Displaying 231-240 of 1275 results.
An Coiste Gaelainne
Created : 02 Feb 2024, 11:59 AM
Archived : 02 Apr 2024, 12:00 AM
Tae agus plé leis an gCoiste Gaelainne am lóin inné agus iad ag cur agus ag cúiteamh faoi imeachtaí Sheachtain na Gaeilge a bheidh ar siúl i mbliana ón 1- 17 Márta.
Cairde ar an bPeann.
Created : 02 Feb 2024, 11:54 AM
Archived : 02 Apr 2024, 12:00 AM
Cailíní ó Bhl.2 ag léamh na litreacha a tháinig óna gcairde i gColáiste Chroí Mhuire Gan Smal, An Spidéal maidin inniu.
Lá Fhéile Bríde, 1 Feabhra
Created : 31 Jan 2024, 10:55 AM
Archived : 01 Apr 2024, 12:00 AM
Beannacht don lá: Crois Bhríde mo chrois , Crois na gCeithre gCros, más fearr sibh anocht, go mba seacht fearr a bheidh sibh bliain ó anocht!
Nósanna Fhéile Bríd i gCorca Dhuibhne leis an Dr. Pádraig Ó hÉalaí : molsceal.ie/toradh/alt/?CID=6294572924001
Lá le Bríde le Dáithí De Mórdha ó Chartlann Raidió na Gaeltachta (i measc na gcainteoirí, Bab Feirtear & Joe Daly) www.rte.ie/radio/rnag/clips/22058361/
Blitz caide
Created : 31 Jan 2024, 11:25 AM
Archived : 31 Mar 2024, 12:00 AM
Bhain buachaillí Bhliain 1 taitneamh as na cluichí a d’imríodar i gcoinne Scoil Bhaile an Mhuilinn agus Scoil Idirmheánach Chill Orglan inné. Thugadar ana thaispeántas uathu.
Scléip na hÉireann 2024.
Created : 31 Jan 2024, 10:47 AM
Archived : 31 Mar 2024, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis na daltaí seo a leanas a ghlac páirte sa bhabhta ceannais de Scléip na hÉireann inné sa Helix. Bhíodar go hiontach ar fad.
Ana Ní Bhrosnacháin, Clare Ní Allaráin, (Bliain 6), Nell Ní Shé, Tadhg Ó Conaill (Bliain 5), Borko Veysel (Bliain2) sna rannóga amhránaíochta & Ceol uirlise.
Comhghairdeachas ar leith leis na rinceoirí ‘Le Chéile’ a bhain an dara háit amach sa chomórtas rince cruthaitheacht sinsear; Líle Ní Ghairbhí, Hayley Ní Fhlaithearta, Ellie de hÓra, Ciara Ní Chinnéide, Jude Ní Dhubhagáin, Mairéad Ní Dhubhaigh, Claire Piras Ní Chíobháin, & Katie Ní Éanacháin ó Bhliain 4. Maith sibh go léir!
Scléip na hÉireann 2024.
Created : 30 Jan 2024, 11:56 AM
Archived : 30 Mar 2024, 12:00 AM
Tá daltaí na Pobalscoile ag glacadh páirte i gCraobh Scléip na hÉireann 2024 inniu i mBaile Átha Cliath. Beidh sé á shruthú beo ar shuíomh Molscéal:
Beidh Ana Ní Bhrosnacháin ar stáitse ar a 10:50 r.n. sa chomórtas Amhránaiochta Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap, le féintionlacan - Sinsear
Beidh Borko ar stáiste ar 11:30 r.n. sa chomórtas Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol - Sóisear
Ag 11:50 r.n beidh ‘Le Chéile’ ag glacadh páirte sa chomórtas Rince Chruthaitheach: Grúpaí – Sinsear
Ag 12:00 i.n. beidh Tadhg ag glacadh páirte sa chomórtas Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol - Sinsear
Ag 12:30 i.n. beidh Nell agus Claire ag glacadh páirte sa chomórtas Amhránaíochta Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap, le Tionlacan Ó Fhuaimrian Taca - Sinsear
Scléip na hÉireann 2024.
Created : 30 Jan 2024, 11:45 AM
Archived : 30 Mar 2024, 12:00 AM
Guímis gach rath ar na daltaí seo a leanas a bheidh ag glacadh páirte i Scléip Gael Linn in amharclann an Helix, DCU, Baile Átha Cliath inniu, 30 Eanáir.
Clare Ní Allaráin, Ana Ní Bhrosnacháin (Bliain 6), Nell Ní Shé, Tadhg Ó Conaill (Bliain 5) agus Líle Ní Ghairbhí, Hayley Ní Fhlaithearta, Ellie de hÓra, Ciara Ní Chinnéide, Jude Ní Dhubhagáin, Mairéad Ní Dhubhaigh, Claire Piras- Ní Chíobháin, & Katie Ní Éanacháin ( Bliain 4) Go n-éirí go geal leo!
Rásanna Trastíre
Created : 26 Jan 2024, 1:13 PM
Archived : 26 Mar 2024, 12:00 AM
Comhghairdeachas leis na lúthchleasaithe go léir a ghlac páirt sna rásanna trastíre i dTrá Lí inniu. 
Ceardlann Amhránaíochta le hÁine Uí Laoithe
Created : 26 Jan 2024, 12:54 PM
Archived : 26 Mar 2024, 12:00 AM
Bhí an t-ádh le rang Gaelainne Bhl. 2 Áine Uí Laoithe a bheith sa rang ina dteannta ar maidin. Bhí an t-amhrán An Spealadóir le clos thíos faoin mbaile!
Comórtas Labhairt na Gaelainne
Created : 26 Jan 2024, 12:51 PM
Archived : 26 Mar 2024, 12:00 AM
Tá spotduais na seachtaine, dearbhán do cheaintín na scoile agus ticéad go dtí an chéad Laochra Am Lóin eile buaite ag Ciarán Mac Domhnaill i mBliain 6. Buíochas le Sadhbh Nic Fhloinn agus Róisín Ní Ógáin (Coiste Gaelainne) a d'eagraigh an crannchur maidin inniu.