstán na Sceilge
Comórtas Labhairt na Gaolainne
Created : 11 Nov 2022, 2:40 PM
Archived : 11 Jan 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Ruairí Ó Faoláin i mBl.1 a bhuaigh spotduais na seachtaine seo. Buíochas le Tom, Ruairí agus Cuán (Coiste Gaeilge) a dhein an tarrac.
Oireachtas na Samhna 2022
Created : 11 Nov 2022, 1:23 PM
Archived : 11 Jan 2023, 12:00 AM
Ba mhaith linn tréaslú le gach éinne dár ndaltaí a ghlac páirt san Oireachtas i mbliana i gCill Airne agus míle buíochas a ghabháil leis na múinteoirí a chabhraigh leo! Táimid an-bhródúil as gach éinne a ghlac páirt ann. Comhghairdeachas speisialta leis na buaiteoirí! Aithriseoireacht: Sibéal Ní Ógáin, Bl.6 a bhain an chéad áit amach faoi 17 & Cuán Ó Fiannachta, Bl.2 a bhain an chéad áit amach Faoi 14. Bhuaigh Sibéal corn as an iomaitheoir is fearr sa chomórtas. Agallamh Beirte: Róisín Dalby agus Meadhbh Nic an Ultaigh, Bl.5 a tháinig sa chéad áit faoi 16 & Sibéal Ní Shéaghdha agus Éimhín Dalby a bhain an dara háit amach faoi 14. Dreas Cainte: Ruáirí Ó hÓgáin, Bl.4 a bhain an tríú háit amach faoi 17. Scéalaíocht: Sadhbh Madeley, Bl. 1 a bhain an dara háit amach faoi 13 agus a bhain an tríú háit amach i gcomórtas an veidhlín. Comórtas Liteartha an Oireachtais: Bhain Aisling Ní Shúilleabháin an dara háit amach Faoi 16 as a dán, M’Abhainn. Nár laga Dia sibh!
Seó Bóthair
Created : 11 Nov 2022, 9:50 AM
Archived : 11 Jan 2023, 12:00 AM
Ár mbuíochas le Sibéal Ní Dhuibhir ón Seó Bóthair a labhair le daltaí na hIdirbhliana ar scoil maidin inné.
Caid na mBuachaillí faoi 16.5
Created : 10 Nov 2022, 4:01 PM
Archived : 10 Jan 2023, 12:00 AM
Bhí bua iontach ag na buachaillí inniu. Comhghairdeachas libh!
Caid na gCailíní Sinsir
Created : 10 Nov 2022, 3:27 PM
Archived : 10 Jan 2023, 12:00 AM
Bhí bua iontach ag na cailíní inniu i gcoinne an Néidín. Comhghairdeachas libh a chailíní!
Cúrsa SafePass
Created : 09 Nov 2022, 9:27 AM
Archived : 09 Jan 2023, 12:00 AM
Cúrsa SafePass/Safepass Course Dé Céadaoin 16/11/22 Déan teagmháil ar 087-7951743 nó sf@pcd07.ie
Deiseanna Cainte/ Ranganna Gaeilge
Created : 08 Nov 2022, 2:26 PM
Archived : 08 Jan 2023, 12:00 AM
le Tobar Dhuibhne