Displaying 351-360 of 1275 results.
Féile Bia an Daingin
Created : 29 Sep 2023, 12:25 PM
Archived : 29 Nov 2023, 12:00 AM
Beidh taispeántas ag daltaí na hIdirbhliana ar an Domhnach beag seo taobh le Séipéal Naomh Séamus ar an bPríomhshráid. Tiramisu a bheidh acu daoibh déanta as táirgí áitiúla. Ár mbuíochas le Acumeen Farm, The Dingle Farm, Bean in Dingle, Drioglann an Daingin agus Éalú as a gcuid tacaíochta.
Cispheil na gCailíní
Created : 26 Sep 2023, 10:33 AM
Archived : 26 Nov 2023, 12:00 AM
Bhí na cailíní fé 19 agus fé 16 ag imirt as baile inné i gcoinne Tairbeart.
Comórtas Labhairt na Gaelainne ag tosnú maidin Dé Luain!
Created : 24 Sep 2023, 11:42 AM
Archived : 24 Nov 2023, 12:00 AM
Dearbhán do Shiopa Spóirt Uí Ghairbhia roimis na Nollag agus Ríomhaire Glúine roimis laethanta saoire an tsamhraidh le buachaint. Bronnfar spotduais gach Aoine chomh maith.
Má chloistear dalta ag caint as Gaelainn taobh amuigh den seomra ranga (labhartar Gaelainn istigh sa tseomra ranga ar aon nós), sna pasáistí nó amuigh sa chlós, cuirfear ainm an dalta sin agus ainm an mhúinteora isteach sa chrannchur. Dá mhéid babhtaí a chloistear an dalta ag caint as Gaelainn is ea is mó babhtaí a chuirfear an ainm sa chrannchur agus is mó seans go mbuafaidh an dalta an duais!
Níl le déanamh agaibh ach Gaelainn a labhairt le chéile!

Aisteoirí Bhréanainn
Created : 22 Sep 2023, 11:54 AM
Archived : 24 Nov 2023, 12:00 AM
Go n-éirí le Tom, Grace, Róisín agus Diarmuid a bheidh ar stáitse sa Díseart tráthnóna anocht mar chuid d'Oíche Chultúir 2023. 
Maidin chaife
Created : 22 Sep 2023, 12:20 PM
Archived : 22 Nov 2023, 12:00 AM
Cluichí Pobail san Ealaín 2023
Created : 22 Sep 2023, 12:11 PM
Archived : 22 Nov 2023, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Sofia Samoilenko agus le Daire Ó Faoláin, Bliain 2, a tháinig sa dara háit i gCiarraí sna Cluichí Pobail lena saothar ealaíne. Bhronn an Príomhoide Éamonn na boinn airgid orthu ar maidin.
Polathollán
Created : 19 Sep 2023, 11:25 AM
Archived : 19 Nov 2023, 12:00 AM
Tá sárobair déanta ag daltaí an ATF sa pholathollán le déanaí. Beidh síolta á gcur acu sar i bhfad!
Tobar Dhuibhne 2023
Created : 19 Sep 2023, 10:59 AM
Archived : 19 Nov 2023, 12:00 AM
Tapaidh do dheis!
Gaeilge do thuismitheoirí ag tosnú sa Phobalscoil an mhí seo chugainn.
Turas Bhl.6 ar an mBlascaod Mór
Created : 15 Sep 2023, 12:06 PM
Archived : 15 Nov 2023, 12:00 AM
Bhí ana-lá ag Bliain 6 ar an mBlascaod Mór inné.
Craobhacha Rince Náisiúnta na hÉireann 2023
Created : 13 Sep 2023, 11:22 AM
Archived : 13 Nov 2023, 12:00 AM
Go n-éirí le Sadhbh Madeley, Bl.2, Mairéad Ní Dhubhaigh agus Katie Ní Éanacháin, Bl. 4 a bheidh ag rince sa Chraobh Náisiúnta uile-Éireann ag an deireadh seactaine i gCill Airne.