Displaying 401-410 of 1279 results.
Bliain 1 ar fad le chéile agus deireadh na bliana á gceiliúradh acu!
Created : 24 May 2023, 1:33 PM
Archived : 24 Jul 2023, 12:00 AM
Bhí ana lá ag Bliain a 1 na bliana seo 2022/2023 le chéile ar thráigh Fhionn Trá Dé Máirt! 
Ócáid na hIdirbhliana á cheiliúradh ag tuismitheoirí, múinteoirí agud daltaí PCD!
Created : 24 May 2023, 1:24 PM
Archived : 24 Jul 2023, 12:00 AM
Bhí ócáid cheiliúrtha na hIdirbhliana againn sa scoil tráthnóna Dé Luain seo caite.  Bronnadh gradaim agus tugadh aitheantas do na daltaí go léir sa rang as an iarracht iontach a dheineadar i rith na bliana. 
 
Bronnadh dalta na bliana 2023 ar Tom Ó Neachtain agus Méabh Ní Dhúbhda.  Comhghairdeachas libh beirt! 
 
D'fhágadar an scoil maidin inniu agus iad ag tabhairt faoin gCamino! 
 
Buen Camino!
Cluichí raoin is faiche na Mumhan
Created : 24 May 2023, 1:12 PM
Archived : 24 Jul 2023, 12:00 AM

Comhghairdeachas le Diarmuid Ó Ciardhubháin a bhain an tríú háit amach sa rás 100m ag cluichí raoin is faiche na Mumhan le déanaí! 

Lúthchleasaíocht
Created : 24 May 2023, 1:10 PM
Archived : 24 Jul 2023, 12:00 AM
Bhí lá iontach ag daltaí scoile na Ríochta sna cluichí raoin is faiche na Mumhan ag an deireadh seachtaine, Keiran Ó Catháin ón bPobalscoil san áireamh!.  D'éirigh le Keiran an curiarracht a bhí ann le 44 bliain anuas a shárú sa chomórtas caitheamh meáchain.  Chaith sé an meáchain 15.14m. Ní hamháin san ach bhain sé an tríú háit amach sa rás 200m an lá céanna.  Bail ó Dhia air!
Comhghairdeachas ó chroí Kieran!  Beidh na Cluichí Náisiúnta ar siúl ar an 4ú agus 5ú Meitheamh, 2023. 
Molscéal
Created : 19 May 2023, 7:21 PM
Archived : 19 Jul 2023, 12:00 AM
72.png72.png72.png72.png    Bígí ag faire amach beidh Molscéal ag teacht ón bPobalscoil go luath....72.png
An Ghaelbhratach 2023 bronnta ar PCD!
Created : 19 May 2023, 7:14 PM
Archived : 19 Jul 2023, 12:00 AM

Is cúis áthais don gCoiste Gaeilge agus don scoil gur mbonnadh An Gaelbhratach orainn i mbliana 72.png

 
 
Tá an samhradh buailte linn!
Created : 19 May 2023, 1:14 PM
Archived : 19 Jul 2023, 12:00 AM

32.png32.png  Rang 3L ag baint sásamh as an dea-aimsir le huachtar reoite agus cluiche corr! 32.png

Cluiche Ceannais Sacar na hÉireann faoi 16 amárach!
Created : 19 May 2023, 10:14 AM
Archived : 19 Jul 2023, 12:00 AM

 Go n-éirí go geal le Hannah Nic Gearailt agus le Ciara Ní Chinnéide ó Bhlian a 3 atá ag imirt ar fhoireann sacar Chiarraí i gCluiche Ceannais na hÉireann i gcoinne Mhaigh Eo.

Beidh an cluiche ar súil i gCill Chainnigh amárach @1:30 i.n.
 
Táimid an-mhórálach asaibh!
 
Daltaí Phobalscoil Chorca Dhuibhne; buaiteoirí Ghradaim Thobar Dhuibhne | An Saol ó Dheas - RTÉ Raidió na Gaeltachta
Created : 19 May 2023, 10:12 AM
Archived : 19 Jul 2023, 12:00 AM
Sibéal, Ruairí agus Tom, buaiteoirí Ghradaim Thobar Dhuibhne ag labhairt le Helen Ní Shé ar chúrsaí Gaeilge sa Phobalscoil ar an Saol Ó Dheas inné. 
 
Gura fada buan sibh 32.png32.png
 
 

https://www.rte.ie/radio/rnag/clips/22252442/

Clár nua ar TG4
Created : 17 May 2023, 12:45 PM
Archived : 17 Jul 2023, 12:00 AM

 32.png32.png32.png Beidh Louise Ní Chíobháin (Coiste Gaeilge) agus Bláthnaid Ní Shúilleabháin le feiscint ar chlár nua teilifíse ar TG4 an samhradh seo. Chaitheadar an lá inné ar fad i monarchan uachtar reoite Uí Mhurchú i mBaile na Buaille inné agus iad i mbun taifeada. 32.png32.png32.png

 
Bail ó Dhia oraibh a chailíní!  Bígí ag faire amach dóibh 32.png32.png