Displaying 421-430 of 1142 results.
Scátáil Oighir Bl.5!
Created : 21 Dec 2022, 9:45 AM
Archived : 21 Feb 2023, 12:00 AM
Chuaigh Bl.5 go Luimneach ag scátáil. Bhí ana lá acu.
Scátáil Oighir Bl.4!
Created : 20 Dec 2022, 2:36 PM
Archived : 21 Feb 2023, 12:00 AM
Chuaigh Bl.4 go Luimneach ag scátáil. Bhí ana lá acu.
Dinnéar na Nollag
Created : 20 Dec 2022, 12:03 PM
Archived : 20 Feb 2023, 12:00 AM
'Is trom an t-ualach putóga folmha' ach táimse á rá leat nach raibh aon phutóga folmha ar scoil inné! Réitigh Rang Eac Bhaile (Bliain 6) dinnéar breá blasta na Nollag ar scoil inné.
Carúil na Nollag ar shráideanna an Daingin
Created : 20 Dec 2022, 10:30 AM
Archived : 20 Feb 2023, 12:00 AM
Chuaigh daltaí na scoile síos faoin mbaile inné chun spriorad na Nollag a leathadh!
Ranganna Oíche, Eanáir 2023
Created : 20 Dec 2022, 10:27 AM
Archived : 20 Feb 2023, 12:00 AM
Club Cócaireacht Oíche Luan / 8 wk €130 Monday night Cooking Club le Martin Bealin Spáinnis/Spanish 8 wk €130 Fraincís / French 8 wk €130 Spinfit 8 wk €80 Gaeilge/ Irish Garchabhair/First Aid Pilates (Clinical) Ranganna ag tosnú seachtain dár tús 16/01/23 Teagmháil: Séamus Firtéar 087 7951743 nó sf@pcd07.ie
Rugbaí Faoi 19
Created : 19 Dec 2022, 9:53 PM
Archived : 19 Feb 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le foireann rugbaí na Pobalscoile a bhuaigh inniu i gcoinne Oileán Chiarraí.
ePortfolio/ Punann Bhliain 4
Created : 19 Dec 2022, 9:43 PM
Archived : 19 Feb 2023, 12:00 AM
Gach bliain cuireann daltaí na Pobalscoile punann pearsanta le chéile bunaithe ar na himeachtaí a bhíonn ar bun acu san Idirbhliain. Bronntar duaiseanna ar na cinn is fearr. Seo a leanas na buaiteoirí go dtí seo i mbliana; 4L Katie Nic Gearailt 4M Harry Ó Corráin 4O Micheál Ó Dubháin Rang is fearr: 4L Comhghairdeachas Rang 4L! Maith sibh! Chuadar i gcomhair pizza i dteannta a chéile.
An Saol Ó Dheas a craoladh beo ón bPobalscoil inniu.
Created : 19 Dec 2022, 9:38 PM
Archived : 19 Feb 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis na daltaí ar fad a labhair le Helen Ní Shé ar an gclár An Saol Ó Dheas inniu agus leis na daltaí ceoil a sheinn agus a chan chomh binn mar is dual dóibh i gcónaí. Bail ó Dhia oraibh. Táimid ana mhórálach asaibh.
Scátáil Oighir, ATF
Created : 16 Dec 2022, 1:14 PM
Archived : 16 Feb 2023, 12:00 AM
Chuaigh an rang ATF go Luimneach inné ag scátáil. Bhí ana lá acu. Míle buíochas leis na múinteoirí a d'eagraigh agus a chuaigh leo! S'í an Nollaig í
Margadh na Nollag
Created : 16 Dec 2022, 1:05 PM
Archived : 16 Feb 2023, 12:00 AM
Tá an glanadh suas déanta ag rang na hIdirbhliana tar éis Margadh na Nollag inné. Bhí sé in am sos a thógaint! Bhíodar ag múineadh do Mykhailo conas cártaí a imirt! Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le gach éinne a cheannaigh earraí sa Phobalscoil inné. Bhí ana lá againn.