Gach Dé Luain tagann Muintir Camphill agus Tobar Eoin (John of Gods) chuig an scoil óna a 2:00 - 3.20 i.n. Cuireann an rang sóisialta, Bliain 4, fáilte mhór rompu. Meascann siad lena chéile ag déanmah rudaí éagsula, idir cluichí láimhe, cluichí ríomhaire, ceol, tarraingt, agus an giom chomh maith le caint agus comhrá. Thugamar cuairt ar Thobar Eoin cheana agus chuamar chuig Camphill ar an 15ú Aibreán. Chonaiceamar na ba, na hasail agus na gairdíní álainne agus an tslí maireachtála atá acu. Ag deireadh na bliana beidh cóisir againn sa scoil mar is gnáth.
Bhí seans ag daltaí na hIdirbhliana Cormac Flannery a fheiscint i mbun ghailf ag an gcúrsa dhá mhaide sa Daingean. Táimid fíor-bhuíoch do Cheann Sibéal a d'eagraigh dúinn é.
Bhí na Gardaí ag caint lenár ndaltaí faoi iomproirí airgid. Is fíor le rá nár thuigeadar i gceart, go dtí seo, na hiarmhairtí tubaisteacha a bhaineann lena a leithéad de rud.
Ghlac daltaí na hidirbhliana páirt i gceardlann chomhshaoil, le James Fahy. Níl aon dabht go bhfuil tuiscint níos fearr acu anois ar an tábhtacht a bhaineann le comhshaoil shláintiúil, inbhuanaithe a bheith mórthimpeall orthu.
Beidh cuimhíne go deo ag daltaí na Pobalscoile ar an turas cultúrtha go West Springfield aimsir na Cásca i mbliana. Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh rompu i ngach áit a chuadar. Táimid an-bhuíoch agus is léir go bhfuil an comhnasc ag dul ó neart go neart.
Rinne Pobalscoil Chorca Dhuibhne éacht agus staire ar an 12ú Aibreán, 2014 nuair a bhuadar ar Choláiste Phádraig, Maghera i bPáirc an Chrócaigh le scór PCD 1-08, Col. Phádraig 1-06. Seo an cúigiú uair do Chorn Uí Ógáin teacht go Chiarraí agus an chéad uair riamh go Dúthaigh Dhuibhneach. Barra Ó Súilleabháin a bhí mar chaptaen na fóirne.
Comhghairdeas le Cian Ó Gallachóir atá cáilithe don Chraobh Press Pass, i mbliana, i roinn Tuairisciú na Nuachta. Go n-eirí go geal leat, a Chian.
Comhghairdeachas ó chroí le hAisling Ní Dhubhaigh a bhain an chéad áit amach i gcomórtas léitheoireachta & foghraíochta Fraincise uile-Éireann, roinn sinsearach, mar a bhí fógraithe ag ambasadóir na Fraince le déanaí. Félicitations Aisling, bravo!
Comhghairdeachas chomh maith leis na daltaí ón bPobalscoil a cuireadh ar an ngearrliosta: Aoife de Faoite, Ana Ní Bhrosnacháin agus Órla Ní Chinnéide. Tréaslaím leis na hiarraitheoirí ar fad ón bPobalscoil a chuir isteach ar an gcomórtas seo, molaim go hard bhur gcuid oibre.
PCD abú!
Beannachtaí na Cásca oraibh go léir.
Beidh 27 dalta ó bhliain 5 ag taisteal go dtí West Springfield ar an 4 Aibreán chun cuairt a thabhairt ar a gcairde thall, mar chuid den mhalartú cultúrtha. Beidh siad ag fanacht le teaghlaigh ósta na ndaltaí a thug cuairt ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne i 2023.
Freastalóidh daltaí PCD ar scoil ar feadh 2 lá agus glacfaidh siad páirt i dturasanna agus i ngníomhaíochtaí éagsúla agus iad thall ann. I measc na ngníomhaíochtaí tá turas go Six Flags New England, turas go Boston le haghaidh turas lachan fámaireachta, cuairt ar Mhúsaem Stair an Dúlra Springfield agus Halla na Laochra Cispheil. Tabharfaidh siad cuairt chomh maith ar Ionad Cultúrtha na hÉireann West Springfield. Táid ag súil go mór leis an dturas.