Displaying 211-220 of 1275 results.
Lá Domhanda na Leabhar
Created : 08 Mar 2024, 8:35 AM
Archived : 08 May 2024, 12:00 AM

Inniu is ea Lá Domhanda na Leabhar.  Tá comórtas beag ar súil againn ar scoil An Leabhar agus an muinteoir /scoláire a chur le chéile. Costnóidh sé €2 chun buille faoi thuairim a thabhairt.

Junk Kouture 2024
Created : 07 Mar 2024, 8:34 AM
Archived : 07 May 2024, 12:00 AM

Comhghairdeachas le Claire Piaras Ní Chiobháin , Mairéad Ní Dhubhaigh agus Ellie Nic Gearailt a ghlac páirt sa chraobh reigiúnach Junk Kouture le déanaí sa Helix. Eispéireas iontach dóibh. 

 

Gnó an Rí
Created : 06 Mar 2024, 10:58 AM
Archived : 06 May 2024, 12:00 AM

Léiríodh an scannán, ‘Gnó an Rí,’ lenár n-iarscoláire Malachaí Ó Ciardhubháin, mar chuid do Fhéile Idirnáisiúnta Scannaíochta BÁC ag an deireadh seachtaine. Comhghairdeas ó chroí le Malachaí, lenár múinteoirí agus lenár ndaltaí go léir a bhí páirteach sa ghearrscannán iontach seo. Bhí Páidí Mac Gearailt, Breandán Ó Laoithe agus Ciarán Mac Domhnaill, ó bhliain 6 ag aisteoireacht ann. Chomh maith leo san bhí Kieran Ó Catháin, Bl. 3 agus Tomás Bric, Bl. 2 ina gceoltóirí sa scannán. Bhí Diarmuid Ó Ciardhubháin Bl. 5, Muireann Ní Mhuircheartaigh, Órla May Ní Ghrifín, Ríona Ní Bheaglaoich ó Bl. 2 i measc na n-aisteoirí leis.  Is tionscnamh é Fresh Film Hothouse Project a thugann deis do dhéantóirí scannáin óga a saothair a chur os comhair an phobail. Seo an tarna ghearrscannán atá déanta ag Malachaí. Bhuaigh sé Script Scannáin is Fearr don scannán 'Neille' anuraidh sa chomórtas náisiúnta Scannánóir Óg na Bliana.  Tá an ghearrscannán 'Gnó an Rí' le feiscint ar an RTE Player. Seo nasc go dtí an scannán gairid a chruthaigh Malachaí.

 

https://www.rte.ie/learn/senior-cycle/2024/0301/1435446-fresh-screens-2024-rte-player/

Fresh Film - Hideout
Created : 01 Mar 2024, 1:02 PM
Archived : 30 Apr 2024, 12:00 AM

Beidh gearrscannán 'Gnó an Rí' le Malachaí Ó Ciardhubháin, iarscoláire dár gcuid féin, ar thaispeáint i mBaile Átha Cliath anocht.  Beidh triúir ó bhliain a sé, Ciarán Mac Domhnaill, Páidí Mac Gearailt agus Breandán Ó Laoithe ag aisteoireacht ann. Comhghairdeachas libh!

Laochra Am Lóin
Created : 27 Feb 2024, 11:04 AM
Archived : 27 Apr 2024, 12:00 AM

Bhí seisiún 'Laochra Am Lóin' iontach againn ar an Déardaoin seo caite lenár n-aoi thar a bheith speisialta, An Máisir Éamonn Mac Muiris. Labhair Éamonn linn mar gheall ar thábhacht na Gaelainne ina shaol agus i saol a mhuintire. Míle buíochas le Caitlín, ó Thobar Dhuibhne agus le hOstán Bhenner as seomra álainn a chur ar fáil dúinn. 

Comórtas Labhairt na Gaelainne
Created : 27 Feb 2024, 10:57 AM
Archived : 27 Apr 2024, 12:00 AM

Comhghairdeas le Méadhbh Ní Shé, cathaoirleach ár gCoiste Gaelainne, a bhuaigh Comórtas Labhairt na Gaelainne an tseachtain seo caite.  

Oireachtas na hÉireann
Created : 27 Feb 2024, 10:56 AM
Archived : 27 Apr 2024, 12:00 AM

Ghlac Katie Ní Éanacháin páirt in Oireachtas na hÉireann le déanaí. Glaodh thar n-ais uirthi agus tháinig sí sa 43ú háit. Bhí sí i gcomórtas le rinceoirí ó Shasana, on Albain agus ó Mheiriceá. Maith thú Katie.

Turas go Coláiste na hOllscoile Chorcaí, Dé hAoine seo caite.
Created : 27 Feb 2024, 10:50 AM
Archived : 27 Apr 2024, 12:00 AM

Bhí an-lá ag daltaí bhliain 5 agus bhliain 6 Dé hAoine seo caite i, gColáiste na hOllscoile Chorcaí, i dteannta Lenka Forrest, Maggie O’Sullivan, Gearóid McCarthy, Órla O’Regan, Selina O’Regan agus Ian Wallace. Thug JP turas seanchais, a bhí thar a bheith suimiúil, dúinn timpeall fhearann na hollscoile. Thug an madra tacaíochta bháin, Romeo, cuairt orainn. Bhuaileamar chomh maith le Brendan Tuohy  agus le hUachtarán na hOllscoile, John O Halloran Uasal. Táimid go mór faoi chomaoin agaibh go léir as an bhfáilte, as an gcomhairle agus as an eolas ar fad a tugadh dúinn.

Junk Kouture 2024
Created : 26 Feb 2024, 11:37 AM
Archived : 27 Apr 2024, 12:00 AM

Tá Mairéad Ní Dhubhaigh, Ellie Nic Gearailt agus Claire Piaras Ní Chiobháin cáilithe do chraobh reigiúnach Junk Kouture lena bhfeisteas dár dteideal 'TIDAL'. Beidh an comórtas ar siúl sa Helix, i mBaile Átha Cliath, Dé Máirt 5ú Márta. Éacht mór dóibh agus go n-éirí go geal leo. PCD abú!

Rugbaí na mBuachaillí faoi 19, O Brien Cup
Created : 21 Feb 2024, 2:40 PM
Archived : 21 Apr 2024, 12:00 AM

Bhí bua maith ag foireann rugbaí na Pobalscoile inniu i gcoinne Pobalscoil Eoin Baiste, An tOispidéal. 

Pobalscoil Chorca Dhuibhne 17  - Pobalscoil Eoin Baiste 7.  

Táid cáilithe anois do chluiche ceannais na Mumhan. Comhghairdeachas libh!