Beidh Cluiche Ceannais na Mumhan ar siúl ar an 19ú Márta, 2024 i Virgin Media Park, Corcaigh (Musgrave) @ 12:00 meán lae. Beidh Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag tabhairt aghaidh ar Hamilton High School, Droichead na Bandan. Bígí ann!
D'éirigh le foireann rugbaí na Pobalscoile an ceann is fearr a fháil ar Choláiste Chiaráin inné. PCD 48 , Cromadh 12.
Ghlac ceathrar ó bhliain 3 páirt i dtráth na gceist staire an tseachtain seo caite.
Is leagan áitiúil é COP an Daingin de COP28. Bhí an 28ú comhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide (COP28) ar siúl ón 30 Samhain go dtí an 13 Nollaig 2023 in Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. Is í an aidhm atá ag COP an Daingin agus COP 28 ná gníomhú an duine ar son na haeráide ar mhaithe na timpeallachta a spreagadh. Is féidir athruithe beaga, simplí, difríochtaí móra a dhéanamh chun feabhas a chur ar bhithéagsúlacht agus laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí. Bígí linn!
Ghlac daltaí ón bPobalscoil páirt sa chomórtas craoibhe de Thráth na gCeist Boird ‘Feachtas’ a reachtáladh i mBÁC Dé Máirt seo caite.
Bhí cad é craic is ceol ag bliain 1, 2 agus 3 le Christy Mac Gearailt do Sheachtain na Gaelainne..hup
Comhghairdeas le Luka Deimontaite, bliain 2, a bhuaigh comórtas labhairt na Gaelainne na seachtaine seo.
Beidh cór SHU i Séipéal an Daingin anocht @ 19:30. Ar mhaithe leis an gCubbie atá sé.
Bígí ann!