Displaying 101-110 of 1275 results.
Seaschéaslóireacht
Created : 16 Oct 2024, 3:44 PM
Archived : 16 Dec 2024, 12:00 AM

Chuaigh Bl.4 ag seaschéaslóireacht i Sláidín le déanaí.  Bhí an lá ana oiriúnach chuige, bhí an ghrian ag taitneamh agus bhí an fharraige deas ciúin.  Bhí ana lá acu.

Físeán anseo: Vimeo.com/1017023446

Pionsóireacht
Created : 16 Oct 2024, 3:38 PM
Archived : 16 Dec 2024, 12:00 AM

D'éirigh le daltaí na hIdirbhliana roinnt scileanna nua a fhoghlain sa phionsóireacht! 

Bhaineadar ana thaitneamh as an gceardlann le Patrick.

Stáitse na nÓg 2024
Created : 16 Oct 2024, 11:51 AM
Archived : 16 Dec 2024, 12:00 AM
Go n-éirí go geal leis na scoláirí a bheidh ag glacadh páirte i Stáitse na nÓg ar an mBuailtín tráthnóna Dé Máirt seo chugainn, 22 Deireadh Fómhair.
Ár mbuíochas le hOidhreacht Chorca Dhuibhne as an tacaíocht a chuireann siad ar fáil dár scoláirí gach aon bhliain.
Cleachtadh a dhéanann máistreacht!
Rugbaí PCD
Created : 16 Oct 2024, 11:46 AM
Archived : 16 Dec 2024, 12:00 AM
Comhghairdeachas le foirne rugbaí PCD. Bhí ana bhua acu i gcoinne Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin, faoi 16 agus faoi 19. 
Beidh an chéad chluiche eile faoi 19 (O Brien Cup) acu ar an 6 Samhain. Beidh siad ag imirt i gcoinne Coláiste Flannán.
Guímid gach rath oraibh.
Coiste Gaelainne
Created : 14 Oct 2024, 8:57 PM
Archived : 14 Dec 2024, 12:00 AM

Bhuail baill ón gCoiste Gaelainne le hionadaithe ó Thobar Dhuibhne inniu chun plé a dhéanamh ar straitéisí chun an Ghaeilge a chur chun cinn laistigh den scoil.

Comórtas Labhairt na Gaelainne
Created : 11 Oct 2024, 5:34 PM
Archived : 11 Dec 2024, 12:00 AM

Tá spotduais na seachtaine, dearbhán do Centra agus ticéad go dtí an chéad Laochra Am Lóin eile buaite ag Paudie Breathnach i mBliain 3. Buíochas le Tom Ó Neachtain, Ruairí Ó hÓgáin, Louise Ní Chíobáin agus Caoimhe Ní Chíobháin (Coiste Gaelainne) a d'eagraigh an crannchur maidin inniu.   

Torthaí na Sraithe Sóisearaí 2024
Created : 10 Oct 2024, 12:52 PM
Archived : 10 Dec 2024, 12:00 AM
Ba mhaith linn tréaslú leis na daltaí as na torthaí iontacha a bronnadh orthu maidin inné. 72.png 
Tar éis an tsearmanais bhronnta chaitheadar an tráthnóna san Aquadome i dTrá Lí.
Sciath Uí Shúilleabháin
Created : 08 Oct 2024, 8:33 AM
Archived : 08 Dec 2024, 12:00 AM
Comhghairdeachas le foireann sinsear na scoile a bhuaigh an cluiche leathcheannais i Sciath Uí Shúilleabháin i bhFossadh inné.
 
PCD 14, Fossadh 1-10
 
PCD Abú!
Gradaim TechFéile 2024
Created : 07 Oct 2024, 9:45 PM
Archived : 07 Dec 2024, 12:00 AM
Ba mhaith linn tréaslú leis na daltaí a ghnóthaigh teastais agus suaitheantais dhigiteacha ó Kinia ag ócáid bhronnta TechFéile le déanaí.
Léirigh na daltaí seo scileanna ar leith bainteach le Podchraoltóireacht agus Scannaíocht SoGhluaiste.
@KiniaCommunity 
Searmanas Bronnta TEG 2024
Created : 04 Oct 2024, 9:31 AM
Archived : 04 Dec 2024, 12:00 AM

Ba mhaith linn tréaslú lenár ndaltaí i mBliain 6 as na torthaí iontacha a bhaineadar amach i scrúduithe Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Bronnadh teastais orthu ag ócáid bhronnta ar scoil inné. Cuireadh sóláistí ar fáil do na daltaí agus na múinteoirí tar éis na hócáide.

Comhghairdeachas libh go léir.  72.png72.png