Displaying 391-400 of 1275 results.
Bronnadh an duais mhór, an ríomhaire glúine ar Shinéad Ní Mhuircheartaigh, Bliain 5 maidin inniu.
Created : 26 May 2023, 1:12 PM
Archived : 26 Jul 2023, 12:00 AM

An Crannchur Mór do Chomórtas Labhairt na Gaeilge 32.png32.png

Bronnadh an duais mhór, an ríomhaire glúine ar Shinéad Ní Mhuircheartaigh, Bliain 5 maidin inniu. B'í Méabh Breathnach a bhuaigh duais an mhúinteora!  Comhghairdeachas libh beirt! 32.png32.png.
 
Labhair í, Is leatsa í 32.png32.png

 

 
Comórtas Labhairt na Gaeilge 2023
Created : 25 May 2023, 1:07 PM
Archived : 25 Jul 2023, 12:00 AM
Beidh an crannchur don ríomhaire glúine againn maidin Dé hAoine!
 
Labhair í agus mairfidh sí!
Bliain 3, 2022-23
Created : 25 May 2023, 12:57 PM
Archived : 25 Jul 2023, 12:00 AM

Bronnadh duaiseanna agus tugadh aitheantas do dhaltaí Bhlian a 3 as an iarracht iontach atá déanta acu i mbliana. Chaith siad an lá ar Thrá Fhionn Trá tar éis.
Go n-éirí libh sna scrúduithe stáit32.png

An Pobalscoil bainte amach ag Eoghan díreach in am do ranganna ar a 9!!!
Created : 25 May 2023, 11:10 AM
Archived : 25 Jul 2023, 12:00 AM

Rith ár gcomhghleacaí, Eoghan Ó Gealbháin ó Thrá Lí maidin inniu i gcuimhne ar a mháthair Anne a fuair bás d’ailse i 2016. Suaimhneas síoraí dá hanam dílis. Tá €13,265 bailithe aige cheana féin ar mhaithe le Cumann Tacaíochta Ailse Chiarraí agus Ospís Chiarraí.

 
Comhghairdeachas Eoghan.
Slán leis an Ardteist 2022-23
Created : 25 May 2023, 10:59 AM
Archived : 25 Jul 2023, 12:00 AM
Tá an rang ar fad ag scaoileadh faoi thráigh Fhionn Trá i dteannta chéile. 32.png
 
 

 

 
Searmanas bronnta 'Slán leis an Ardteist'
Created : 25 May 2023, 10:49 AM
Archived : 25 Jul 2023, 12:00 AM
24/05/2023
 
Bhí pobal uile na scoile, tuismitheoirí san áireamh i láthair maidin inniu d'Aifreann speisialta chun slán a fhágaint ag rang na hArdteiste 2023.
 
Bronnadh dalta na bliana 2023 ar Shibéal Ní Ógáin agus an gradam tuillte go dóite aici.  Tá an rang ar fad ag scaoileadh faoi thráigh Fhionn Trá i dteannta chéile. 32.png
 
Braithfimid uainn go mór sibh.
 
Guímid gach rath orthu sna scrúduithe! 
Bliain 1 ar fad le chéile agus deireadh na bliana á gceiliúradh acu!
Created : 24 May 2023, 1:33 PM
Archived : 24 Jul 2023, 12:00 AM
Bhí ana lá ag Bliain a 1 na bliana seo 2022/2023 le chéile ar thráigh Fhionn Trá Dé Máirt! 
Ócáid na hIdirbhliana á cheiliúradh ag tuismitheoirí, múinteoirí agud daltaí PCD!
Created : 24 May 2023, 1:24 PM
Archived : 24 Jul 2023, 12:00 AM
Bhí ócáid cheiliúrtha na hIdirbhliana againn sa scoil tráthnóna Dé Luain seo caite.  Bronnadh gradaim agus tugadh aitheantas do na daltaí go léir sa rang as an iarracht iontach a dheineadar i rith na bliana. 
 
Bronnadh dalta na bliana 2023 ar Tom Ó Neachtain agus Méabh Ní Dhúbhda.  Comhghairdeachas libh beirt! 
 
D'fhágadar an scoil maidin inniu agus iad ag tabhairt faoin gCamino! 
 
Buen Camino!
Cluichí raoin is faiche na Mumhan
Created : 24 May 2023, 1:12 PM
Archived : 24 Jul 2023, 12:00 AM

Comhghairdeachas le Diarmuid Ó Ciardhubháin a bhain an tríú háit amach sa rás 100m ag cluichí raoin is faiche na Mumhan le déanaí! 

Lúthchleasaíocht
Created : 24 May 2023, 1:10 PM
Archived : 24 Jul 2023, 12:00 AM
Bhí lá iontach ag daltaí scoile na Ríochta sna cluichí raoin is faiche na Mumhan ag an deireadh seachtaine, Keiran Ó Catháin ón bPobalscoil san áireamh!.  D'éirigh le Keiran an curiarracht a bhí ann le 44 bliain anuas a shárú sa chomórtas caitheamh meáchain.  Chaith sé an meáchain 15.14m. Ní hamháin san ach bhain sé an tríú háit amach sa rás 200m an lá céanna.  Bail ó Dhia air!
Comhghairdeachas ó chroí Kieran!  Beidh na Cluichí Náisiúnta ar siúl ar an 4ú agus 5ú Meitheamh, 2023.