Comhghairdeachas ó chroí le hAisling Ní Dhubhaigh a bhain an chéad áit amach i gcomórtas léitheoireachta & foghraíochta Fraincise uile-Éireann, roinn sinsearach, mar a bhí fógraithe ag ambasadóir na Fraince le déanaí. Félicitations Aisling, bravo!
Comhghairdeachas chomh maith leis na daltaí ón bPobalscoil a cuireadh ar an ngearrliosta: Aoife de Faoite, Ana Ní Bhrosnacháin agus Órla Ní Chinnéide. Tréaslaím leis na hiarraitheoirí ar fad ón bPobalscoil a chuir isteach ar an gcomórtas seo, molaim go hard bhur gcuid oibre.
PCD abú!
Beannachtaí na Cásca oraibh go léir.
Beidh 27 dalta ó bhliain 5 ag taisteal go dtí West Springfield ar an 4 Aibreán chun cuairt a thabhairt ar a gcairde thall, mar chuid den mhalartú cultúrtha. Beidh siad ag fanacht le teaghlaigh ósta na ndaltaí a thug cuairt ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne i 2023.
Freastalóidh daltaí PCD ar scoil ar feadh 2 lá agus glacfaidh siad páirt i dturasanna agus i ngníomhaíochtaí éagsúla agus iad thall ann. I measc na ngníomhaíochtaí tá turas go Six Flags New England, turas go Boston le haghaidh turas lachan fámaireachta, cuairt ar Mhúsaem Stair an Dúlra Springfield agus Halla na Laochra Cispheil. Tabharfaidh siad cuairt chomh maith ar Ionad Cultúrtha na hÉireann West Springfield. Táid ag súil go mór leis an dturas.
Bhí daltaí na hIdirbhliana páirteach i gcomórtas Fiontraithe Óga na Gaeltachta i mBaile Bhuirne inné. Bhuaigh Tonnta SSS an Duais Nualaíochta -sin Séan Mac a tSíthigh, Séamus Mac Gearailt, Séamus Ó Grifín, Michael Ó Grifín agus Jamie Ó Loinsigh.
Tá Glan go Glas - Oisín Ó Dubhda, Cian Ó Gallachóir, Katie Ní hÉanacháin, Riona Ní Ghealbháin agus Kate Ní Shúilleabháin agus Cártaí Spáinnise - sin Ciara Ní Chinnéide, Hayley Ní Fhlaithearta agus Ellie de hÓra cáilithe do Chraobh na hÉireann a bheidh ar siúl sa Ghaillimh i Mí Aibreáin.
Comhghairdeas le gach éinne a ghlac páirt sa chomórtas.
Tá rang na hIdirbhliana ag prapáil don Chamino sa Spáinn i Mí na Bealtaine. Thugadar faoi Mhám an Óraigh, turas 16 km, is iad i mbun traenála. Bail ó Dhia orthu.
Thug foireann Phobalscoil Chorca Dhuibhe an-taispeántas uathu sa chluiche rugbaí inné. Ní raibh ach trí phointe idir na fóirne agus 5 nóiméád le himeacht ar scór 17-14. D'aimsigh ‘Hamilton High’ úd de thoradh idirghabhála agus ceann eile díreach ina dhiaidh. Chríochnaigh an cluiche ar 31- 14. Comhghairdeas leis na himeoirí as an tréaniarracht a dhein na haon duine acu.
Thug Monika Duraska, iomaitheoir rámhaíochta oilimpeach, ó Chill Orglin, caint spreagúil do rang na hIdirbhliana.
Imreoidh buachaillí na chéad bliana i gcluiche ceannais an Iardheiscirt B amárach ag 1:00 i.n san Ionad Spóirt i dTrá Lí. Beidh siad ag tabhairt aghaidh ar Choláiste Pobail Mhungairit, Mungairit, Co. Luimnigh. Seo an chéad uair go bhfuil foireann buachaillí san iomaíocht i gcluiche ceannais ag an ngrád seo. Tá áit bainte amach acu cheana féin sna 16 fhoireann dheireanacha de Chraobh na hÉireann. Go n-éirí libh!
Bhí daltaí na hIdirbhliana páirteach i gCraobh an Chontae den chomórtas Fiontar na nÓg a bhí urraithe ag an Oifig Fiontair Áitiúil Dé hAoine.
D'éirigh an-mhaith leo. Bhuadar an scoil is fearr ó thaobh Fiontraíochta de. Tháinig Glan go Glas - Oisín Ó Dubhda, Cian Ó Gallachóir, Katie Ní hÉanacháin, Riona Ní Ghealbháin agus Kate Ní Shúilleabháin sa dara háit sa tsraith shinsearach. Chailleadar amach le 2 phointe!!! Fuair Tonnta SSS an duais Gaelainne - sin Séan Mac a tSíthigh, Séamus Mac Gearailt, Séamus Ó Grifín, Michael Ó Grifín agus Jamie Ó Loinsigh. Bhain Cártaí Spáinnise an 3ú duais Gaelainne amach - sin Ciara Ní Chinnéide, Hayley Ní Fhlaithearta agus Ellie de hÓra. Tá an plean gnó sin cáillithe do Chraobh na hÉireann sa chatagóir SMART Idea. Comhghairdeas libh go léir.
Don gcéad uair riamh i stair na scoile seo táimid i gcluiche ceannais sa rugbaí. Tá an cluiche ar siúl i bPáirc Virgin Media, Corcaigh (Musgrave) @ 12:00 meán lae inniu. Beidh Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag tabhairt aghaidh ar Hamilton High School, Droichead na Bandan. Guímid gach rath ar fhoireann na Pobalscoile agus ar Cathy de Barra