Húdaí Bl4
Bl4 ana shásta leis na húdaithe atá fachta acu, urraithe ag Comhar Creidmheasa Cara, Corca Dhuibhne. Míle buíochas.
Chuaigh Bl1 ar fad go Halla na Cathrach i gCorcaigh chun éisteach le Ceolfhoireann na Cork Pops faoi stiúir Evelyn Grant. Ceolchoirm ana thaitneamhach agus spraíúil. Radharc iontach ar “Tiny” ó Cabin Crew agus Bl1 ar fad thuas chun tosaigh. Aoibhinn beatha an scoláire!
Bua iontach ag foireann rugbaí PCD, F16, Déardaoin i gcoinne Waterpark College, Port Láirge. Cath maith agus ar deireadh tháinig PCD amach níos laidire 34-19. Bhí "An Puc ar Buile" le cloisint á chanadh go hard i bPáirc Musgrave i gCorcaigh!
D'éirigh go hiontach le feachtas bosca na mbróg! Míle buíochas le gach duine a chabhraigh é a eagrú agus a thug bosca isteach. Ar scáth a chéile a mhairimíd!
Comórtas Labhairt na Gaelainne
An uair dheireanach ag cailíní bl6 ag imirt cispheile leis an bhfoireann seo! Cuimhní geala a chailíní! Buíochas libh.
Níl faic aige Tiger Woods orthu seo! Aimsear bhreá agus daltaí ATF agus bl4 ag Gailfchúrsa Cheann Sibéal. Míle buíochas!
Ní gá do PCD dul ró fhada le turas oideachasúil a bheith acu! An rang LCVP bl6 ana bhuíoch do Dhrioglann an Daingin.
An ATF ag foghlaim dornálaíochta le déanaí.
Bhí lá iontach ag daltaí na Pobalscoile inniu thíos i LilyMais sa mhuiríne. Chuir Fran & Fergal ceardlann ana shuimiúil ar siúl chun an geilleagar ciorclach a mhíniú agus d'insíodar a scéal gnó dóibh mar pháirt de Sheachtain Dearaidh na hÉireann. Bhí seans ag na daltaí róbaí snámha ar leith a chruthú chomh maith. Coiméadaigí súil amach dóibh ar thránna na leithinse.