Displaying 371-380 of 1275 results.
Máire-Eilís i bPáirc an Chrócaigh inniu!
Created : 13 Aug 2023, 4:00 PM
Archived : 13 Oct 2023, 12:00 AM
Cluiche Ceannais Pheil na mBan 2023. Máire-Eilís Nic Gearailt, ó bhliain a haon, ag tabhairt amach an liathróid caide go dtí an réiteoir! Go n-éirí go geal le Niamh agus Louise agus leis an bhfoireann uile.
Cluiche Ceannais Pheil na mBan 2023 - Máire-Eilís ag tabhairt amach an liathróid caide go dtí an réiteoir!
Created : 10 Aug 2023, 3:21 PM
Archived : 10 Oct 2023, 12:00 AM

Go n-éirí le Louise agus le Niamh, iarscoláirí dár gcuid, atá ag imirt le foireann Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh sa Cluiche Ceannais. 

 

Beidh Máire-Eilís Nic Gearailt, ó bhliain a haon, 'Mini Louise,' ag tabhairt amach an liathróid caide go dtí an réiteoir Dé Domhnaigh! 

 

Go n-éirí go geal libh agus leis an bhfoireann uile. Ciarraí abú!

 

Comhghairdeachas le Hannah Nic Gearailt agus le Sadhbh Ní Shlattara!
Created : 10 Jul 2023, 12:30 PM
Archived : 10 Oct 2023, 12:00 AM

Cluiche leathcheannais na hÉireann faoi 16B!

Comhghairdeachas le Hannah Nic Gearailt agus le Sadhbh Ní Shlattara ó Bhliain a 3 a bhí ar fhoireann bhuacach cailíní Ciarraí faoi 16 le déanaí. Go n-éirí libh sa Chluiche Ceannais

Craobhchomórtas na hEorpa 2023!
Created : 24 Jul 2023, 9:22 AM
Archived : 24 Sep 2023, 12:00 AM

Tá Foireann Cispheile na hÉireann faoi 18 ag glacadh páirt i gCrobhchomórtas na hEorpa sa Phortaingéil i láthair na huaire. Beidh an cluiche idir Éirinn agus an Chosaiv á chraoladh beo ar https://www.fiba.basketball/europe/u18b/2023 @ 20:30 i.n. amárach an 25ú Iúil. Guímid gach rath orthu go mór mhór le hAivaras Uosis, Bl.6, atá mar chaptaen i mbliana.  

Bonn Óir buaite a Kieran Ó Catháin sna Cluichí Náisiúnta Raoin is Faiche.
Created : 03 Jun 2023, 1:08 PM
Archived : 23 Sep 2023, 12:00 AM
  Comhghairdeachas ó chroí Kieran! 
Comórtas JA Europe #Gen_E beo ar líne!
Created : 12 Jul 2023, 8:49 AM
Archived : 12 Sep 2023, 12:00 AM
Beidh daltaí na Pobalscoile beo ar líne ó Istanbul na Tuirce www.youtube.com/live/P5Y0RKNfwt0?feature=share
Acadamh Cispheile!
Created : 10 Jul 2023, 12:03 PM
Archived : 10 Sep 2023, 12:00 AM

Comhghairdeachas le Barry Ó Éanacháin, Bliain 1, atá roghnaithe ar Acadamh Cispheile Scoileanna an Iardheiscirt faoi 15 bliana d’aois atá ar siúl i rith an tsamhraidh.

 

 

Go n-éirí go geal le Daedalus Sports i gCraobh na hEorpa in Iostanbúl!
Created : 10 Jul 2023, 8:56 AM
Archived : 10 Sep 2023, 12:00 AM

Go n-éirí  le Cian, Padraig, Cathal agus Tadhg atá sna iomaíocht le fiontraithe óga ó bhallstáit eile an AE in Iostanbúl an tseachtain seo

Ní rachaidh do chosaint béil amú níos mó leis an smaoineamh seo ó fhoireann Phobalscoil Chorca Dhuibhe – póca ar an stoca peile don chosaint béil!

 

Tá vóta poiblí don gcomhlacht is fearr san Eoraip oscailte anois agus bheimis ana-bhuíoch dá gcaithfeadh sibh vóta dóibh.

Chun vótáil téir go dtí https://expo.gen-e.eu/expo .

Brúigh ar “Expo Area

Brúigh ar “JA Company

Roghnaigh “ Daedalus Sports

Brúigh ar “Vote!

 

 

Lúthchleasaíocht
Created : 27 Jun 2023, 6:19 PM
Archived : 27 Aug 2023, 12:00 AM
Tá Kieran Ó Catháin roghnaithe ar fhoireann na hÉireann dos na cluichí idirnáisiúnta a bheidh ar siúl in Albain ar an 15ú Iúil, 2023.  Comhghairdeachas Kieran agus go n-éirí go geal leat.
Cluichí Tailteann
Created : 24 Jun 2023, 6:15 PM
Archived : 24 Aug 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Kieran Ó Catháin a bhain an tríú háit amach sa chaitheamh meáchain ag na cluichí Tailteann inniu. Ardfhear Kieran!