Guímid beannachtaí na Féile Pádraig oraibh go léir.
Bhí daltaí na hIdirbhliana rannpháirteach i gCeiliúradh na n Óg a raibh ar siúl i dTrá Lí inné. Bhí ana- lá acu.
Comhghairdeas le Hannah Ní Chonchúir, a bhuaigh Comórtas Sheachtain na Gaelainne Dé Céadaoin.
Comhghairdeas le Damien Svoboda a bhuaigh Comórtas Sheachtain na Gaelainne Dé Máirt.
Comhghairdeas le Jim Ó Laoithe a bhuaigh comórtas sheachtain na Gaelainne Dé Luain
Bhí babhta a haon do Chorn Aodhán Uí Chonchúir ar siúl i bPáirc an Ághasaigh inné. Níor éirigh le foireann na mbuachaillí bhliain a haon de chuid na Pobalscoile an ceann is fearr a fháil ar Mheánscoil na Trócaire Cnoc an tSeabhaic, ach beidh lá eile acu!
Toose i mbun cainte le Rang Ardteiste faoi chodanna an choirp.
Beidh Cluiche Ceannais na Mumhan ar siúl ar an 19ú Márta, 2024 i Virgin Media Park, Corcaigh (Musgrave) @ 12:00 meán lae. Beidh Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag tabhairt aghaidh ar Hamilton High School, Droichead na Bandan. Bígí ann!
D'éirigh le foireann rugbaí na Pobalscoile an ceann is fearr a fháil ar Choláiste Chiaráin inné. PCD 48 , Cromadh 12.