Displaying 361-370 of 1275 results.
Junk Kouture
Created : 12 Sep 2023, 2:31 PM
Archived : 12 Nov 2023, 12:00 AM
Is cúis mhór áthais agus bróid dúinn go mbeidh saothar Aishe, Human Composition agus saothar Kate agus Aoife, Tarbh na dTonnta, ar taispeáint i Londain agus i Meiriceá mar chuid d'fheachtas bolscaireachta Junk Kouture 2024.
Sparántacht an Bhlascaoid 2023
Created : 11 Sep 2023, 9:54 AM
Archived : 11 Nov 2023, 12:00 AM
Bronnadh Sparántacht an Bhlascaoid na bliana seo ar Shibéal Ní Ógáin agus Antaine Ó Séaghdha in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin i rith an deireadh seachtaine.
Comhghairdeachas ó chroí libh beirt!
Ceiliúradh an Bhlascaoid
Created : 11 Sep 2023, 9:50 AM
Archived : 11 Nov 2023, 12:00 AM
Ba mhór an onóir dúinn cuireadh a bheith faighte againn a bheith páirteach i gCeiliúradh an Bhlascaoid i rith an deireadh seachtaine.
Comhghairdeachas leis na daltaí seo a leanas a dhein éacht ar stáitse ar son na scoile:
Katie Ní Éanacháin (Rince)
Seibéal Ní Shéaghdha agus Éimhín Dalby (Agallamh Beirte)
Caoimhe Ní Chíobháin (Amhránaíocht)
Máiréad Ní Dhubhaigh (Rince agus ag seinnt ceoil)
Aisling Ní Dhubhaigh (Ag seinnt ceoil)
Caitlin Holden (Ag seinnt ceoil)
Siúlóid Bhl. 4!
Created : 08 Sep 2023, 12:14 PM
Archived : 08 Nov 2023, 12:00 AM
Bhí lá iontach acu ar Thráigh Fhionn Trá inné.
Turas Corpoideachais an ATF
Created : 08 Sep 2023, 11:22 AM
Archived : 08 Nov 2023, 12:00 AM
Bhí ana thráthnóna againn thiar san ionad gailf dhá láimhe. D’imríomar galf dhá mhaide agus sacar galf.
Is aoibhinn beatha an scoláire!
Craobh Uile-Éireann Rámhaíocht Chósta na hÉireann
Created : 06 Sep 2023, 2:08 PM
Archived : 06 Nov 2023, 12:00 AM
Tháinig Seán Mac an tSíthigh, Cian Ó Gallchobhair, Finn Slattery-Dunk agus Stanley Knight le Peadar Ó Riagáin, sa chéad áit sa Rás fé18 Buachaillí agus an chéad áit i Rás Noibhíseach na bhFear.
Bhain Hannah Nic Gearailt, Béibhinn Nic an tSíthigh, Emily Nic Gearailt Hannah Ní Ghrainbhil agus Peadar Ó Riagáin an chéad áit amach i Rás na gCailíní fé 18 agus Hannah, Béibhinn, Hannah Nic Gearailt, Maunza le Peadar Ó Riagáin an chéad áit i Rás Noibhísean na mBan.
Éabha Ní Shiúrdáin, Orlaith Nic an Rí, Sasha Nic a`tSíthigh agus Hannah Ní Ghrainbhil a tháinig sa dara háit i rás na gcailíní fé 16.
Milo Poirier-Ó Dobhailen, Konrad Kopec, Ruairí Ó Faoláin Bl. 2 agus Luke Ó Beaglaoich Bl. 1 a tháinig sa tríú háit i rás na mbuachaillí fé 14.
Comhghairdeachas libh!
Leathmharatón an Daingin 2023
Created : 02 Sep 2023, 9:09 PM
Archived : 05 Nov 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Ciara Ní Shé, Sibéal Ní Ógáin agus David Ó Catháin a chríochnaigh an leathmharatón i bparóiste na gréine, Dún Chaoin.
Teagascóirí Aos Oideachais ag teastáil /Adult Education Tutors required
Created : 25 Aug 2023, 12:34 PM
Archived : 25 Oct 2023, 12:00 AM
Go n-éirí go geal le Rang na hArdteiste 2023 inniu!
Created : 25 Aug 2023, 9:39 AM
Archived : 25 Oct 2023, 12:00 AM
Bliain 1, 2023. Fáilte!
Created : 25 Aug 2023, 9:33 AM
Archived : 25 Oct 2023, 12:00 AM
Ba mhór againn fáilte mhór a chur roimis ár scoláirí nua i mBl.1 a thosaigh linn maidin inniu.