Beidh gearrscannán 'Gnó an Rí' le Malachaí Ó Ciardhubháin, iarscoláire dár gcuid féin, ar thaispeáint i mBaile Átha Cliath anocht. Beidh triúir ó bhliain a sé, Ciarán Mac Domhnaill, Páidí Mac Gearailt agus Breandán Ó Laoithe ag aisteoireacht ann. Comhghairdeachas libh!
Bhí seisiún 'Laochra Am Lóin' iontach againn ar an Déardaoin seo caite lenár n-aoi thar a bheith speisialta, An Máisir Éamonn Mac Muiris. Labhair Éamonn linn mar gheall ar thábhacht na Gaelainne ina shaol agus i saol a mhuintire. Míle buíochas le Caitlín, ó Thobar Dhuibhne agus le hOstán Bhenner as seomra álainn a chur ar fáil dúinn.
Comhghairdeas le Méadhbh Ní Shé, cathaoirleach ár gCoiste Gaelainne, a bhuaigh Comórtas Labhairt na Gaelainne an tseachtain seo caite.
Ghlac Katie Ní Éanacháin páirt in Oireachtas na hÉireann le déanaí. Glaodh thar n-ais uirthi agus tháinig sí sa 43ú háit. Bhí sí i gcomórtas le rinceoirí ó Shasana, on Albain agus ó Mheiriceá. Maith thú Katie.
Bhí an-lá ag daltaí bhliain 5 agus bhliain 6 Dé hAoine seo caite i, gColáiste na hOllscoile Chorcaí, i dteannta Lenka Forrest, Maggie O’Sullivan, Gearóid McCarthy, Órla O’Regan, Selina O’Regan agus Ian Wallace. Thug JP turas seanchais, a bhí thar a bheith suimiúil, dúinn timpeall fhearann na hollscoile. Thug an madra tacaíochta bháin, Romeo, cuairt orainn. Bhuaileamar chomh maith le Brendan Tuohy agus le hUachtarán na hOllscoile, John O Halloran Uasal. Táimid go mór faoi chomaoin agaibh go léir as an bhfáilte, as an gcomhairle agus as an eolas ar fad a tugadh dúinn.
Tá Mairéad Ní Dhubhaigh, Ellie Nic Gearailt agus Claire Piaras Ní Chiobháin cáilithe do chraobh reigiúnach Junk Kouture lena bhfeisteas dár dteideal 'TIDAL'. Beidh an comórtas ar siúl sa Helix, i mBaile Átha Cliath, Dé Máirt 5ú Márta. Éacht mór dóibh agus go n-éirí go geal leo. PCD abú!
Bhí bua maith ag foireann rugbaí na Pobalscoile inniu i gcoinne Pobalscoil Eoin Baiste, An tOispidéal.
Pobalscoil Chorca Dhuibhne 17 - Pobalscoil Eoin Baiste 7.
Táid cáilithe anois do chluiche ceannais na Mumhan. Comhghairdeachas libh!
Comhghairdeachas le foireann rugbaí PCD a bhuaigh an cluiche a bhí acu i gcoinne Scoil Idirmheánach Cill Orglan inné.
Bhuaigh foireann PCD 1 an cluiche cispheile i gcoinne Pobalscoil Inbhear Scéine inné. Comhghairdeachas libh!