Displaying 71-80 of 1142 results.
Seachtain na Gaelainne
Created : 11 Mar 2024, 10:48 AM
Archived : 11 May 2024, 12:00 AM

Bhí cad é craic is ceol ag bliain 1, 2 agus 3  le Christy Mac Gearailt do Sheachtain na Gaelainne..hup

Comórtas Labhairt na Gaelainne.
Created : 11 Mar 2024, 10:41 AM
Archived : 11 May 2024, 12:00 AM

Comhghairdeas le Luka Deimontaite, bliain 2, a bhuaigh comórtas labhairt na Gaelainne na seachtaine seo.

Cór SHU anocht.
Created : 08 Mar 2024, 1:02 PM
Archived : 08 May 2024, 12:00 AM

Beidh cór SHU i Séipéal an Daingin anocht @ 19:30. Ar mhaithe leis an gCubbie atá sé. 

Bígí ann!

Dornálaíocht le Tip Delaney
Created : 08 Mar 2024, 11:51 AM
Archived : 08 May 2024, 12:00 AM

Bhí ana-lá ag rang na hidirbhliana le Tip Delaney, an dornálaí. 

 
Bl 4 ag ullmhú don Chamino
Created : 08 Mar 2024, 10:18 AM
Archived : 08 May 2024, 12:00 AM

Chuaigh bliain 4 ar shúilóid ón Droichead Bán go Cam Amhais and isteach trí Mhullach Bhéil chomh fada leis an gClochán. Táid ag ullmhú do Chamino na Spáinne i Mí na Bealtaine.

Laochra Am Lóin
Created : 08 Mar 2024, 8:40 AM
Archived : 08 May 2024, 12:00 AM

Míle buíochas le John Prendergast ó Thobar Dhuibhne a d’eagraigh seisiún iontach eile de ‘Laochra Am Lóin’ do Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus do Choláiste Íde, sa Díseart , an tseachtain seo. Bhí aoichainteoir álainn againn in Aoife Ní Chonchúir, a labhair ar a gairm bheatha mar dhlíodóir anseo sa Daingean agus i mBaile Átha Cliath.  Chuir sí comhairle den chéad scoth ar ár scoláirí agus cuid acu ag tabhairt faoin Ardteist i mbliana.

Míle buíochas le John agus Aoife agus leis an Díseart. 
Rang amhránaíochta.
Created : 08 Mar 2024, 8:36 AM
Archived : 08 May 2024, 12:00 AM

Bhí rang iontach eile amhránaíochta ag Bliain 2 le Aine Uí Laoithe. Míle buíochas Áine

Lá Domhanda na Leabhar
Created : 08 Mar 2024, 8:35 AM
Archived : 08 May 2024, 12:00 AM

Inniu is ea Lá Domhanda na Leabhar.  Tá comórtas beag ar súil againn ar scoil An Leabhar agus an muinteoir /scoláire a chur le chéile. Costnóidh sé €2 chun buille faoi thuairim a thabhairt.

Junk Kouture 2024
Created : 07 Mar 2024, 8:34 AM
Archived : 07 May 2024, 12:00 AM

Comhghairdeachas le Claire Piaras Ní Chiobháin , Mairéad Ní Dhubhaigh agus Ellie Nic Gearailt a ghlac páirt sa chraobh reigiúnach Junk Kouture le déanaí sa Helix. Eispéireas iontach dóibh. 

 

Gnó an Rí
Created : 06 Mar 2024, 10:58 AM
Archived : 06 May 2024, 12:00 AM

Léiríodh an scannán, ‘Gnó an Rí,’ lenár n-iarscoláire Malachaí Ó Ciardhubháin, mar chuid do Fhéile Idirnáisiúnta Scannaíochta BÁC ag an deireadh seachtaine. Comhghairdeas ó chroí le Malachaí, lenár múinteoirí agus lenár ndaltaí go léir a bhí páirteach sa ghearrscannán iontach seo. Bhí Páidí Mac Gearailt, Breandán Ó Laoithe agus Ciarán Mac Domhnaill, ó bhliain 6 ag aisteoireacht ann. Chomh maith leo san bhí Kieran Ó Catháin, Bl. 3 agus Tomás Bric, Bl. 2 ina gceoltóirí sa scannán. Bhí Diarmuid Ó Ciardhubháin Bl. 5, Muireann Ní Mhuircheartaigh, Órla May Ní Ghrifín, Ríona Ní Bheaglaoich ó Bl. 2 i measc na n-aisteoirí leis.  Is tionscnamh é Fresh Film Hothouse Project a thugann deis do dhéantóirí scannáin óga a saothair a chur os comhair an phobail. Seo an tarna ghearrscannán atá déanta ag Malachaí. Bhuaigh sé Script Scannáin is Fearr don scannán 'Neille' anuraidh sa chomórtas náisiúnta Scannánóir Óg na Bliana.  Tá an ghearrscannán 'Gnó an Rí' le feiscint ar an RTE Player. Seo nasc go dtí an scannán gairid a chruthaigh Malachaí.

 

https://www.rte.ie/learn/senior-cycle/2024/0301/1435446-fresh-screens-2024-rte-player/