Displaying 181-190 of 1275 results.
Lúthchleasaíocht.
Created : 15 Mar 2024, 4:32 PM
Archived : 19 May 2024, 12:00 AM

Tá Craobh na Mumhan sa chomórtas caite meáchain buaite ag Kieran Ó Catháin, Bliain 3.  Comhghairdeachas a Kieran.

Cluiche Ceannais na Mumhan, Corn Uí Bhriain, faoi 19 amárach.
Created : 18 Mar 2024, 6:33 PM
Archived : 18 May 2024, 12:00 AM

Beidh an Cluiche Ceannais na Mumhan ar siúl amárach, an 19ú Márta, i bPáirc Virgin Media, Corcaigh (Musgrave) @ 12:00 meán lae. Beidh Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag tabhairt aghaidh ar Hamilton High School, Droichead na Bandan. Tacaígí leo! 72.png

Seachtain na Gaelainne.
Created : 18 Mar 2024, 6:22 PM
Archived : 18 May 2024, 12:00 AM

Míle buíochas le Killian Mac Gearailt, a bhíonn i gcónaí ar fáil chun lámh chúnta a thabhairt. Ardfhear ar fad.

Comórtas Labhairt na Gaelainne.
Created : 18 Mar 2024, 6:18 PM
Archived : 18 May 2024, 12:00 AM

Comhghairdeas le Bea Ní Loinsigh, a bhuaigh Comórtas labhairt na Gaelainne na seachtaine seo.

Seachtain na Gaelainne.
Created : 18 Mar 2024, 6:15 PM
Archived : 18 May 2024, 12:00 AM

Go raibh míle maith agat, Eimear Ní Chonchúir, as a bheith páirteach in imeachtaí Sheachtain na Gaelainne.

Cé hí/hé?
Created : 18 Mar 2024, 6:13 PM
Archived : 18 May 2024, 12:00 AM

Comhghairdeas le Tadhg Ó Conaill a bhuaigh Comórtas Sheachtain na Gaelainne inniu. 

Seachtain na Gaelainne.
Created : 18 Mar 2024, 6:09 PM
Archived : 18 May 2024, 12:00 AM

Míle buíochas le Aivaras Uosis, iarscoláire agus cara na scoile a tháinig isteach chugainn chun a bheith páirteach in imeachtaí Sheachtain na Gaelainne. Bhí sé nótáilte é a fheiscint ag leathchraobhacha na mbuachaillí bhliain a haon agus a dó inné leis. Buíochas le Cuán Ó Fiannachta, a chabhraigh linn Comórtas Sheachtain na Gaelainne a reachtáil. 

Sábháilteacht Uisce na hÉireann.
Created : 18 Mar 2024, 6:00 PM
Archived : 18 May 2024, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Mairéad Ní Dhubhaigh  agus le Cora Ní Shlattara a cáilíodh mar mhúinteoirí snámha le déanaí, tar éis a lán laethanta traenála agus scrúdaithe a dhéanamh i gCill Airne. Buíochas le Maebh Uí hAiniféin as an gcabhair agus an treoir ar fad thar na blianta.  
Seachtain na Gaelainne
Created : 18 Mar 2024, 5:43 PM
Archived : 18 May 2024, 12:00 AM

Bhain daltaí na hardteiste taitneamh agus tairbhe as Dara Ó Cinnéide a bheith ina bhfochair an tseachtain seo. Corraí cainte a chíoradh mar...

'Ní raibh iompar na seithe ionam'

'Nach é teacht an tsagairt agat é '

'Aithrí  toirní'

'Sciob sceab an ghiorria, sin a raibh againn'

Táimid ana bhuíoch.

Cairde ar an bPeann
Created : 17 Mar 2024, 11:28 AM
Archived : 18 May 2024, 12:00 AM

Ana lá caite ag bliain 2 ag bualadh le Cairde ar an bPeann i nGaelcholáiste Chiarraí. Míle buíochas as an bhfáilte iontach a cuireadh romhainn.