Displaying 411-420 of 1279 results.
Bhí ana lá ag Bliain 4 sna Machairí inniu!
Created : 16 May 2023, 3:28 PM
Archived : 16 Jul 2023, 12:00 AM

16/5/2023

Lá Spóirt Bhl. 2
Created : 16 May 2023, 3:16 PM
Archived : 16 Jul 2023, 12:00 AM

16/5/2023

Lá Spóirt Bhl. 1
Created : 16 May 2023, 10:56 AM
Archived : 16 Jul 2023, 12:00 AM
Tráth na gCeist Staire
Created : 16 May 2023, 10:33 AM
Archived : 16 Jul 2023, 12:00 AM

Sáriarracht ón bhfoireann Staire, Bliain 3, a chríochnaigh sa dara háit le 3 scoil eile tar éis 10 mbabhta ceisteanna i gCluiche Ceannais Náisiúnta HTAI i gColáiste Íosagáin, B.A.C. Dé Sathairn seo caite. Ní raibh siad ach pointe amháin taobh thiar de na buaiteoirí. Bhí 54 ceist as 60 i gceart acu!  55 ag St. Paul’s Monasterevin.

Le 4 fhoireann sa dara háit, thóg sé 3 bhabhta sa bhreis chun na scoileanna sin a scaradh amach óna chéile. Sa deireadh, tháinig PCD sa 4ú háit. Ba cheist chrua í a scar iad sa deireadh. 'Cé mhéad lá a bhí Liz Truss ina príomh-aire'!!!

 

Comhghairdeas libh Sarah, Katie, Ruadhán agus Oisín!

Lúthchleasaíocht - Raoin is Faiche Chiarraí Thuaidh, Oileán Ciarraí
Created : 16 May 2023, 10:25 AM
Archived : 16 Jul 2023, 12:00 AM
Bealtaine 11, 2023
 
Bhain Marco Szczepaniak an 3ú háit amach sa Léim Ard faoi 14 bliana d'aois.
 
Bhain Luka Deimontaite an 2ú háit amach sa Chaitheamh Meáchain faoi 15 bliana d'aois.
 
Bhain Kieran Ó Catháin an 2ú háit amach sa Rás 200m faoi 15 bliana d'aois.
 
 
32.png32.png32.png Comhghairdeachas libh go léir! 32.png
Lúthchleasaíocht - Raoin is Faiche Chiarraí Thuaidh, Oileán Ciarraí
Created : 16 May 2023, 10:22 AM
Archived : 16 Jul 2023, 12:00 AM
 
Bealtaine 9, 2023
 
Caitheamh Meáchain faoi 14 - Sa chéad áit:Tomás Ó Móráin 
 
Caitheamh Meáchain faoi 15 - Sa chéad áit: Kieran Ó Catháin le curiarracht nua
 
Rás 100m - Sa chéad áit : Diarmuid Ó Ciardhubháin 
 
Rás 800m - Sa dara háit: Sibéal Ní Shéaghdha 
 
Léim Ard - Sa triú háit : Ríona Ní Chuinn 
 
 
32.png32.png32.png Comhghairdeachas libh go léir! 32.png
#GaiscíPCD2023
Created : 15 May 2023, 9:46 AM
Archived : 15 Jul 2023, 12:00 AM
Is mo gaisce atá bainte amach ag daltaí na Pobalscoile i rith na bliana.
 
Dé hAoine ag searmanas bronnta #GaiscíPCD2023 bhí Caitlín Ní Shúilleabháin, Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga Thobar Dhuibhne i láthair chun dhá ghradam ana speisialta a bhronnadh.
 
Bronnadh an Gradam Gaisce Gaeltacha ar Ruairí Ó hÓgáin agus ar Tom Ó Neachtain i mBliain 4 agus bronnadh an Gradam Gaeltachta ar Shibéal Ní Ógáin i mBliain 6.
 
Dhá ghradam a bhí tuillte ó thalamh ag an triúr agaibh!  Comhghairdeachas libh.
Tráth na gCeist Staire
Created : 12 May 2023, 1:31 PM
Archived : 12 Jul 2023, 12:00 AM

 

Go n-éirí le Sarah Ní Allaráin, Katie Ní hÉanacháin, Ruadhán Ó Dálaigh agus Oisín Ó Dubhda a bheidh ag glacadh páirte sa Chomórtas Náisiúnta i dTráth na gCeist Staire don tSraith Shóisearach de chuid Chumann Múinteoirí Staire  na hÉireann. Beidh sé ar siúl amárach @11:30 r.n i gColáiste Iosagáin, Baile Átha Cliath. 

Lón Sóisialta do na Coistí Gaeilge le chéile!
Created : 12 May 2023, 8:32 AM
Archived : 12 Jul 2023, 12:00 AM
 
Coiste Gaeilge PCD agus Coiste Gaeilge Choláiste Íde i dteannta chéile agus tuairimí luachmhara á roinnt acu le chéile!32.png32.png32.png
 
 
 
Laochra Am Lóin #3
Created : 10 May 2023, 9:57 PM
Archived : 10 Jul 2023, 12:00 AM

Ba é an t-aisteoir Gearóid Ó Cíobháin ó Bhaile Riabhach an aoi speisialta a bhí linn do Laochra Am lóin inniu. Tá Gearóid ag obair i Ros na Rún agus labhair sé leis na daltaí faoina chuid oibre agus an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge agus an scéalaíocht ina shaol.

 
Bhí sé ana shuimiúil agus bhain gach éinne ana shásamh as!