Displaying 791-800 of 1232 results.
Foireann Chispheile na mBuachaillí ag imirt arís amárach!
Created : 26 Jan 2022, 12:58 PM
Archived : 26 Mar 2022, 12:00 AM
Tá dúshlán mór eile roimh fhoireann Chispheile na mBuachaillí faoi 19 ar an Déardaoin beag seo. Beidh siad ag scaoileadh faoi Bhaile Átha Cliath arís chun páirt a ghlacadh sa tSraith Uile-Éireann a bheidh ar siúl i Láthair Náisiúnta Chispheile na hÉireann.
Beidh an chéad chluiche ar siúl ar a 11:00 r.n. i gcoinne Choláiste Wesley, Baile Átha Cliath. Má éiríonn leo na cosa a thabhairt leo sa chluiche sin, beidh an dara cluiche acu ar a 3:00 i.n.
Guímid gach rath orthu!
Go n-éirí le foireann chispheile na gcailíní i nGaelcholáiste Chiarraí.
Created : 24 Jan 2022, 9:54 AM
Archived : 26 Mar 2022, 12:00 AM
Go n-éirí le foireann chispheile na gcailíní i nGaelcholáiste Chiarraí atá ag imirt sa Chluiche Ceannais i dTamhlacht.
Míreanna nuachta faoinár bhfoireann bhuacach Chispheile!
Created : 24 Jan 2022, 2:02 PM
Archived : 25 Mar 2022, 12:00 AM
Seaimpíní Uile- Éireann, Corn na Scoileanna faoi 19C, Buachaillí, Eanáir 20, 2022!
Created : 20 Jan 2022, 4:14 PM
Archived : 25 Mar 2022, 12:00 AM
20/1/2022
Cluiche Ceannais Chorn na Scoileanna Uile-Éireann urraithe ag Pinergy i Láthair Náisiúnta Chispheile na hÉireann, Tamhlacht, Baile Átha Cliath
An scór deireanach:
Pobalscoil Chorca Dhuibhne 57
Gaelcholáiste Cheatharlach 34
PCD Abú.
Griangraif: PCD agus Sportsfile
Cispheil na mBuachaillí faoi 19.
Created : 18 Jan 2022, 3:58 PM
Archived : 21 Mar 2022, 12:00 AM
Beidh an fhoireann faoi 19 ag imirt i gCluiche Ceannais Chorn na Scoileanna Uile-Éireann urraithe ag Pinergy ar an Déardaoin beag seo. Beidh siad ag imirt i gcoinne Gaelcholáiste Cheatharlach i Láthair Náisiúnta Chispheile na hÉireann, Tamhlacht, Baile Átha Cliath ag tosnú ar a 2:15 i.n.
Sruthú Beo den chluiche le fáil ar chainéal YouTube Basketball Ireland.
Tá dhá bhus tacaíochta ar an tslí go Tamhlacht!
Created : 20 Jan 2022, 10:44 AM
Archived : 20 Mar 2022, 12:00 AM
Beidh an fhoireann ag bualadh bóthair go luath. Bhí an seisiún deireanach traenála acu in Ollscoil Luimnigh! Go n-éirí go geal leo inniu.
Comórtas Certified Irish Angus
Created : 20 Jan 2022, 9:53 AM
Archived : 20 Mar 2022, 12:00 AM
D'imigh scoláirí ón Idirbhliain go Luimneach an tseachtain seo le haghaidh agallamh don chomórtas Certified Irish Angus.
Sin iad, Sinéad Ní Mhuircheartaigh, Seán Ó Fiannachta agus Páidí Mac Gearailt.
Beidh na torthaí againn an tseachtain seo chughainn
Agallaimh leis an bhfoireann faoi 19!
Created : 19 Jan 2022, 8:09 PM
Archived : 19 Mar 2022, 12:00 AM
Agallaimh leis an bhfoireann faoi 19 a bheidh ag imirt i gCluiche Ceannais na Scoileanna Uile-Éireann amárach le feiceáil ar Vimeo anois.
Buíochas le Joe Saunders, iarscoláire dár gcuid.
Nasc anseo: vimeo.com/667790592
Ranganna Feabhsúacháin & Aclaíochta do scoláirí agus do mhúinteoirí. Níl aon chostas ar na ranganna seo.
Created : 18 Jan 2022, 3:52 PM
Archived : 18 Mar 2022, 12:00 AM
Beidh ranganna Feabhsúacháin & Aclaíochta ar fáil ar Zoom le hÉanna Ó Conchúir i mBeo Fitness. Níl aon chostas ar na ranganna seo. Clár 8 seachtaine, gach Dé Luain ar a 7:00i.n. Tá na ranganna seo oiriúnach do scoláirí agus do mhúinteoirí. Seoladh nasc chuig an rang zúm go dtí na scoláirí ar fad sa Phobalscoil.
Bígí linn!
Cúrsaí Cainte 2022 - Tobar Dhuibhne
Created : 14 Jan 2022, 10:05 AM
Archived : 17 Mar 2022, 12:00 AM
Cláraigh / Register : www.tinyurl.com/Caint2022
Cleachtadh Cainte / Speaking Practice
Gaelainn do Thuismitheoirí / Irish for Parents
Bunrang Cainte / Basic Irish Language Conversational Class (complete beginners)