Displaying 871-880 of 1142 results.
Ardteist 2020
Created : 15 Sep 2020, 9:47 AM
Archived : 15 Nov 2020, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí lenár ndaltaí a dhein an Ardteist i mbliana. Is dream speisialta iad na daltaí seo a chuir bliain dúshlánach sios agus táimid ana-mhórálach astu. D'éirigh thar barr leo agus guímid gach rath agus ádh orthu ina saol amach anseo.
Fáilte ar ais ar scoil
Created : 01 Sep 2020, 10:45 AM
Archived : 01 Nov 2020, 12:00 AM
Míle fáilte roimh Bhliain 1 agus 6 atá tagtha thar n-ais ar scoil chugainn. Is iontach an rud é sibh a bheith anseo. Go n-éirí libh. Beimid ag cur fáilte roimh Bhliain 5 amárach!
Comhghairdeachas le daltaí ó Bhl.4 a bhuaigh duaiseanna Press Pass le déanaí !
Created : 27 May 2020, 9:24 PM
Archived : 27 Jul 2020, 12:00 AM
Seo ceann Kaylin!

Pdf-1
Comhghairdeachas le daltaí ó Bhl.4 a bhuaigh duaiseanna Press Pass le déanaí !
Created : 27 May 2020, 9:17 PM
Archived : 27 Jul 2020, 12:00 AM
Tháinig Kaylin Ní Ghealbháin sa 3ú háit sa chatagóir News Writing le 'Wren Boys' Tháinig Mahdi Ní Chonmhaoile sa dara háit sa chatagóir Sports Writing le 'Cloudy with a chance of Pooh Bears' Agus tháinig Michael Holden sa dara háit sa chatagóir Feature writing le 'Hanging onto the Yardarm' Is gradam mór é an duais Press Pass agus táimid ana-mhórálach as ár ndaltaí a bhain an t-éacht seo amach. Comhghairdeas ó chroí libh agus le bhur múinteoirí Berney, Fiona agus Fergal.

Pdf-1

Pdf-2
Press Pass 2020!
Created : 19 May 2020, 11:18 AM
Archived : 22 Jul 2020, 12:00 AM
Shroich triúr ó PCD an babhta ceannais do Press Pass i mbliana. Siad san ná: Kaylin Ní Ghealbháin le 'Wren Boys' Mahdi Ní Chonmhaoile le 'Cloudy with a chance of Pooh Bears' Michael Holden le 'Hanging onto the Yardarm' Fógrófar na buaiteoirí ar an Luan seo an 25 Bealtaine, 2020 san Irish Times agus san Irish Examiner. Go n-éirí libh! newsbrandsireland.ie/press-pass-finalists-2020/
Duais buaite ag Liam Ó hÓgáin, Finn Dáibhis agus Patrick Saunders!
Created : 11 May 2020, 11:45 AM
Archived : 11 Jul 2020, 12:00 AM
Bhuaigh Liam Ó hÓgáin, Finn Dáibhis agus Patrick Saunders Craobh na hÉireann sa chomórtas 'Clár na gComhlachtaí' inné. Comórtas Náisiúnta é seo atá eagraithe ag Údarás na Gaeltachta agus ag Junior Achievement Ireland. Bíonn os cionn 750 dalta Idirbhliana istigh ar an gcomórtas gach bliain, ó na Gaeltachtaí ar fad in Éirinn. 8 ngrúpa a bhí sa Chraobh, agus b'iad 'Rí na bhFocal' ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne a thug leo an chéad duais, lena gcluiche boird as Gaelainn. B'iad an chéad ghrúpa as Ciarraí chun an comórtas a bhuachaint. Tá siad anois ag imeacht ar aghaidh go dtí Craobh na hEorpa, ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann ag deireadh mhí Iúil. Is comórtas ollmhór é seo atá eagraithe ag Junior Achievement Europe, ina mbíonn os cionn 200 dalta as níos mó ná 40 tír ag iomaíocht ar son 'Comhlacht na Bliana'. Sna blianta a d'imigh romhainn, bhí breis is 345,000 dalta istigh ar na comórtaisí Junior Achievement sna tíortha ar fad. Beidh painéal iontach de mholtóirí ag déanamh scrúdú ar tháirgí agus ar sheirbhísí na n-iomaitheoirí. Bhí an comórtas le bheith ar siúl sa Phortaingéil i mbliana, ach gan dabht ní bheidh sé ag dul ar aghaidh. Beidh na buachaillí ag déanamh a gcur i láthair do na moltóirí ar 'zoom' ar líne ina áit. Guímid gach rath orthu.
Michael Holden agus Junk Kouture
Created : 09 Mar 2020, 12:25 PM
Archived : 09 May 2020, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Michael atá ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann leis an gculaith iontach a dhear agus a chuir sé le chéile - Arthur's Legacy. Beidh Craobh na hÉireann ar siúl sa 3 Arena i mBÁC ar an 30 Aibreán. Is ábhar athláimhe a chaitear a úsáid agus bhain Michael úsáid as píosaí leathair a bheadh á gcaitheamh amach ó cheardlann a thuismitheoirí agus fuair sé píosaí miotail ó sheana-ríomhairí na scoile. An tuairim atá laistiar den gculaith ná é seo - deir an seana-scéal go dtiocfadh Rí Arthur ar ais ar an saol nuair a bheadh géarghá ag an domhan lena chabhair agus lena chumhacht. Tá Michael ag samhlú an bhliain 3000 agus an domhan scriosta ag cogaí, ceimicigh agus truailliú ach seo chugainn Arthur ina chulaith draíochta chun cosaint a thabhairt do dhaoine ina gháthar. Congratulations to Michael who is going ahead to the Grand Final of Junk Kouture in the 3 Arena in Dublin on the 30th April. His creation is called Arthur's Legacy and uses scrapes of leather from his parents' workshop and also pieces of metal from old computers in the school. His inspiration is the tale of king Arthur which says that Arthur would return to the world in times of great need. Michael imagines a post-apocalyptic world in the year 3000, where the world is decimated by wars, chemicals and pollution. This outfit confers Arthur's power on the wearer and offers protection to those who seek it.
Dráma Fraincise ar siúl ar scoil
Created : 09 Mar 2020, 10:02 AM
Archived : 09 May 2020, 12:00 AM
Thug lucht www.FTFS.ie cuairt ar an scoil le déanaí chun dráma Fraincise a chur ar siúl. Bhain na daltaí taitneamh & tairbhe as, agus bhí cuid acu gníomhach ann!
Seó ar siúl anocht! Last chance to catch the show tonight!
Created : 05 Mar 2020, 2:26 PM
Archived : 05 May 2020, 12:00 AM
Beidh Draíocht ón Ríocht ar siúl arís anocht ar a 7.30pm i halla na scoile - seo an seans deireanach é a fheiscint, tacaíg leo! The 4th year's show is on again tonight at 7.30pm - don't miss out out this last chance to see them in action!
Cailíní ar fhoireann mhioniúir Chiarraí!
Created : 28 Feb 2020, 10:19 AM
Archived : 28 Apr 2020, 12:00 AM
Beidh Lisa Nic Gearailt agus Rachel Ní Chonchúir ag imirt le Mionúir Chiarraí i gcoinne Thiobraid Árainn an Domhnach beag seo, 1 Márta i gClub na Mistéallach, Trá Lí. Tosú ag 1:30pm. Bígí ann!