Displaying 341-350 of 1180 results.
Cuairt West Springfield High School ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne
Created : 21 Apr 2023, 11:37 AM
Archived : 21 Jun 2023, 12:00 AM

Chuir Comhairle na Mac Léinn agus an Coiste Gaolainne fáilte chroíúil roimh scoláirí, múinteoirí agus tuismitheoirí WSH ar an 15 ú Aibreán i dtábhairne An Marina Inn.

Cluichí Pobail
Created : 21 Apr 2023, 10:03 AM
Archived : 21 Jun 2023, 12:00 AM

Cluichí Pobail 32.png32.png32.png

Ghlac Jude Ní Riain, Bl.1 agus Tiernan Ó Loinsigh, Bl.2 páirt sa rás 7km faoi 16 bliana d'aois ag na Cluichí Pobail i gCorra Dé Máirt seo caite. Tá an bheirt acu cáilithe anois do na Cluichí Pobail Náisiúnta a bheidh ar siúl i mBaile an Ghaill Mhóir (Gormanstown) ar an 27ú Bealtaine. Comhghairdeachas libh agus go n-éirí go geal libh sna Cluichí Uile Éireann.
Craobh Náisiúnta do Chlár na gComhlachtaí buaite ag Cian Mac Gearailt, Cathal Ó Fearghail-Grommell agus Pádraig Ó Muircheartaigh!
Created : 20 Apr 2023, 5:10 PM
Archived : 20 Jun 2023, 12:00 AM
Tá 'Soláithrí Spóirt Chiarraí' ag dul ar aghaidh chuig Craobh na hEorpa a bheidh ar siúl in Iostanbúl!  rachaidh do chosaint béil amú níos mó leis an smaoineamh seo ó fhoireann Phobalscoil Chorca Dhuibhe – póca ar an stoca peile don chosaint béil!
 
 
 
#Fiontraithe Óga 2023
Created : 20 Apr 2023, 4:36 PM
Archived : 20 Jun 2023, 12:00 AM
Tá na daltaí seo a leanas, , Cathal Ó Fearghail-Grommell, Pádraig Ó Muircheartaigh, Cian Mac Gearailt, Ruairí Ó hÓgáin, Diarmuid Ó Séaghdha agus Leo de Brún, Cathal Ó Dufaigh sa Ghaillimh inniu agus iad ag glacadh páirte sa chomórtas Fiontraithe Óga 2023.
 
Go n-éirí libh!
Ceardlann Seite
Created : 20 Apr 2023, 3:24 PM
Archived : 20 Jun 2023, 12:00 AM

 

 32.png  Christy agus rang na hIdirbhliana ag múineadh cúpla steip dár gcairde ó West Springfield High School ar maidin!
 
 
Iarscoláire na Pobalscoile, Barra Ó Súilleabháin
Created : 20 Apr 2023, 10:03 AM
Archived : 20 Jun 2023, 12:00 AM

Guímid gach rath ar Bharra Dan Ó Súilleabháin, iarscoláire dár gcuid, atá ar phainéal Caide Sinsir Chiarraí i mbliana. Tá píosa an-deas spreagúil scríofa ag Fintan O' Toole faoi ceangailte thíos.

Aistear na nGael - Campa Samhraidh seachtaine.
Created : 20 Apr 2023, 9:19 AM
Archived : 20 Jun 2023, 12:00 AM

Campa Samhraidh seachtaine. Bígí linn i gCorca Dhuibhne ó 9-16 Lúnasa.

Fáilte roimh dhéagóirí atá 13-15 bliana d'aois ó na Gaeltachtaí ar fad agus an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu. 

Spórt is spraoi!

Léiriú Spéise: buff.ly/3nCoHqB 

 

Laochra Am Lóin #2
Created : 19 Apr 2023, 12:12 PM
Archived : 20 Jun 2023, 12:00 AM
  
Togra nua idir 'Tobar Dhuibhne' agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne ina dtugtar cuireadh do roinnt scoláirí bualadh le haoi speisialta rúnda thíos faoin mbaile am lóin uair sa mhí. 32.png32.png32.png
 
Inné ba í an t-ealaíontóir, Áine Ní Chíobháin a chuir fáilte rompu. Bhí ana chuileachta acu ina teannta. Bhí sé an-deas bualadh leis an gCoiste Gaolainne ó Choláiste Íde chomh maith inné.
 
Thug Áine síos Lána an Phúca iad agus mhínigh dóibh mar gheall ar na múrmhaisithe atá le feiscint ar na fallaí! 
 
An bhfuil a fhios agatsa cad ina thaobh go dtugtar Lána an Phúca air? Eachtraigh dúinn...
 
 
Ceardlann Scannánaíochta
Created : 18 Apr 2023, 2:45 PM
Archived : 18 Jun 2023, 12:00 AM
 Sa cheardlann scannánaíochta is deireanaí a bhí ag daltaí na hIdirbhliana, d'fhoghlaim siad faoi bheochan íomhá ar íomhá [Stop-motion Animation] 
Táimid ag súil lena gcuid oibre a fheiceáil go luath!
Cairt Inbhuanaitheacht Chorca Dhuibhne
Created : 18 Apr 2023, 10:40 AM
Archived : 18 Jun 2023, 12:00 AM

Bhí daltaí ó Chomhairle na Mac Léinn agus ó Choiste Gaolainne na Pobalscoile, Ella Ní Ainiféin, Tom Ó Neachtain agus Ruairí Ó hÓgáin chomh maith le daltaí ó West Springfield High School Massachusetts, SAM agus Conor Cordubh páirteach in ócáid in Óstán na Sceilge inné nuair a deineadh an chairt inbhuanaitheacht a lainseáil go hoifigiúil.