Displaying 841-850 of 1142 results.
Craobh na hÉireann do Junk Kouture 2021 !!
Created : 27 Jan 2021, 2:26 PM
Archived : 01 Apr 2021, 12:00 AM
Beidh an Chraobh do Junk Kouture ar RTE Player ar an 4 Feabhra @7pm. Tá nasc anseo chuig fís ó Junk Kouture ag taispeáint Michael Holden agus é ag ullmhú don gcomórtas. Léiríonn sé an obair agus an inspioráid ar fad a chuaigh isteach in Arthur's Legacy. Nasc: pcd07.ie/wp-content/uploads/2021/01/King-Arthur-Michael-Holden-Pobalscoil-Chorca-Dhuibhne-1.mp4
Michael Holden, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Created : 29 Jan 2021, 1:24 PM
Archived : 29 Mar 2021, 12:00 AM
Junk Kouture: Déardaoin Feabhra 4, 2021 ar RTE 2 @7pm. Arthur's Legacy, Michael Holden, Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Bigí linn!
FOCAL AN LAE/ WORD OF THE DAY:
Created : 29 Jan 2021, 1:17 PM
Archived : 29 Mar 2021, 12:00 AM
MISNEACH: Courage, spirit, vigour, strength. Cuirim misneach ar dhuine, I encourage, comfort, invigorate a person. Conas atá an misneach inniu? How are you today?
Junk Kouture
Created : 26 Jan 2021, 11:32 AM
Archived : 26 Mar 2021, 12:00 AM
Beidh an Chraobh do Junk Kouture ar RTÉ 2 ar an 4 Feabhra @7pm. Bígí ag faire amach do ' Arthur's Legacy' le Michael Holden atá i mBl 5 i bPobalscoil Chorca Dhuibhne. Nasc Instagram: www.instagram.com/p/CKTStf7HogY/?igshid=1og8a8oghapen
Sléip 2021!
Created : 26 Jan 2021, 10:52 AM
Archived : 26 Mar 2021, 12:00 AM
Comhghairdeachas le gach éinne a ghlac páirt sa chomórtas aréir. Bhíobhar ar fheabhas ar fad go mór mhór daltaí Phobalscoil Chorca Dhuibhne!! Tá Aisling, Michael agus an grúpa ‘Na hAlpacas’ ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile. Táimid ana-mhórálach asaibh go léir.
Scéalta Spóirt
Created : 22 Jan 2021, 3:45 PM
Archived : 22 Mar 2021, 12:00 AM
Comhghairdeachas le Ruaidhrí Ó Beaglaoich iarscoláire na scoile agus gradam caide bronnta air agus scoláirí na scoile le feiscint ar an gclár 'An Cumann' ar TG4 aréir. Níor chaill fear an mhisnigh riamh é! tuairisc.ie/gradaim-pheile-bronnta-ar-cheathrar-gaeltachta-as-a-gcuid-gaisci-i-gcraobh-na-heireann/ twitter.com/TG4TV/status/1352317803236368389?s=20
Scléip GAel Linn 2021. Dea-scéala!!
Created : 22 Jan 2021, 3:34 PM
Archived : 22 Mar 2021, 12:00 AM
Beidh Craobh na Mumhan de Scléip á chraoladh ar an Luan, 25 Eanáir @ 7pm. Beidh daltaí ó PCD le cloisint sa chraobh. Go n-éirí leo! Nasc YouTube: youtu.be/7xmR74zGLs4
Bailiúchán Bl 4 do BUMBLEance / Transition Year collection for BUMBLEance
Created : 13 Jan 2021, 4:05 PM
Archived : 13 Mar 2021, 12:00 AM
Bhailigh an Idirbhliain €193.75 ar mhaithe le BUMBLEance roimh na Nollag. Is cabhair mhór é sin go mór mhór i mbliana. Cuireann BUMBLEance séirbhísí tábhachtacha ar fáil do leanaí óga - seirbhís iompair go dtí an t-ospidéal agus seirbhís ar a dtugtar 'Angel Trip' do leanaí ana-bhreoite (atá ag dul abhaile don uair dheireanach) Transition year students collected €193.75 for BUMBLEance before Christmas. This was a great help especially this year. BUMBLEance provides important services for young children - transport to the hospital and a service called Angel Trip for very sick children who are going home on their final journey. Tuilleadh faoi BUMBLEance: www.bumbleance.com/?doing_wp_cron=1610553254.4761729240417480468750
Devidas Uosis
Created : 13 Jan 2021, 12:56 PM
Archived : 13 Mar 2021, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí lenár n-iarscoláire Devidas Uosis atá imithe chun na hAstráile chun caid a imirt leis na Brisbane Lions. Go n-éirí go geal leis! Congratulations to our past pupil Devidas Uosis who has gone to Australia to play football with the Brisbane Lions. The very best of luck to him!
Cheistigh daltaí ón gCoiste Gaolainne daoine ar scoil an tseachtain seo caite!
Created : 28 Dec 2020, 12:24 PM
Archived : 28 Feb 2021, 12:00 AM
Cad a chabhraigh leo teacht trí 2020 ón uair gur bliain chruaidh a bhí inti agus cad leis a bhíodar ag súil sa bhliain 2021? Éist leis an méid a bhí le rá acu sa taifead seo (7 nóiméad). Taifead déanta ag Caoimhe Ní Bheaglaoich agus curtha in eagar ag Sibéal Ní Ógáin. pcd07.ie/wp-content/uploads/2020/12/Podchraoladh.mp3 Students from the Irish Committee asked people at school how they felt about 2020 - 2021. They asked what helped them get through 2020, which was a tough year and also what they were looking forward to in 2021. Listen to what they had to say in this recording (7 minutes)! Na cainteoirí ná: Speakers: 1. Sinéad Ní Mhuircheartaigh (Bl 3) 2. Naoise Mac Gearailt (Bl 6) 3. Éamonn Mac Muiris 4. Elaine Ní Loingsigh 5. Niamh Ní Dhomhnaill (Bl 1) 6. Sibéal Ní Ógáin (Bl 4) 7. Colm Ó hEartáin (Bl 6) 8. Méabh Uí Ainiféin 9. Luke Mac Diarmada (Bl 6) 10. Tomás Ó Beaglaoich