Displaying 881-890 of 1142 results.
Bua ag foireann Rugbaí PCD
Created : 28 Feb 2020, 10:18 AM
Archived : 28 Apr 2020, 12:00 AM
Bhí bua maith ag foireann rugbaí PCD i gcoinne Chionn tSáile Dé Máirt, 25ú Feabhra. Beidh Cluiche Leathcheannais na Mumhan ag teacht go luath! Go n-éirí libh!
Daltaí ar fhoireann Chiarraí faoi 20!
Created : 28 Feb 2020, 10:17 AM
Archived : 28 Apr 2020, 12:00 AM
Comhghairdeas le Cillian Ó Failbhe, Colm Ó Muircheartaigh agus Dylan Ó Géibheannaigh a bhí ag imirt le foireann Chiarraí faoi 20 Dé Céadaoin seo caite. Bhí iarscoláirí ar an bhfoireann leis: Ruaidhrí Ó Beaglaoich agus Deividas Uosis. Beidh said ag imirt i gcoinne Corcaigh i gCluiche Ceannais na Mumhan an tseachtain seo chugainn. Go n-éirí libh.
Béibhinn Ní Shíthigh ar fhoireann caide Chiarraí faoi 14 - Comhghairdeachas!
Created : 25 Feb 2020, 11:54 AM
Archived : 28 Apr 2020, 12:00 AM
Guímid gach rath ar Bhéibhinn agus ar fhoireann caide Chiarraí i mbliana.
Seó na hIdirbhliana - Draíocht ón Ríocht! (Transition Year Variety Show!)
Created : 25 Feb 2020, 11:53 AM
Archived : 25 Apr 2020, 12:00 AM
‘Draíocht ón Ríocht’ Seó Ilchineálach Bhliain 4 - 2020 Beidh daltaí Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag léiriú seó ilsiamsa ar an 4ú agus 5ú Márta ag a 7.30 i.n i halla PCD. Tá súil againn go mbainfidh idir óg agus aosta taitneamh as an seó. Beidh ‘Cuisle an Cheoil’ mar phríomh-cheoldráma na hoíche. Agus beidh míreanna difriúla ann ó Scoobaí Doo Derry Girls Montí Fhaighton Beidh ticéid ar fáil ar an oíche. ‘Sé an costas a bheidh orthu ná €10 do dhaoine fásta, €5 do dhaltaí agus leanaí ,€20 do chlann (2 thuismitheoirí ,2 leanbh/scoláire). Tá súil againn go mbeidh sibh ann agus go dtabharfaidh sibh tacaíocht do dhaltaí idirbhliana Phobalscoil Chorca Dhuibhne . Daltaí na hIdirbhliana, Pobalscoil Chorca Dhuibhne 2020 ___________________________________________________ Transition year students of Pobalscoil Chorca Dhuibhne will be staging a variety show on the 4th and 5th of March at 7.30pm in the school hall and the show will be performed through Irish . The transition year students have been practising their dance routines, song lyrics and acting since last September. The show will present a variety of entertaining selections from musicals such as The Sound of Music Scooby Doo Derry Girls Monty Python Tickets will be available on the night- €10 for adults,€5 for children and students, €20 for a family ticket (two adults and two children). We hope to see you there supporting our transition year students.
Comórtas luthchleasaíochta
Created : 14 Feb 2020, 11:59 AM
Archived : 14 Apr 2020, 12:00 AM
D'éirigh ana-mhaith le foireann PCD ag an gcomórtas. Bhí caighdeán ana-ard ann! Beidh siad ar ais!
Turas go Ros Muc
Created : 14 Feb 2020, 11:54 AM
Archived : 14 Apr 2020, 12:00 AM
Chuaigh 12 dalta ón scoil ar thuras go Ros Muc i gConamara go dtí Ard-Fheis na nÓg. Chaitheamar oíche thuas le muintir Chonamara a chuir ana-fháilte romhainn. Bhí ana-chuid scoileanna eile páirteach san ócáid agus seans iontach a bhí ann am a chaitheamh i nGaeltacht eile seachas ár gceann féin agus blaiseadh a fháil den saol i gConamara! Thugamar turas ar Theach an Phiarsaigh Dé Céadaoin agus cuireadh oíche siamsaíochta ar siúl dúinn an oíche sin agus lá arna mháireach bhí ceardlanna agus díospóireacht ann sula mbuaileamar bóthar abhaile. Táimid ana-bhuíoch don gcleas thuas as fáilte a chur romhainn.
