Bhí cad é craic ag scoláirí bliain 3 i dteannta a chéile. Bhí siúlóid álainn ar dtús le snámh agus cluichí ar an dtráigh ina dhiaidh.
Slí iontach chun clabhsúr a chur le bliain fada oibre!
Tá grúpa ón idirbhliain ag iarraidh an gradam Gaisce 2024 a bhaint amach. Chun críoch a chur leis an gcúrsa shiúlaíodar an 16km ó Chathair Uí Mhóráin go dtí An Cam. Anuas air seo, dheineadar an 17km, ón gCam chomh fada le hAbhainn an Scáil, an lá dar gcionn.
Níor chuir an aimsir mheascaithe isteach ar an gcraic a bhí acu ag rósta na leamhacháin agus ag fanacht thar oíche sna faighneoga glampála. Treise libh!
Guímid gach rath ar James de hÓra agus foireann Chiarraí Fé 20 i gCraobh na hÉireann an Domhnach beag seo i gcoinne Thír Eoghain.
Ní raibh sé fuirist do dhaltaí na hidirbhliana tabhairt faoin gCamino, i mbliana. Am deacair, dúshlánach ab ea é do phobal na scoile ar fad.
In ainneoin san tharraing an grúpa áirithe seo le chéile go hiontach chun taitneamh a bhaint as an taithí dochreidte seo.
Mo sheasamh orthu!
Comhghairdeas ó chroí le Béibhinn Nic a’ tSíthigh (báideoir) a bhuaigh Craobh na Mumhan leis an bhfoireann fé 18 Chiarraí ar an 28ú Aibreán.
Éacht iontach is ea é seo agus go n-eirí go geal leo sa chéad bhabhta eile!
Ag TechFéile i gceannceathrú Google i mBÁC, bhronn Claire Conneely, Bainisteoir an Chláir Oideachais ag Google an duais "Nuatheicneolaíochtaí" ar Jesse Mac Cárthaigh (Bl 3), Theo Ó Coileáin, Tom Ó Neachtain agus Diarmuid Ó Ciardhubháin (Bl 5) as a dtionscnamh ar Uathoibriú.
Comhghairdeachas leo agus lena múinteoir Seosamh Mac Toirealaigh
Comhghairdeachas le hAna Ní Bhrosnacháin, Órla Ní Chinnéide agus Aoife de Faoite a chuireadh ar ghearrliosta don chomórtas léitheoireachta & foghraíochta Fraincíse. D'éirigh le hAisling Ní Dhubhaigh an chéad áit a bhaint amach sa roinn sinsearach. Félicitations Aisling, bravo!
Tréaslaímid lena gcuid múinteoirí Mary Ní Normaoile, Pádraig Ó Dubhaigh & Amélie Dehaynin agus leis na hiarraitheoirí ar fad ón bPobalscoil
Comhghairdeas leis na scoláirí seo a bhuaigh boinn le déanaí:
Ashton Matthews: bonn óir sa rás 100m faoi 14
Nojus Deimontaite: bonn airgid sa Léim Ard faoi 14
Annabelle Úi Uigín bonn airgid sa Léim Fhada faoi 15
Kieran Ó Catháin bonn óir sa chaitheamh meáchain agus i gcaitheamh na teisce
Bhí an-lá ag PCD ann!
Comhghairdeas le Cian Ó Gallchobhair a bhuaigh an dara háit sa chatagóir nuachta de chuid Press Pass, lena alt suimiúil ar dhíolachán talúin ar Bhóthar na Conarach
Tugadh aitheantas don obair iontach a dhein ár scoláirí idirbhliana sa rang Físe le Pádraig Ó Dubhaigh ar phodchraoltaí, grianghrafanna, dearadh agus físeanna. Ach go h-áirithe do Kate Ní Shúilleabháin a ainmníodh don duais Dearaidh le haghaidh 'Smugairle Rón' agus Rónán Ó Cathail a ainmníodh don duais Físe do 'Cluiche Crua.'
Tugadh aitheantas don obair iontach a dhein ár scoláirí idirbhliana sa rang Físe le Pádraig Ó Dubhaigh ar phodchraoltaí, grianghrafanna, dearadh agus físeanna. Ach go h-áirithe do Kate Ní Shúilleabháin a ainmníodh don duais Dearaidh le haghaidh 'Smugairle Rón' agus Rónán Ó Cathail a ainmníodh don duais Físe do 'Cluiche Crua.'
Bhronn Claire Conneely, Bainisteoir an Chláir Oideachais ag Google an duais Nuatheicneolaíochtaí ar Jesse Mac Cárthaigh (Bl 3), Theo ó Coileáin, Tom Neachtain agus Diarmuid ó Ciardhubháin (Bl 5) as a dtionscnamh ar Uathoibriú.
Maraon leo siúd, tá creidiúnt le dul dos na hiontrálaithe iontacha eile ó Bhliain 4 a raibh san iomaíocht:
Séamus Ó Grifín – Fís: Darts
Clodagh Nic Gearailt – Dearadh: Wolves in the Rain
Kate Ní Shúilleabháin – Fís: Thar Oíche
Ellie Nic Gearailt – Fís: Thar Oíche, Fuaim: Fíricí na Farraige
Mairéad Ní Dhubhaigh Fís: Thar Oíche, Fuaim: Fiosrú Fuaime, Grianghrafanna
Ár mbuíochas chomh maith lenár n-iar-scoláire, Antaine Ó Séaghdha, atá ag obair do Kinia agus a raibh ag cabhrú linn le cúrsaí eagrúcháín.