Displaying 241-250 of 1275 results.
Cispheil na gCailíní
Created : 26 Jan 2024, 12:22 PM
Archived : 26 Mar 2024, 12:00 AM
Bhuaigh foireann PCD 1 , an cluiche cispheile i gcoinne Meánscoil na Toirbhirte, Trá Lí. 
Comhghairdeachas libh! 
Cispheil na gCailíní Bhl.2
Created : 26 Jan 2024, 12:17 PM
Archived : 26 Mar 2024, 12:00 AM
Níor éirigh le foireann PCD2, Bliain 2, an cluiche cispheile i gcoinne Coláiste Pobail Chill Orglan a bhuachaint inné ach dheineadar ana iarracht mar sin féin.
 
Mar a deir an seanfhocal: Éist le fuaim na habhann is gheobhair breac!
Cispheil na gCailíní Bhl.1
Created : 26 Jan 2024, 12:15 PM
Archived : 26 Mar 2024, 12:00 AM
Níor éirigh le foireann cispheile na gcailíní (Bliain 1) an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Mheánscoil na Toirbhirte, Trá Lí
Ócáid bhronnta don mBlagáil
Created : 26 Jan 2024, 12:12 PM
Archived : 26 Mar 2024, 12:00 AM
 
Bhí Treasa Ní Mhainín agus Orla Ruiséal ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne linn ar maidin chun duaiseanna don mBlagáil a bhronnadh ar dhaltaí i mBliain 2  agus 5. Táimid ana bhuíoch d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne as cuireadh a thabhairt dúinn a bheith rannpháirteach sa togra seo aríst i mbliana agus gan dabht as na duaiseanna iontacha a chuireadar ar fáil do na daltaí maidin inniu.
 
Bliain 5:
 
Sa chéad áit agus duais de 145 euro buaite ag Méabh Ní Dhúbhda
Sa dara háit agus duais 70 euro buaite ag Danny Ó Cíobháin
Agus teastas molta, 45 euro buaite ag Tom Ó Neachtain
 
Bliain 2:
 
Sa chéad áit  agus duais de 125 euro buaite ag Katie Ní Mhóráin
Sa dara háit agus 70 euro buaite ag Kayla Ní Churnáin
Agus teastas molta, agus 45 euro buaite ag Mattias Ó Coileáin
 
 
Bliain 5 (2022/2023):
 
Sa chéad áit agus duais 145 euro buaite ag Katie Nic Giolla Easpaigh
Sa dara háit agus duais de 70 euro buaite ag Tadhg Ó Cathail
Agus teastas molta agus duais de 45 euro  buaite ag Katie Nic Gearailt
 
Bliain 2:
 
Sa chéad áit agus duais de 125 euro buaite ag Ruairí Ó hUanacháin
Sa dara háit agus duais 70 euro buaite ag Ríona Bacaéir
Agus teastas molta 45 euro buaite ag Aodhán Ó Súilleabháin
Deiseanna Cainte agus Foghlama
Created : 26 Jan 2024, 11:36 AM
Archived : 26 Mar 2024, 12:00 AM

Deiseanna Cainte agus Foghlama 

Caid na mBuachaillí
Created : 25 Jan 2024, 10:45 AM
Archived : 25 Mar 2024, 12:00 AM

Níor éirigh le foireann caide PCD fé 17 buachtaint ar Abbey CBS i gCorn Liam Uí hUiginn inné.

Ná bac san, beidh lá eile agaibh!
Caid na gCailíní Sóisir
Created : 25 Jan 2024, 10:42 AM
Archived : 25 Mar 2024, 12:00 AM

Comhghairdeachas le foireann caide na gcailíní sóisir a bhuaigh an cluiche a bhí acu i gcoinne Scoil Naomh Eoin Baiste, Gleann Áine i gCnoc Uí Choileáin, Co. Luimneach inné.

Cispheil na mBuachaillí.
Created : 24 Jan 2024, 12:37 PM
Archived : 24 Mar 2024, 12:00 AM

Fuair foireann Cispheile na mBuachaillí, Bliain 1, an ceann is fearr ar bhuachaillí Naomh Iosaf, Baile an Bhuinneánaigh i mbabhta 1 (Pool A) de Shraith Chispheile an Iardheiscirt. Comhghairdeachas libh!

Mar a deireann an seanfhocal, Tús maith leath na hoibre!
 
Rang Sóisialta na hIdirbhliana
Created : 24 Jan 2024, 12:35 PM
Archived : 24 Mar 2024, 12:00 AM

Bhain ár gcairde ó Thobar Eoin sa Daingean an-taitneamh as a bheith sa tseomra aclaíochta sa scoil inniu le daltaí na hIdirbhliana.

Cispheil na mBuachaillí.
Created : 24 Jan 2024, 12:27 PM
Archived : 24 Mar 2024, 12:00 AM

Bhuaigh foireann cispheile na mBuachaillí (Bliain 2) an cluiche i gcoinne Naomh Iosaf, Baile an Bhuinneánaigh  i mbabhta 1 (Pool A) de Shraith Chispheile an Iardheiscirt. 

Comhghairdeachas libh!