Displaying 381-390 of 1275 results.
Cluiche leathcheannais sna Mionúir ar an Satharn!
Created : 23 Jun 2023, 4:02 PM
Archived : 23 Aug 2023, 12:00 AM
Go n-éirí le Seán, James, Aodhna agus Paudie atá ar phainéal Mionúir Chiarraí agus a bheidh á fhéachaint le Muineachán ar an Satharn beag seo @ 2:30 i.n.
 
Lúthchleasaíocht
Created : 20 Jun 2023, 2:04 PM
Archived : 20 Aug 2023, 12:00 AM

Bonn óir buaite ag  David Ó Catháin, Bliain 6, sa rás 800m faoi 19 bliana d’aois agus bonn óir buaite ag Kieran Ó Catháin, Bliain 3,  sa chaitheamh meáchain faoi 16 bliana d’aois ag an deireadh seachtaine. 

Comhghairdeachas libh! 

Turas na hIdirbhliana ar an gCamino de Santiago , 2023
Created : 16 Jun 2023, 6:59 PM
Archived : 16 Aug 2023, 12:00 AM

Cur síos an-deas ag Molscéal ar thuras na hIdirbhliana ar an gCamino de Santiago le déanaí. Sheas an traenáil ar fad a bhí déanta acu roimhré leo! ‍


https://www.instagram.com/reel/CtjjYx0J1Y-/?igshid=NTc4MTIwNjQ2YQ==

Lúthchleasaíocht
Created : 10 Jun 2023, 2:26 PM
Archived : 10 Aug 2023, 12:00 AM

Tá Kieran roghnaithe ar fhoireann na Mumhan dos na cluichí Tailteann. Beidh Craobhchomórtais na gCúigí ar siúl i gCeatharlach ar an 26ú Meitheamh, 2023.  Comhghairdeachas Kieran agus go n-éirí go geal leat agus leis na hiomaitheoirí go léir!

Cluiche Ceannais na Mumhan sna Mionúir ar an Aoine!
Created : 31 May 2023, 7:51 PM
Archived : 31 Jul 2023, 12:00 AM

Go n-éirí le Seán, James, Aodhna agus Paudie atá ar phainéal Mionúir Chiarraí agus a bheidh á fhéachaint le Corcaigh ar an Aoine beag seo i bPáirc Aibhistín de Staic @ 7:30 i.n.

 
Junk Kouture
Created : 31 May 2023, 9:37 AM
Archived : 31 Jul 2023, 12:00 AM

Beidh saothair Aishe agus Kate ar taispeáint i bPríomh Mhúsaem Chiarraí ar an 10ú Meitheamh, 2023. Bígí ann!

Ceiliúradh Dheireadh na Bliana do Bhliain 2
Created : 31 May 2023, 9:30 AM
Archived : 31 Jul 2023, 12:00 AM
Tugadh aitheantas do gach aon dalta as an iarracht agus an comhoibriú lena chéile agus le foireann na scoile. Bronnadh aitheantas ar leith don spóirt, Gaeilge, tinreamh agus ar dhalta an ranga.

Bhí lá iontach acu ar Thráigh Fhionn Trá an tseachtain seo caite. Tá an t-ádh dearg linn go bhfuil a leithéid d'áiseanna nádúrtha timpeall orainn!
Bonn Óir buaite ag Jude Ní Riain sna Cluichí Pobail i mBaile an Ghaill Mhóir!
Created : 30 May 2023, 12:04 PM
Archived : 30 Jul 2023, 12:00 AM

Bhain Jude Ní Riain, Bliain 1, agus foireann cailíní Chiarrraí faoi 16 bliana d’aois an chéad áit amach sa rás 7km sna Cluichí Pobail ag an deireadh seachtaine. Comghairdeachas Jude agus na cailíní go léir a bhí ag rith i do theannta 32.png32.png32.png32.png32.png32.png

Fágfaimid slán lenár gCúntóir Teangan Fraincise aoibhinn álainn Amélie!
Created : 30 May 2023, 11:59 AM
Archived : 30 Jul 2023, 12:00 AM

Bhí Amélie inár dteannta le bliain anuas. Bhí sí sásta páirt a ghlacadh i ngach gné de shaol na scoile - daltaí a phrapáil dos na scrúduithe béil, bhíodh sí ag cabhrú sa cheaintín am sosa agus lóin,  dhein sí crepes pour la Chandeleur, chuaigh sí ar an turas go Páras agus d'fhreastail sí ar na ranganna Fraincise go léir ó Bhliain 1- 6. Braithfimid uainn tú Amélie!

Ócáid dheireadh na bliana do Bhliain 5
Created : 30 May 2023, 10:40 AM
Archived : 30 Jul 2023, 12:00 AM

Bronnadh roinnt duaiseanna ar dhaltaí Bhliain 5 ag searmanas bronnta maidin inniu.  Cuireadh tús leis an ócáid le píosa álainn ceoil ó Aisling Ní Dhubhaigh, Caitlin agus Isabel Holden.  Bronnadh duaiseanna don tinreamh is fearr, iarracht agus comhoibriú i rith na bliana, cúrsaí spóirt, an Coiste Gaolainne, Dalta na Gaolainne agus Dalta an Ranga.  Cuireadh clabhsúr leis an ócáid le píosa rap a bhí cumtha ag na daltaí leis an rapálaí, Séamus Barra Ó Súilleabháin agus The Kabin Studios níos túisce sa bhlain!