Displaying 481-490 of 1142 results.
Siopa Malartú Éadaí
Created : 17 Nov 2022, 5:37 PM
Archived : 17 Jan 2023, 12:00 AM
Bhí siopa malartú éadaí eagraithe ag an gCoiste Timpeallachta. Déanaimis an timpeallacht a chaomhnú: céimeanna beaga a thógann na caisleáin
Lá LADT+
Created : 17 Nov 2022, 2:27 PM
Archived : 17 Jan 2023, 12:00 AM
Lá LADT+ Tá seachtain speisialta againn an tseachtain seo chun LADT+ (LGBT+) a cheiliúradh agus chun a chinntiú go bhfuil guth gach éinne le clos. Tá sé an-tábhachtach go nglacfaimis ar fad lena chéile faoi mar atáimid agus mar a deireann mana na scoile 'Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine'. Bhí lá gan éide scoile againn ar scoil inniu ar mhaithe leis an lá speisialta seo a cheiliúradh. Bíodh lá LADT+ sona ag gach éinne.
Nath na Seachtaine
Created : 16 Nov 2022, 12:21 PM
Archived : 16 Jan 2023, 12:00 AM
‘Toradh’ Toradh a thabhairt ar dhuine Dúrt leo fanacht socair agus ní thugadar aon toradh orm. Tabhair toradh ar do mháthair/ d’athair/ ar an múinteoir!
Fócas ar Litearthacht
Created : 16 Nov 2022, 12:18 PM
Archived : 16 Jan 2023, 12:00 AM
Spreag comhrá ar na Meáin Shóisialta!
Comórtas Seanfhocail
Created : 16 Nov 2022, 12:14 PM
Archived : 16 Jan 2023, 12:00 AM
Críochnaigh an seanfhocal: Na muca ciúine a.... Seol d’fhreagraí go dtí Eibhlís: roimis an Aoine an 2 Nollaig. Go n-éirí libh!
Am Comórtais!!!!!
Created : 16 Nov 2022, 10:31 AM
Archived : 16 Jan 2023, 12:00 AM
Am Comórtais!!!!! Má tá fonn ort dhá thicéad go dtí Taispeántas Cócaireachta Mark Moriarty a bheidh ar siúl in Óstán na Sceilge ar an Satharn beag seo ar a 6:30 i.n. a bhuachtaint, níl le déanamh agat ach an cnaipe 'Is maith liom' a bhrú, an teachtaireacht a roinnt agus clib a dhéanamh ar chara! Fogrófar an buaiteoir ar an Aoine ar a 1:30i.n. Go n-éirí libh!
Cispheil na gCailíní
Created : 16 Nov 2022, 9:30 AM
Archived : 16 Jan 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le foireann cispheile na gcailíní Faoi 19 a bhuaigh inné i gcoinne Tairbeart.
Comhghairdeachas le Scoil Naomh Eoin Baiste!
Created : 16 Nov 2022, 9:29 AM
Archived : 16 Jan 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Scoil Naomh Eoin Baiste a bhuaigh Craobh 4/5 Oide Allianz Cumann na mBunscol Chiarraí Bhí cluiche dian acu in aghaidh Cill Chuimín ach thánadar tríd go láidir ag an deireadh. Maith sibh!
Rugbaí BL1
Created : 15 Nov 2022, 9:29 PM
Archived : 15 Jan 2023, 12:00 AM
Bhí foireann ag an bPobalscoil páirteach i mblitz rugbaí in Oileán Chiarraí le déanaí. Thugadar ana thaispeántas uathu.
Séadna
Created : 15 Nov 2022, 4:44 PM
Archived : 15 Jan 2023, 12:00 AM
Tá daltaí Bhl. 2 ag baint an-taitneamh as an dráma Séadna atá á léiriú ar stáitse ag Aisteoirí Chúil Aodha i Halla na Feothanaí.