Displaying 91-100 of 1273 results.
Féile Ceoil Pádraig Ó Caoimh, Oileán Chiarraí
Created : 25 Oct 2024, 8:36 PM
Archived : 25 Dec 2024, 12:00 AM

Comhghairdeachas leis na daltaí a bhí ag seinnt agus ag rince ar son na Pobalscoile ag Féile Ceoil Traidisiúnta Pádraig Ó Caoimh in Oileán Chiarraí inniu!

Bhí ceoltóirí ann ó scoileanna ar fud an chontae. 

Comórtas Labhairt na Gaelainne
Created : 25 Oct 2024, 8:09 PM
Archived : 25 Dec 2024, 12:00 AM

Tá spotduais na seachtaine, dearbhán do Centra agus ticéad go dtí an chéad Laochra Am Lóin eile buaite ag Thomas Ó Gealbháin i mBliain 2. Buíochas le Rubí Ní Chinnéide, Louise Ní Chíobáin agus Caoimhe Cordubh ón gCoiste Gaelainne a d'eagraigh an crannchur maidin inniu.  72.png 72.png72.png 72.png

Oireachtas na Samhna 2024
Created : 24 Oct 2024, 8:42 AM
Archived : 24 Dec 2024, 12:00 AM
Guímid gach rath ar na daltaí ar fad a bheidh ag glacadh páirte san Oireachtas i gCill Airne an tseachtain seo chugainn.  72.png
Fóiréinseach
Created : 18 Oct 2024, 1:05 PM
Archived : 18 Dec 2024, 12:00 AM

Labhair Alison le daltaí na hIdirbhliana faoi dhúnmharú JFK.  Bhí póstaeir agus giuirléidí eile aici a bhain leis an dúnmharú.

Comórtas Labhairt na Gaelainne
Created : 18 Oct 2024, 12:38 PM
Archived : 18 Dec 2024, 12:00 AM

Tá spotduais na seachtaine, dearbhán do Centra agus ticéad go dtí an chéad Laochra Am Lóin eile buaite ag Laura Nic Gearailt i mBliain 1.

Buíochas le Niamh Ní Shé, Úna Ní Éineacháin agus Mairéad Ní Dhubhaigh ón gCoiste Gaelainne a d'eagraigh an crannchur maidin inniu.  

Cuairt ó St. Brigid's, Cill Airne.
Created : 17 Oct 2024, 10:33 AM
Archived : 17 Dec 2024, 12:00 AM
Thug daltaí na hIdirbhliana ó Mheánscoil Naomh Bríde, Cill Airne turas orainn an tseachtain seo caite. Cuireadh ana fháilte rompu. Eagraíodh céilí agus cluichí i halla na scoile don dá scoil le chéile. Bhí ana lá acu i dteannta chéile.
Camino Chiarraí
Created : 17 Oct 2024, 10:24 AM
Archived : 17 Dec 2024, 12:00 AM
I mí Mhéan Fómhair thug daltaí na hIdirbhliana agus a múinteoirí faoi Chamino Chiarraí. Shiúlaíodar ó Chathair Uí Mhóráin go dtí Abhainn an Scáil agus d’fhanadar thar oíche sa Cham. Bhí ana chuileachta acu.
Seachtain na Meabhairshláinte
Created : 16 Oct 2024, 3:52 PM
Archived : 16 Dec 2024, 12:00 AM

Bhí briseadh ag daltaí na hIdirbhliana ó na gnáth ranganna le déanaí. Tugadh deis dóibh maisiúcháin agus seodra a dhéanamh sna ranganna agus iad ag díriú ar a meabhairshláinte féin.

Seaschéaslóireacht
Created : 16 Oct 2024, 3:44 PM
Archived : 16 Dec 2024, 12:00 AM

Chuaigh Bl.4 ag seaschéaslóireacht i Sláidín le déanaí.  Bhí an lá ana oiriúnach chuige, bhí an ghrian ag taitneamh agus bhí an fharraige deas ciúin.  Bhí ana lá acu.

Físeán anseo: Vimeo.com/1017023446

Pionsóireacht
Created : 16 Oct 2024, 3:38 PM
Archived : 16 Dec 2024, 12:00 AM

D'éirigh le daltaí na hIdirbhliana roinnt scileanna nua a fhoghlain sa phionsóireacht! 

Bhaineadar ana thaitneamh as an gceardlann le Patrick.