Vótáil Junk Kouture
Created : 07 Feb 2020, 1:14 PM
Archived : 14 Apr 2020, 12:00 AM
Ná déan dearúd do vótaí SUPER FRIDAY a thabhairt do Arthur's Legacy inniu! Go raibh míle maith agat! Instagram: @arthurs_legacy Facebook: Arthur’s Legacy Email: arthurslegacy@gmail.com
Scannáin déanta ag daltaí PCD! Gaisce déanta acu!
Created : 10 Feb 2020, 12:26 PM
Archived : 10 Apr 2020, 12:00 AM
Chaith daltaí cúpla seachtain ag déanamh taifead ar scannán istigh ar scoil, chomh maith le bheith ag déanamh eagarthóireacht air. Scannán faoi bhulaíocht a bhí ann (fisiceach, fágáil amach agus cíbear). D'éirigh le 10 ngrúpa dul ar aghaidh go dtí an gcraobh amach as 200, 2 cheann ón bPobalscoil. Bhí sé á rith ag St. Patrick's Hospital. Chuadar suas go BÁC Dé hAoine agus bhí ana-am acu. Thaispeánadar an 10 scannán ó mheánscoileanna agus 10 ós na daoine fásta - bhí an caighdeán ana-ard sa dá roinn. Bhí daoine mór le rá ag déanamh moltóireacht air agus bhíodar ag caint faoin dtábhacht atá leis na comórtaisí seo a rith chun aird an phobail a dhíriú ar chúrsaí meabhairshláinte. Fuair gach grúpa ar an ngearrliosta fráma ag léiriú go rabhadar imithe chomh fada seo. Bhí duaischiste mór ann - €1000 don 1ú áit agus €500 don dara háit. Tá fáil ar na scannáin ar Youtube agus na buaiteoirí ar shuiomh idirlín 'Frame of Mind’. Grúpa 1: Liam Ó hÓgáin, Finn Dáibhis, Owen Ó Muirthuile, Caolán Ó Riain, Patrick Mac Sandair, www.youtube.com/watch?v=XSEh3Uszi4Y Grúpa 2: Emma Ní Chinnéide, Orlaith Ní Dhugáin, Ailbhe Ní Néill agus Ben Ó Briain www.youtube.com/watch?v=op96HtfJtcs Well done to all our students who participated in this film-making competition promoting mental health awareness. Two films from the school made it to the final 10 in the competition and the students travelled to Dublin where their films were screened. This was an enormous achievement and congratulations to them!
Gradam ceoil buaite ag Ava Ní Dhubhaigh
Created : 07 Feb 2020, 8:18 AM
Archived : 07 Apr 2020, 12:00 AM
Bhuaigh Ava Ní Dhufaigh, Bl. 2, Gradam Maud O'Hanlon ag féile Feis Maitiú ar an Máirt. Is éacht ar leith é an gradam san a bhaint amach, ana-ghaisce déanta aici. Comhghairdeachas léi! Ava Ní Dhubhaigh won the Maud O'Hanlon Trophy on Tuesday at Feis Maitiú. It was an amazing achievement and many congratulations to her!
Comórtas luthchleasaíochta tras-tíre, Mumhain Thuaidh / North Munster cross country
Created : 04 Feb 2020, 11:55 AM
Archived : 04 Apr 2020, 12:00 AM
Bhí comórtas luthchleasaíochta tras-tíre, Mumhain Thuaidh ar siúl 30/01/2020. Tháinig foireann ó Bl.1 sa dara háit; Harry Ó Curráin, JJ Mac Liam, Diarmuid Ó Ciardhubháin agus Seán Ó Cúinn. Beidh siad ag dul ar aghaidh go dtí Comórtas na Mumhan ar an 13 Feabhra. Bhí gaisce déanta ag an dara foireann leis, fuair siad an ceathrú háit: Cathal Ó Dufaigh, Cathal Ó Fearghaíl Gromail, Diarmuid Ó Seaghadha agus Tadhg Ó Cathail. Beidh Oscar Ó Donnagáin Bl. 2 ag dul ar aghaidh go dtí an chéad bhabhta eile leis. Daoine eile a bhí ag rith ar an lá; Summer Nic Carthaigh, Malachaí Ó Ciardhubháin agus David Ó Catháin. Congrats to all the students who took part in this competition. Best of luck to those who are going ahead to the next round.