Displaying 471-480 of 1279 results.
Turas Scoile go Páras le déanaí.!
Created : 27 Mar 2023, 8:50 AM
Archived : 27 May 2023, 12:00 AM
Seo mar a chuir tuismitheoir amháin síos ar an turas; "Fanfaidh cuimhní an turais go Páras na Fraince leo go brách."
Guífimid gach rath ar na daltaí Fraincise a bheidh ag tabhairt faoi scrúduithe cainte ar an 3ú Aibreán.
Tráth na gCeist Staire
Created : 24 Mar 2023, 11:04 AM
Archived : 27 May 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis na foirne ó PCD a ghlac páirt i dTráth na gCeist Staire don Teastas Sóisearach de chuid Chumann Múinteoirí Stair Chiarraí i Meánscoil na Toirbhirte, Trá Lí aréir. Bhí 112 dalta ag 28 tábla a rinne ionadaíocht ar 10 scoil.
Comhghairdeachas leis an bhfoireann PCD a tháinig sa tríú háit agus gan iad ach 2 phointe chun deiridh. Tá foireann Ruadhán Ó Dálaigh, Oisín Ó Dubhda, Sarah Ní Allaráin agus Katie Ní hÉanacháin cáilithe anois do chluichí ceannais na hÉireann i mBaile Átha Cliath i mí Aibreáin.
Seó na hIdirbhliana 2023
Created : 08 Mar 2023, 3:55 PM
Archived : 27 May 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le daltaí na hIdirbhliana agus lena múinteoirí as seó iontach eile a chur ar stáitse. Bhain gach éinne an-taitneamh as. Go mbeirimid beo ar an am seo arís!
Pictúirí: D. Malone
Rince seite le Christy, Bl. 5
Created : 22 Mar 2023, 8:37 AM
Archived : 22 May 2023, 12:00 AM
Tacaíocht ó Phobal an Daingin do Cara Projects na Céinia!
Created : 20 Mar 2023, 3:56 PM
Archived : 20 May 2023, 12:00 AM
Bhronn an tAthair Ó Múineacháin seic 2,251 euro thar ceann an pharóiste ar chailíní PCD a chuaigh go Céinia níos túisce i mbliana. Bailíodh an t-airgead ag Mainséar na Nollag i Séipéal an Daingin. Bhí taithí ar leith ag Róisín, Orla, Caoimhe, Abbie, Leah agus Hayley i gCéinia. Táid an-bhuíoch as an tacaíocht a fuaireadar ón bpobal. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine!
Rince seite innIu le Christy!
Created : 20 Mar 2023, 12:40 PM
Archived : 20 May 2023, 12:00 AM
Lá Fhéile Pádraig!
Created : 16 Mar 2023, 7:04 PM
Archived : 16 May 2023, 12:00 AM
Beidh ár ndaltaí ón Úcráin ag glacadh páirt sa pharáid i mBaile an Fheirtéaraigh amárach.
Rugbaí Buachaillí fé 19, O' Brien Cup
Created : 16 Mar 2023, 4:35 PM
Archived : 16 May 2023, 12:00 AM
Níor éirigh le PCD an ceann is fearr a fháil ar Abbey CBS inniu ach thuagadar an-taispéantas uathu inniu.
Rugbaí faoi 16 - Kings Cup
Created : 16 Mar 2023, 3:11 PM
Archived : 16 May 2023, 12:00 AM
Níor éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar fhoireann An tAonach an babhta seo ach thugadar an-taispeántas uathu inné.
Comhghairdeachas le Sarah Ní Chualáin, Scoláire na Bliana PCD anuraidh!
Created : 16 Mar 2023, 11:20 AM
Archived : 16 May 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Sarah Ní Chualáin, Scoláire na Bliana PCD anuraidh!
Bhí Sarah ag imirt ar fhoireann bhuacach chispheile Ollscoil na Gaillimhe sa Chraobhchomórtas idir Ollscoile na hÉireann agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.