Displaying 441-450 of 1142 results.
Teagascóirí Aos Oideachais ag teastáil/Adult Education Tutors required
Created : 07 Dec 2022, 12:01 PM
Archived : 07 Feb 2023, 12:00 AM
Teagascóirí Aos Oideachais ag teastáil/ Adult Education Tutors required Déan teagmháil ar 087-7951743 nó sf@pcd07.ie
Peil na gCailíní Sinsir
Created : 05 Dec 2022, 4:23 PM
Archived : 05 Feb 2023, 12:00 AM
PCD v Coláiste Pobail, An Sciobairín Níor éirigh leo an babhta seo ach beidh lá eile acu!
Peil na gCailíní - Sinsir
Created : 05 Dec 2022, 9:14 AM
Archived : 05 Feb 2023, 12:00 AM
PCD v Coláiste Pobail, An Sciobairín. Go n-éirí libh!
Féile Other Voices
Created : 02 Dec 2022, 1:14 PM
Archived : 04 Feb 2023, 12:00 AM
Tá daltaí na Pobalscoile ag prapáil d'Other Voices a bheidh ar siúl sa Daingean an deireadh seachtaine seo. Beidh grúpa daltaí ag seinnt lasmuigh do Shiopa Uachtar Reoite Murphy's amárach ag a 2:00 i.n. Bígí ann chun tacú leo.
Sparántacht GAA
Created : 02 Dec 2022, 1:33 PM
Archived : 02 Feb 2023, 12:00 AM
Bronnadh sparántacht spóirt gur fiú €750 í ar Mharc Ó Mainín agus James Ó hAiniféin, iarscoláirí dár gcuid ag searmanas i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach le déanaí. Comhghairdeachas a Mharc agus James!
Comhairle na Mac Léinn
Created : 02 Dec 2022, 1:31 PM
Archived : 02 Feb 2023, 12:00 AM
Tionóladh cruinniú do Chomhairle na Mac Léinn ag 10:20 r.n. ar an 1 Nollaig, 2022. An príomhchoiste a stiúraigh an cruinniú: Cathaoirleach: Sibéal Ní Ógáin, Rúnaí: Edie Hall agus Cisteoir: Malachaí Ó Ciardhubháin.
Comórtas Seanfhocail
Created : 02 Dec 2022, 1:27 PM
Archived : 02 Feb 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Ríona Bácaéir a chríochnaigh an seanfhocal i gceart: Is iad na muca ciúine a itheann an mhin.
Comórtas Labhairt na Gaolainne
Created : 02 Dec 2022, 1:26 PM
Archived : 02 Feb 2023, 12:00 AM
Tá spotduais na seachtaine seo buaite ag Páidí Mac Gearailt i mBl. 5 Comhghairdeachas leat. Buíochas le Seán Ó Cearna a chabhraigh le Tom agus Ruairí (Coiste Gaeilge) leis an gcrannchur!
Corn Sam Mhig Uidhir i PCD!
Created : 02 Dec 2022, 12:00 PM
Archived : 02 Feb 2023, 12:00 AM
Bhí sé ar nós a bheith i bPáirc an Chrócaigh nuair a tháinig Pól Ó Geanaí, Tom Ó Súilleabháin, Éanna Ó Conchúir agus Brian Ó Beaglaoich go dtí an scoil le Corn Sam Mhig Uidhir. Bhí Mark Ó Conchúir a bhuaigh bonn leis na Geelong Cats thall san Astráil le déanaí ina dteannta. Bhí sprid iontach le brath timpeall na scoile.
Corn Sam Mhig Uidhir ar scoil inniu!
Created : 30 Nov 2022, 4:15 PM
Archived : 31 Jan 2023, 12:00 AM
Tháinig Pól Ó Géanaí, Tom Ó Súilleabháin, Éanna Ó Conchúir agus Brian Ó Beaglaoich go dtí an scoil le Corn Sam Mhig Uidhir. Bhí Mark Ó Conchúir a bhuaigh bonn lena Geelong Cats thall san Astráil ina dteannta. Táimid thar a bheith bródúil as na héachtaí atá bainte amach ag ár n-iarscoláirí! N’fheadar éinne cad a bhainfidh an chéad ghlúin eile amach!