Displaying 61-70 of 1273 results.
Ceardlann 'Soilsiú & Scáileán Glas'
Created : 26 Nov 2024, 4:45 PM
Archived : 26 Jan 2025, 12:00 AM
Ceardlann 'Soilsiú & Scáileán Glas'  
Cruthaíocht agus craic ag daltaí na hIdirbhliana agus iad ag foghlaim faoi 'soilsiú agus an scáileán glas' sa rang TechSpace inné. 
 
 
Bl6 LCVP ag Drioglann an Daingin
Created : 26 Nov 2024, 1:39 PM
Archived : 26 Jan 2025, 12:00 AM

Turas oideachasúil ag grúpa LCVP ag Drioglann an Daingin.  Táimid an bhuíoch do Dhrioglann an Daingin.

Scléip PCD
Created : 22 Nov 2024, 2:37 PM
Archived : 22 Jan 2025, 12:00 AM
Cé go raibh turas deacair ó thaobh aimsire ar an slí chuig Mainistir Fhear Maí inniu; bhí ana-lá ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag comórtas Scléip na Mumhan. Comhghairdeachas leis na hiomaitheoirí iontacha go léir ó PCD agus go háirithe na buaiteoirí atá ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann i Mí Feabhra. Táimid ana bhródúil asaibh go léir!!! #pcdabú
BUAITEOIRÍ
Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap, le féintionlacan– Sóisear = Sadhbh Nic Fhloinn
Amhránaíocht Aonair sa stí Pop/Rac/Rap, le féintionlacan– Sinsear = Theo Ó Coileáin
Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol - Sóisear =
Borko Veysel
Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol - Sinsear =
Tadhg Ó Conaill
Amhránaíocht Aonair sa stí Pop/Rac/Rap, le Tionlacan Ó Fhuaimrian Taca – Sóisear = Órla Ní Allarúin
Grúpa Amhránaíochta sa stí Pop/Rac/Rap, le féintionlacan – Sóisear = ‘Na Banríona Spréachta’ = B'iad Caoimhe Ní Chiobháin, Róisin Ní Shé, Blathnaid Ní Shúilleabháin, Eilí Nic Gearailt & Hannah Ní Chonchúir ó Bhliain 3 agus Hannah Ní Dhubhda, Robin de Bhailís & Dylan Moul ó bhliain 2.
Grúpa Amhránaíochta sa stí Pop/Rac/Rap, le féintionlacan– Sinsear = ‘Halla na Loiteoige’ = B'iad Josh Lynskey, Tadhg Ó Conaill, Ellen Ní Bhrosnacháin, Theo Ó Coileáin & Seán Mac Ginneá ó bhliain 6.
Comhgháirdeachas leo go léir!
Comórtas Labhairt na Gaelainne.
Created : 22 Nov 2024, 1:13 PM
Archived : 22 Jan 2025, 12:00 AM

Comórtas Labhairt na Gaelainne 32.png 32.png32.png 32.png

Tá spotduais na seachtaine, dearbhán do Centra agus ticéad go dtí an chéad Laochra Am Lóin eile buaite ag Ben Ó Conchúir i mBliain 2. Buíochas le hAodán Mac Gearailt agus Ellie Ní Shé a d'eagraigh an crannchur maidin inniu.
Bl1 Eac Baile
Created : 21 Nov 2024, 4:07 PM
Archived : 21 Jan 2025, 12:00 AM

 Bhí ranganna Eac Baile bl1 ag díriú isteach ar an luach cothaitheach atá ag thorthaí agus dheineadar smúdaí blasta!  Is maith an t-anlann an t-ocras! 

Sciath Uí Shuilleabháin go PCD
Created : 20 Nov 2024, 6:44 PM
Archived : 20 Jan 2025, 12:00 AM

Sciath Uí Shuilleabháin buaite ag foireann sinsir caide inniu i gcoinne an Scoil Idimheánach!  2-11 go 1-07.  Captaen na foirne Tadhg Ó Cathail.  Mo sheasamh oraibh!!!

An Coiste Gaelainne
Created : 20 Nov 2024, 4:29 PM
Archived : 20 Jan 2025, 12:00 AM

An Coiste Gaelainne

Tae agus plé leis an gCoiste Gaelainne am lóin inniubh agus iad ag cur agus ag cúiteamh faoin t-aitheantas Gaeltachta a bronnadh ar an scoil le déanaí.

 
 
Foireann na gCailíní faoi 16 go leith
Created : 19 Nov 2024, 4:30 PM
Archived : 19 Jan 2025, 12:00 AM

Níor chuir an droch aimsear stad le díograis na gcailíní faoi 16 go leith.  Ana chluiche acu Dé Máirt i gcoinne Coláiste na Sceilge.  3.09 go 1.05.  Gura fada buan sibh!

Feisteas ó MFC Sports
Created : 18 Nov 2024, 5:12 PM
Archived : 18 Jan 2025, 12:00 AM

Míle buíochas le Joe ó MFC Sports a bhronn feisteas ar fhoireann sinsir caide PCD le déanaí.  Ana chuma go deo orthu!  Táimid ana bhuíoch ar fad as cabhair Joe.

An Fhoireann Sinsir Caide
Created : 18 Nov 2024, 4:54 PM
Archived : 18 Jan 2025, 12:00 AM

Go néirí leis an Fhoireann Sinsir Caide PCD, Dé Céadaoin agus iad ag tabhairt faoi an Scoil Idimheánach, Cill Orglan do Sciath Uí Shuilleabháin sa chluiche ceannais.  Beir bua a leaideanna! @AnGhaeltacht @AnnascaulGAA @DingleGAA @CastlegregoryGAA.