Displaying 111-120 of 1275 results.
Bliain 2 i mbun Blagála i gcomhar le hOidhreacht Chorca Dhuibhne
Created : 04 Oct 2024, 9:26 AM
Archived : 04 Dec 2024, 12:00 AM
Tá tús curtha leis an mBlagáil le Bliain 2 an tseachtain seo.


Táimid ana bhuíoch d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne a chuireann an scéim iontach seo ar fáil dúinn anseo sa Phobalscoil gach aon bhliain.
An leabhar 'Sárú' le hAnna Heussaff a bheidh á léamh acu i mbliana.
Bainíg súp as a dhaltaí!
Cispheil na gCailíní
Created : 03 Oct 2024, 1:13 PM
Archived : 03 Dec 2024, 12:00 AM
Foireann cispheile (sinsear A) a bhuaigh ar Lios Tuathail an tseachtain seo caite. Thug an fhoireann cadette ana taispeántas uathu ar an lá chomh maith.
Comhghairdeachas libh 
Páirceáil don bhFéile Bia
Created : 03 Oct 2024, 1:02 PM
Archived : 03 Dec 2024, 12:00 AM
Beidh carrchlós na scoile ar oscailt Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh óna 11:00 r.n go dtí 7:00i.n.
Beidh costas €5 ar pháirceáil.
Rang Eolaíochta
Created : 02 Oct 2024, 2:58 PM
Archived : 02 Dec 2024, 12:00 AM
Daltaí na tríú bliana ag obair sa dian sa rang Eolaíochta le déanaí.


Maidin chaife ar mhaithe le hOspís Chiarraí
Created : 02 Oct 2024, 2:54 PM
Archived : 02 Dec 2024, 12:00 AM
Comórtas Staraí Óg Chiarraí 2024
Created : 30 Sep 2024, 11:29 AM
Archived : 30 Nov 2024, 12:00 AM
Bhí ard-oíche ag daltaí na Pobalscoile ag searmanas bronnta Chomórtas Staraí Óg Chiarraí. Sa chomórtas sóisir, bhain Caoimhe Laighléis, Bl.4 an 2ú háit amach. Sa chomórtas sinsir, bhain Mícheál Ó Dubháin Bl.6 agus Oisín Ó Dúbhda Bl. 5. ardmholadh amach. Bhain Seán Ó Fiannachta (iardhalta) an 3ú háit amach agus Oscar Ó Donnagáin (iardhalta) an 2ú háit amach.
Nár laga Dia iad!
Blitz Caide Buachaillí, Bliain 1
Created : 30 Sep 2024, 8:34 AM
Archived : 30 Nov 2024, 12:00 AM
Bhí blitz caide ag buachaillí na chéad bliana i gcoinne Gaelcholáiste Chiarraí agus Scoil Idirmhéanach Chill Orglan (ISK) i Lios Póil Déardaoin seo caite. Bhaineadar ana thaitneamh as an lá!
Míle buíochas le Tomás Ó Muircheartaigh, Seán Céitinn agus Antóin Ó Braoin a chabhraigh leo.
Craobhacha Rince Náisiúnta na hÉireann 2023
Created : 27 Sep 2024, 9:23 PM
Archived : 27 Nov 2024, 12:00 AM
Comhghairdeachas le daltaí PCD, Mairéad Ní Dhubhaigh agus Katie Ní Éanacháin, Bl. 5 a bhí ag rince sa Chraobh Náisiúnta uile-Éireann le déanaí i gCill Airne.
Tréaslaímid go háirithe le hOisín Madeley, Bl.1 atá cáilithe d'Oireachtas na Cruinne sa Rince Gaelach 2025. Nár laga Dia sibh!
Caid na gCailíní Fé 16 1/2 - Roinn B
Created : 26 Sep 2024, 10:53 AM
Archived : 26 Nov 2024, 12:00 AM
Níor éirigh le foireann caide na gcailíní fé 16 1/2 buachtaint i gcoinne Meánscoil na Trócaire, Cnoc an tSeabhac an tseachtain seo, ach thugadar ana thaispeántas uathu.
Pé scéal é, d'éirigh leo pictiúr a fháil i dteannta Louise Ní Mhuirtheartaigh tar éis an chluiche! Ciarraí Abú!
Dr. Richard Hogan
Created : 23 Sep 2024, 3:20 PM
Archived : 23 Nov 2024, 12:00 AM
Oscailte don bpobal - OPEN TO THE PUBLIC.
Déardaoin beag seo @7.30 i.n. - This Thursday September 26th at 19.30
Ticéidí le fáil ar Evenbrite, nasc thíos. Fáilte roimh chách!
t.co/Gbv982j3AK