Displaying 121-130 of 1275 results.
Rang Mata - Bliain 2 ️
Created : 23 Sep 2024, 12:05 PM
Archived : 23 Nov 2024, 12:00 AM
Bliain 2, Rang O ag obair go dian san aimsir bhreá an tseachtain seo caite. Bhí fallaí na scoile á thomas acu leis an gclaonméadar! Fuaireadar amach go raibh an falla is airde sa scoil 9.5 méadar ar airde! 
Comórtas Náisiúnta Treabhadóireachta
Created : 18 Sep 2024, 3:21 PM
Archived : 18 Nov 2024, 12:00 AM

Lá faoin dtor caite ag daltaí PCD ag an gComórtas Náisiúnta Treabhadóireachta!

Dr. Richard Hogan
Created : 17 Sep 2024, 2:07 PM
Archived : 17 Nov 2024, 12:00 AM
Beidh an síciteiripeoir clainne, údar, colúnaí agus craoltóir iomráiteach, Dr Richard Hogan, linn i bPobalscoil Chorca Dhuibhne, ar an 26 Meán Fómhair, ag 19:30. Beidh sé ag díriú ar éagsúlacht ábhar ar nós, conas daoine óga a bhainistiú agus fios a gcúram acu maidir leis an teicneolaíocht. Is féidir ticéad a cheannach ar Eventbrite, ar chostas €10. 
 
Pobalscoil Chorca Dhuibhne will host renowned family psychotherapist, author, columnist and broadcaster Dr Richard Hogan on Thursday September 26th at 1930 in the school. Richard will be dealing with a wide variety of topics including managing tech savvy young people and the building of resilience. It is possible to purchase tickets for the event at a cost of €10 on Eventbrite.
Josie Knight
Created : 12 Sep 2024, 2:40 PM
Archived : 12 Nov 2024, 12:00 AM

Tháinig iarscoláire dár gcuid, Josie Knight, a bhuaigh bonn cré-umha sna Cluichí Oilimpeacha ar cuairt chugainn ar scoil. Ócáid an-taitneamhach a thug deis do phobal na scoile a cuid éachtaí a cheiliúradh. Tugadh deis do dhaltaí na hIdirbhliana am a chaitheamh ina teannta chomh maith.

Daltaí Ealaíne
Created : 11 Sep 2024, 12:03 PM
Archived : 11 Nov 2024, 12:00 AM

Chuaigh na daltaí Ealaíne i mbliain a 2 ag sceitseáil sa Mhara Beo inniu, mar chuid de thionscnamh blocphriontáil atá siad ag tosnú.

Bhí an-mhaidin acu!

IB 24/25 - A gCéad Lá ar Scoil
Created : 03 Sep 2024, 10:43 AM
Archived : 03 Nov 2024, 12:00 AM

Fáilte roimh ár ndaltaí idirbhliana 2024/25.

Bíodh bliain iontach agaibh.

Ardteist 2024
Created : 30 Aug 2024, 2:00 PM
Archived : 30 Oct 2024, 12:00 AM

Comhghairdeachas ó chroí le daltaí na hArdteiste as na torthaí dochreidte a bhaineadar amach le déanaí.
Táimid ana bhródúil astu.
Guímid gach rath orthu agus iad ag tabhairt aghaidh ar an saol.

Bliain 1, 2024. Fáilte!
Created : 27 Aug 2024, 6:21 PM
Archived : 27 Oct 2024, 12:00 AM

Ba mhór againn fáilte mhór a chur roimis ár scoláirí nua i mBl.1 a thosaigh linn maidin inniu. 

Aos oideachais
Created : 27 Aug 2024, 2:14 PM
Archived : 27 Oct 2024, 12:00 AM

Teagascóirí Aos Oideachais ag teastáil

 

Adult Education Tutors required

 

Déan teagmháil ar 087-7951743 <44> sf@pcd07.ie

 

Scéim na leabhar scoile
Created : 26 Aug 2024, 3:24 PM
Archived : 26 Oct 2024, 12:00 AM

Cúpla seachtain gnóthach curtha síos ag Joan ag eagrú na leabhar agus an trealamh do Scéim na Leabhar Scoile don tSraith Shóisearach!

Tá siad ullamh do dhaltaí nua atá ag tosnú linn maidin amárach, Máirt 27ú Lúnasa