Displaying 161-170 of 1275 results.
Tá cluiche ceannais Iarthar na Mumhan faoi 14 buaite ag RCD!
Created : 22 Apr 2024, 12:53 PM
Archived : 22 Jun 2024, 12:00 AM

Comhghairdeas ó chroí le buachaillí RCD a bhuaigh cluiche ceannais Iarthar na Mumhan faoi 14 sa rugbaí.

Craobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí, Údarás na Gaeltachta 2024.
Created : 19 Apr 2024, 2:44 PM
Archived : 19 Jun 2024, 12:00 AM

Tá an Craobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí buaite ag Glan go Glas Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Tá Oisín Ó Dubhda, Cian Ó Gallachóir, Katie Ní hÉanacháin, Riona Ní Ghealbháin agus Kate Ní Shúilleabháin cáilithe anois do Chraobh na hEorpa a bheidh ar siúl i Sicil na hIodáile. Comhghairdeas ó chroí. Táimid an-mhóralach asaibh. Tréaslaímid leis na múinteoirí, Trish Uí h-Éanacháin agus Paula Ní Dhubháin, a chabhraigh leo.

Cispheil na gCailíní.
Created : 19 Apr 2024, 2:37 PM
Archived : 19 Jun 2024, 12:00 AM

Thug foireann chispheile na gcailíní bliain a haon ana-thaispéantas uathu inné. Bhuaigh siad dhá chluiche as trí. Bhuadar i gcoinne Mount Anville agus Loreto Cluain Meala. Chailleadar le dhá phointe i gcoinne Coláiste Treasa, Ceann Toirc.  Ná bac san, a chailíní, beidh lá eile ag an bpaorach!

Rang sóisialta na hIdirbhliana.
Created : 19 Apr 2024, 2:32 PM
Archived : 19 Jun 2024, 12:00 AM

Gach Dé Luain tagann Muintir Camphill agus Tobar Eoin (John of Gods) chuig an scoil óna a 2:00 - 3.20 i.n. Cuireann an rang sóisialta, Bliain 4, fáilte mhór rompu. Meascann siad lena chéile ag déanmah rudaí éagsula, idir cluichí láimhe, cluichí ríomhaire, ceol, tarraingt, agus an giom chomh maith le caint agus comhrá. Thugamar cuairt ar Thobar Eoin cheana agus chuamar chuig Camphill ar an 15ú Aibreán. Chonaiceamar na ba, na hasail agus na gairdíní álainne agus an tslí maireachtála atá acu. Ag deireadh na bliana beidh cóisir againn sa scoil mar is gnáth.

Ceardlann le Cormac Flannery.
Created : 15 Apr 2024, 3:25 PM
Archived : 15 Jun 2024, 12:00 AM

Bhí seans ag daltaí na hIdirbhliana Cormac Flannery a fheiscint i mbun ghailf ag an gcúrsa dhá mhaide sa Daingean.  Táimid fíor-bhuíoch do Cheann Sibéal a d'eagraigh dúinn é.

Iomproirí airgid.
Created : 15 Apr 2024, 3:10 PM
Archived : 15 Jun 2024, 12:00 AM

Bhí na Gardaí ag caint lenár ndaltaí faoi iomproirí airgid. Is fíor le rá nár thuigeadar i gceart, go dtí seo, na hiarmhairtí tubaisteacha a bhaineann lena a leithéad de rud.

Ceardlann Chomhshaoil.
Created : 15 Apr 2024, 3:06 PM
Archived : 15 Jun 2024, 12:00 AM

Ghlac daltaí na hidirbhliana páirt i gceardlann chomhshaoil, le James Fahy. Níl aon dabht go bhfuil tuiscint níos fearr acu anois ar an tábhtacht a bhaineann le comhshaoil shláintiúil, inbhuanaithe a bheith mórthimpeall orthu.

Turas cultúrtha na Pobalscoile go West Springfield 2024.
Created : 15 Apr 2024, 12:25 PM
Archived : 15 Jun 2024, 12:00 AM

Beidh cuimhíne go deo ag daltaí na Pobalscoile ar an turas cultúrtha go West Springfield aimsir na Cásca i mbliana.  Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh rompu i ngach áit a chuadar. Táimid an-bhuíoch agus is léir go bhfuil an comhnasc ag dul ó neart go neart.

Corn Uí Ógáin 2014 - deich mbliana ón lá inniu!!
Created : 12 Apr 2024, 10:52 AM
Archived : 12 Jun 2024, 12:00 AM

Rinne Pobalscoil Chorca Dhuibhne éacht agus staire ar an 12ú Aibreán, 2014 nuair a bhuadar ar Choláiste Phádraig, Maghera i bPáirc an Chrócaigh le scór PCD 1-08, Col. Phádraig 1-06. Seo an cúigiú uair do Chorn Uí Ógáin teacht go Chiarraí agus an chéad uair riamh go Dúthaigh Dhuibhneach. Barra Ó Súilleabháin a bhí mar chaptaen na fóirne. 

Press Pass 2024
Created : 11 Apr 2024, 2:45 PM
Archived : 11 Jun 2024, 12:00 AM

Comhghairdeas le Cian Ó Gallachóir atá cáilithe don Chraobh Press Pass, i mbliana, i roinn Tuairisciú na Nuachta. Go n-eirí go geal leat, a Chian.