Comhghairdeachas le foireann rugbaí PCD a bhuaigh an cluiche a bhí acu i gcoinne Scoil Idirmheánach Cill Orglan inné.
Bhuaigh foireann PCD 1 an cluiche cispheile i gcoinne Pobalscoil Inbhear Scéine inné. Comhghairdeachas libh!
Níor éirigh le foireann cispheile PCD buachtaint ar Choláiste Dún an Rí inné ach bhíodar go hiontach agus táimid ana mhórálach astu.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne 20 - Coláiste Dún an Rí 34
Bhunaigh Cathal, Diarmuid, Leo agus Ruairí an chomhlacht Fíricí Fánacha mar thionscadal idirbhliana. Thug siad leo an gradam i Rannóg 1 san aoisghrúpa 12-18 bliana de chomórtas Fiontraí Óg na Bliana 2023.
Tá a scéal le feiscint anseo ar Molscéal
https://www.facebook.com/MOLSCEALTG4/videos/1074124860485281/
Ár laoch sa chúlra! Aivaras Uosis.
Ná cailligí seó na hIdirbhliana anocht @7:30 i.n.
Ba mhaith linn gach rath a ghuí ar na cailíní agus iad ag tabhairt aghaidh ar an gCraobh Ceathrú Ceannais na hÉireann inniu @ 1:45 i.n.
Rath na raithní orthu!
Tá foireann cispheile na gcailíní faoi 16 bliana d'aois ag taisteal go Baile Átha Cliath do Chluiche Ceathrú Ceannais na hÉireann. Beidh siad ag imirt i gcoinne Coláiste Dún an Rí, Co. an Chabháin amárach Déardaoin, 8 Feabhra @ 1.45i.n.
Tá Craobh na Mumhan faoi fiche bliain d’aois sa chomórtas caitheamh meáchain buaite ag Kieran Ó Catháin.
Beidh daltaí na hidirbhliana ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag léiriú seó ilsiamsa ar an 7ú agus 8ú Feabhra ag a 7.30 i.n i bPobalscoil Chorca Dhuibhne. Tá súil againn go mbainfidh idir óg agus aosta taitneamh as an seó. Beidh míreanna difriúla sa seó ar nós:
An Clann is Cumhachtaí
Isteach agus Amach
Díobháil sa Daingean
Beidh ticéidí ar fáil roimh ré. Beidh costas €10 ar thicéad do dhaoine fásta, €5 do dhaltaí agus leanaí ,€20 do chlann (2 thuismitheoirí , 2 leanbh/scoláire). Tá súil againn go mbeidh sibh ann agus go dtabharfaidh sibh tacaíocht do dhaltaí na hidirbhliana.
_________________________________________________________
Transition year students of Pobalscoil Chorca Dhuibhne will be staging a variety show on the 7th and 8th of February at 7.30pm in the school and the show will be performed through Irish. The transition year students have been practicing their dance routines, song lyrics and acting since last September. The show will present a variety of entertaining selections from shows such as
Ireland’s Fittest Family
Trials & Tribulations
Sherlock Holmes
Tickets will be available through pre-booking at a cost of €10 for adults, €5 for children and students, €20 for a family ticket (two adults and two children). We hope to see you there supporting our transition year students.
Transition Year Students at Pobalcoil Chorca Dhuibhne 2024