Displaying 861-870 of 1142 results.
Gaeilge 24 - Lá Folláine do Bhliain 1
Created : 12 Nov 2020, 12:49 PM
Archived : 12 Jan 2021, 12:00 AM
Bhí lá iontach ag Bliain 1 Dé Máirt 10 Samhain. Chuireamar lá Gaeilge 24 le Conradh na Gaeilge ar siúl agus cuireadh gníomhaíochtaí spraíúla, taitneamhacha ar siúl i ngach rang i rith an lae, Bhí Seisiún HIIT ann, Tráth na gCeist, Seisiún Machnaimh, cluichí ranga etc. Bhí ana-chraic againn. 1st Years had a great day last Tuesday 10th November. They participated in Gaeilge 24 with Conradh na Gaeilge where we had various activities as part of every class. They had a HIIT session, an online Quiz, Meditation, classroom games etc. We had great craic!
Cluichí Caide
Created : 06 Nov 2020, 11:07 AM
Archived : 06 Jan 2021, 12:00 AM
Go n-éirí le foirne caide Chiarraí sna cluichí ag an ndeireadh seachtaine. Tá iar-scoláirí na Pobalscoile ag imirt leo: Louise Ní Mhuircheartaigh, Niamh Ní Chonchúir , Pól Ó Geibhnaigh, Tom Ó Súilleabháín agus Briain Ó Beaglaoich. Guimid gach rath oraibh!
Go n-éirí le Marc agus Geelong Cats amárach!
Created : 23 Oct 2020, 8:27 PM
Archived : 23 Dec 2020, 12:00 AM
Idirbhliain -Siúlóid, Meán Fómhair 22, 2020
Created : 23 Oct 2020, 10:18 AM
Archived : 23 Dec 2020, 12:00 AM
Chuaigh Bliain 4 ag siúl ón bPobalscoil suas tharais An Chuileannach agus Baile an Ághasaigh go Barr Conrach, timpeall Cnoc Maol Mór agus Cnoc Maol Beag, cuid de Shlí Chorca Dhuibhne/Camino Chiarraí ó Lios Póil go dtí Bhaile an Bhlúlaeraigh ansan ar ais ar scoil!! - 18.7km le dreapadh 618m!!! Bhí ana-lá againn. Dhein sé maitheas don gcroí agus don anam!
Go n-éirí le Marc agus na Geelong Cats!!
Created : 22 Oct 2020, 5:03 PM
Archived : 22 Dec 2020, 12:00 AM
Go n-éirí le Marc Ó Conchúir, iar-scoláire atá ag imirt le Geelong Cats i gcoinne Richmond san AFL Grand Final. Beidh sé ar siúl maidin Dé Sathairn ar a 8:30am. Go n-éirí leat, a Mharc. Geelong Cats Abύ!
Cluiche Ceannais sroichte ag Cailíní Chorca Dhuibhne faoi 16
Created : 29 Sep 2020, 10:13 AM
Archived : 29 Nov 2020, 12:00 AM
Beidh an cluiche ceannais ar siúl amárach i ngort Mhistéalaigh i dTrá Lí i gcoinne Mainistir Ó dTorna. Gach rath oraibh a chailíní agus ar ár múinteoir Pádraig Ó Dubhaigh atá á dtraenáil!
Cúrsa Spioradálta ag Bliain 4
Created : 24 Sep 2020, 2:27 PM
Archived : 24 Nov 2020, 12:00 AM
Tháinig Declan Browne ó Mir Retreats chugainn Dé Luain chun cúrsa spioradálta a dhéanamh le Bliain 4. Tagann Declan chugainn gach bliain agus baineann na daltaí ana-thaitneamh as. Declan Browne from Mir Retreats was with the 4th Years on Monday. He comes here every year and the students find those retreats very enjoyable.
Turas go bá an Daingin agus Fungie!
Created : 24 Sep 2020, 2:21 PM
Archived : 24 Nov 2020, 12:00 AM
Dé Céadaoin 23 Meán Fómhair, chuaigh Bliain 4 amach ar thuras báid timpeall bhá an Daingin agus chonaiceadar Fungie agus bhí ana-lá acu! Bhí ana-sheans leo leis an aimsir.
Cúrsa Ceannaireachta tosnaithe ag Bl 4 / Leadership Course for 4th Years
Created : 15 Sep 2020, 9:59 AM
Archived : 15 Nov 2020, 12:00 AM
Cuireadh tús inné le Cúrsa Ceannaireachta do Bhliain 4. Bhí ana-lá acu sa halla ag foghlaim conas cluichí a mhúineadh do dhaoine óga! 4th Years stared a Leadership course yesterday and had a great time in the Hall learning how to teach and organise games for young people!
Comhghairdeachas Lauren, Brenna & Síomha!
Created : 15 Sep 2020, 9:55 AM
Archived : 15 Nov 2020, 12:00 AM
Comhghairdeachas lenár múinteoir Lauren Nic an Rí a bhí mar chaptaen ar fhoireann caide Abhainn an Scáil/ Caisleán an Ghriaire a bhuaigh an Randels Brothers Junior C ar an nDomhnach. Bhí Brenna Ní Néill, Bl 5 agus Síomha Ní Ainiféin (iardhalta) ar an bhfoireann chomh maith. Chugam aniar sibh.