Displaying 461-470 of 1279 results.
Rang Amhránaíochta ar an Sean- nós
Created : 29 Mar 2023, 2:26 PM
Archived : 29 May 2023, 12:00 AM

Rang Amhránaíochta ar an Sean- nós le hÁine Uí Laoithe ar maidin.

Nath na Seachtaine!
Created : 28 Mar 2023, 12:39 PM
Archived : 29 May 2023, 12:00 AM

 

Ní fás aon oíche a bhí ann.

(Ní thar oíche a tharla sé!)

Cainteoirí ó MTU ar scoil inné!
Created : 28 Mar 2023, 3:20 PM
Archived : 28 May 2023, 12:00 AM

Bhí Fiona Boyle agus an Fhoireann REEdl , @REEdIDept, ó MTU ag caint le daltaí Bhl. 4, 5 agus 6 inné faoin innealtóireacht.  Bhí an-spórt ag na daltaí leis na Spéaclaí VR! Tá cúrsa nua ar fáil i mbliana i MTU Chiarraí san Innealtóireacht MT834 BEng (Onóracha). Is fiú go mór do dhaltaí go bhfuil suim acu san innealtóireach an cúrsa seo a thógaint san áireamh agus an CAO á líonadh acu!

https://www.facebook.com/REEdIMTU

Lá Lus an Chromchinn
Created : 28 Mar 2023, 3:06 PM
Archived : 28 May 2023, 12:00 AM

Go raibh míle maith agaibh go léir as an tacaíocht ar an Aoine. Bhailigh na cailíní ón ATF €430 do Chumann Ailse na hÉireann.

Tomhas na Míosa
Created : 28 Mar 2023, 12:37 PM
Archived : 28 May 2023, 12:00 AM

Í féin is a céile ag dul timpeall liom, le breis is cúpla mí, teanga láidir atá aici ach focal ní labhrann sí.

Cad í?

 

Le bheith san áireamh, seol d’fhreagraí go dtí Eibhlís roimis an 31 Márta.

Comórtas Seanfhocail
Created : 28 Mar 2023, 12:27 PM
Archived : 28 May 2023, 12:00 AM

 

Críochnaigh an seanfhocal;

 

Muna bhfuil agat ach pocán gabhar....

  

Le bheith san áireamh, seol d’fhreagraí go dtí Eibhlís ag roimis an 31 Márta.

Fócas ar Litearthacht
Created : 28 Mar 2023, 12:16 PM
Archived : 28 May 2023, 12:00 AM

 Tabhair an litriú faoi ndeara!

         Anuas air sin

         Chomh maith leis sin

Nellie
Created : 28 Mar 2023, 10:26 AM
Archived : 28 May 2023, 12:00 AM

Seo nasc go dtí an scannán gairid a chruthaigh Malachaí don Chomórtas Scannánaíochta 'Fresh Film' . Is iad Páidí Mac Gearailt agus Antaine Ó Séaghdha na príomhcharachtair sa scannán. Bainigí súp as.

Go n-éirí le Malachaí ar an 30ú Márta. 32.png32.png
https://youtu.be/LUbcS0WRcLw
 
Go n-éirí le Breandán Ó Laoithe agus le Páidí Mac Gearailt amárach!
Created : 27 Mar 2023, 3:34 PM
Archived : 27 May 2023, 12:00 AM

Go n-éirí le Breandán Ó Laoithe agus le Páidí Mac Gearailt ó Bhl.5 atá sa Chraobh Náisiúnta den Chomórtas Action Aid amárach.

Ray Langan!
Created : 27 Mar 2023, 12:17 PM
Archived : 27 May 2023, 12:00 AM
Tháinig Ray Langan  ar scoil chughainn inniu chun labhairt le daltaí uile na scoile maidir le spreagadh staidéir, conas scileanna staidéir a chothú, a bhfolláine pearsanta agus conas imní a bhainistiú. Tá a thuilleadh eolais sa phóstaer thíos ar na hábhair chainte a bhí aige. 
 
Mar chuid de chuairt Ray Langan agus chun tacú le tuismitheoirí/caomhóirí na scoile beidh seisiún beo ar ZOOM á reachtáil ag Ray Langan ar an Déardaoin beag seo an 30ú Márta idir a 19.00-20.00. Seolfar nasc níos congaraí don ócáid.