Displaying 201-210 of 1275 results.
COP an Daingin
Created : 12 Mar 2024, 8:52 AM
Archived : 12 May 2024, 12:00 AM

Is leagan áitiúil é COP an Daingin de COP28.  Bhí an 28ú comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP28) ar siúl ón 30 Samhain go dtí an 13 Nollaig 2023 in Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Is í an aidhm atá ag COP an Daingin agus COP 28 ná gníomhú an duine ar son na haeráide ar mhaithe na timpeallachta a spreagadh. Is féidir athruithe beaga, simplí, difríochtaí móra a dhéanamh chun feabhas a chur ar bhithéagsúlacht agus laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí.  Bígí linn!

Tráth na gCeist ‘Feachtas’
Created : 12 Mar 2024, 8:48 AM
Archived : 12 May 2024, 12:00 AM

Ghlac daltaí ón bPobalscoil páirt sa chomórtas craoibhe de Thráth na gCeist Boird ‘Feachtas’ a reachtáladh i mBÁC Dé Máirt seo caite.

Lá Domhanda na Leabhar.
Created : 12 Mar 2024, 8:44 AM
Archived : 12 May 2024, 12:00 AM
Daniel Ó Broin, Bliain 6, a bhuaigh an Comórtas uile scoile do Lá Domhanda na Leabhar Comhghairdeachas Daniel.
Seachtain na Gaelainne
Created : 11 Mar 2024, 10:48 AM
Archived : 11 May 2024, 12:00 AM

Bhí cad é craic is ceol ag bliain 1, 2 agus 3  le Christy Mac Gearailt do Sheachtain na Gaelainne..hup

Comórtas Labhairt na Gaelainne.
Created : 11 Mar 2024, 10:41 AM
Archived : 11 May 2024, 12:00 AM

Comhghairdeas le Luka Deimontaite, bliain 2, a bhuaigh comórtas labhairt na Gaelainne na seachtaine seo.

Cór SHU anocht.
Created : 08 Mar 2024, 1:02 PM
Archived : 08 May 2024, 12:00 AM

Beidh cór SHU i Séipéal an Daingin anocht @ 19:30. Ar mhaithe leis an gCubbie atá sé. 

Bígí ann!

Dornálaíocht le Tip Delaney
Created : 08 Mar 2024, 11:51 AM
Archived : 08 May 2024, 12:00 AM

Bhí ana-lá ag rang na hidirbhliana le Tip Delaney, an dornálaí. 

 
Bl 4 ag ullmhú don Chamino
Created : 08 Mar 2024, 10:18 AM
Archived : 08 May 2024, 12:00 AM

Chuaigh bliain 4 ar shúilóid ón Droichead Bán go Cam Amhais and isteach trí Mhullach Bhéil chomh fada leis an gClochán. Táid ag ullmhú do Chamino na Spáinne i Mí na Bealtaine.

Laochra Am Lóin
Created : 08 Mar 2024, 8:40 AM
Archived : 08 May 2024, 12:00 AM

Míle buíochas le John Prendergast ó Thobar Dhuibhne a d’eagraigh seisiún iontach eile de ‘Laochra Am Lóin’ do Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus do Choláiste Íde, sa Díseart , an tseachtain seo. Bhí aoichainteoir álainn againn in Aoife Ní Chonchúir, a labhair ar a gairm bheatha mar dhlíodóir anseo sa Daingean agus i mBaile Átha Cliath.  Chuir sí comhairle den chéad scoth ar ár scoláirí agus cuid acu ag tabhairt faoin Ardteist i mbliana.

Míle buíochas le John agus Aoife agus leis an Díseart. 
Rang amhránaíochta.
Created : 08 Mar 2024, 8:36 AM
Archived : 08 May 2024, 12:00 AM

Bhí rang iontach eile amhránaíochta ag Bliain 2 le Aine Uí Laoithe. Míle buíochas Áine