Displaying 811-820 of 1142 results.
Dea scéala Fiontraithe Óga na Pobalscoile!
Created : 22 Apr 2021, 4:03 PM
Archived : 22 Jun 2021, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Sibéal Ní Ógáin, Caoimhe Ní Bheaglaoich agus Aoife Feirtéar Bliain 4 atá tar éis an Chraobh Náisiúnta Chlár na gComhlachtaí 2021 a bhuachtaint le Cártaí Feasa. Rachaidh siad ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag Craobh na hEorpa! Comhghairdeachas chomh maith le Ciara Ní Geibheannaigh, Edie Hall agus Miriam Ní Shúilleabháin Bliain 4 a bhuaigh an duais nualaíoch do Bain Triail As! Éacht den scoth bainte amach agaibh! Comhghairdeachas leis lena múinteoir Trish Uí Éanacháin a thug tacaíocht agus spreagadh iontach dóibh. twitter.com/UdarasnaG/status/1385236816400424961?s=20
Fiontar
Created : 22 Apr 2021, 10:22 AM
Archived : 22 Jun 2021, 12:00 AM
Go n-éirí go geal le fiontraithe óga na scoile atá le dul san iomaíocht inniu chun áit a bhaint amach i gCraobh na hEorpa do fhiontraithe óga. Foclaíocht feirmeoireachta ón mBaile Uachtarach le hEoinín Feirtéar agus a iníon Aoife Feirtéar Bliain a 4 le feiscint sa bhfíseán thíos. twitter.com/tuairiscnuacht/status/1385092533135499272?s=20 twitter.com/MOLSCEAL/status/1382383038949163016?s=20
Beannacht Dé leis an Athair Ó hIceadh
Created : 15 Apr 2021, 10:28 AM
Archived : 15 Jun 2021, 12:00 AM
Bhíomar riamh ana-bhuíoch don Athair Ó hIceadh anseo i bPobalscoil Chorca Dhuibhne. Is minic a thagadh sé isteach agus cabhair agus comhairle a thabhairt dúinn le drámaí agus ceolchoirmeacha agus píosaí a ullmhú don Oireachtas. Bhí bua na cruthaitheachta agus na hamharclanaíochta go láidir ann agus ní bhíodh leisce go deo air na buanna sin a roinnt linn. Fear é a bhíodh i gcónaí lán d'fhuinneamh agus joie de vivre agus é lúfar aclaí go dtí an deireadh. Bhí seans linn é a bheith inár measc. Suaimhneas síoraí air.
Scléip 2021!
Created : 15 Apr 2021, 10:08 AM
Archived : 15 Jun 2021, 12:00 AM
Comhghairdeachas le gach duine a ghlac páirt sa Chraobh Cheannais de Scléip Gael Linn aréir. Bhí ard-chaighdeán agus taispeántas iontach le cloisint. Agus dhein daltaí PCD: Aisling Ní Dhubhaigh, Adriana Dargyte, Clare Ní Allarúin, Cora Ní Shlattara & Ella Nic a tSíthigh, Bliain 3 agus Michael Holden, Bliain 5 ana-léiriú ar son na scoile. Maith sibh go léir - éacht mór an Chraobh a bhaint amach! Comhghairdeachas le Michael Holden a tháinig sa tarna háit sa chomórtas Ceol Aonarach Sinsear. Is féidir libh féachaint siar ar an gCraobh anseo: YouTube: youtu.be/oBtADL3ifL0 Facebook: www.facebook.com/gaellinnie/videos/1141243982969889/
Craobh Scléip ANOCHT @7pm!! Bígí Linn!!
Created : 14 Apr 2021, 5:00 PM
Archived : 14 Jun 2021, 12:00 AM
Seo an dá nasc chuig craoladh Craobh Scléip 2021 tráthnóna inniu, 14 Aibreán, ag 7i.n. YouTube: youtu.be/oBtADL3ifL0 Facebook: www.facebook.com/gaellinnie/videos/1141243982969889/ Go n-éirí leis na hAlpacas, Clare Ní Allarúin, Ella Nic an tSithigh, Adriana Dargyte, Aisling Ní Dhubhaigh, Viktorie Céchova & Cora Ní Shlattara agus Michael Holden PCD abú!
Go leor gradam buaite ag daltaí PCD ag TechFéile / Lots of awards for PCD students at TechFéile!
Created : 26 Mar 2021, 11:30 AM
Archived : 26 May 2021, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí le Sibéal Ní Ógáin, a ainmníodh mar scoláire na bliana ag #TechFéile2021 tar éis di bheith páirteach i 5 thionscnamh iontacha - dhá ghearrscannán, dhá phodchraoladh & beochan físe a rinne sí féin. Comhghairdeachas chomh maith le Caoimhe Ní Bheaglaoich, Maisie Hall & Sibéal Ní Ógáin a tháinig sa chéad áit sa chatagóir "Léiriú Fuaime" lena togra "Podchroladh PCD", faoi stiúir a múinteoir, Sinéad Ní Riain. Bhí ceol den scoth ón ngrúpa "Alpacas" i mBl.3 le feiceáil & le clos ann, maith sibh cailíní, agus le Deirdre Ní Ghrainbhéil, a múinteoir. Clare Ní Allarúin, Ella Nic an tSithigh, Adriana Dargyte, Aisling Ní Dhubhaigh, Viktorie Céchova & Cora Ní Shlattara a bhí i mbun seo. Comhghairdeachas chomh maith leis an ngrúpa seo ó Bhl.4 a chuir an gearrrfhíseán alainn "Dianghlasáil i gCorca Dhuibhne" le chéile - ainmníodh é sa ghearrliosta deireanach den 3 cinn is fearr sa tír. Maith sibh le gach éinne eile a bhí páirteach ann: Edie Hall, Malachaí Ó Ciardhubháin, Caoimhe Nic Eoin, Siún Ní Eartáin, Sibéal Ní Ógáin, Miriam Ní Shúilleabháin agus David Ó Catháin. Agus maith thú Aisling Ni Dhubhaigh a bhí mar láithreoir áitiúil dúinn anseo. Comhghairdeachas leo go léir, an-bhródúil astu. (Pádraig Ó Dubhaigh)
Torthaí an chomórtais Fiontar! Congratulations to our enterprising students!
Created : 25 Mar 2021, 9:42 AM
Archived : 25 May 2021, 12:00 AM
Comhghairdeachas ó chroí leis na daltaí go léir ó Bhliain 4 & 1 a ghlac páirt i gcomórtais Fiontar inné. Tá siad nótálta. Seo hiad na torthaí: Bl 4 - Comórtas Junior Achievement urraithe ag Údarás na Gaeltachta Gradam Nuálaíochta - Aivaras Uosis, Rónán Ó Beaglaoich, Jack Ó Curráin, Tomás Ághas agus Luke Ó Grifín. Gradam Díolacháin - Antaine Ó Séaghdha, Malachaí Ó Ciardubháin. Buaiteoirí ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann ná: Sibéal Ní Ógáin, Caoimhe Ní Bheaglaoich, Aoife Firtéar, Ciara Ní Ghéibheannaigh, Edie Hall, Miriam Ní Shúilleabháin. Bl 4 - comórtas Young Enterprise Scheme urraithe ag Oifig Fiontar Áitiúil Buaiteoirí an Chontae - Sibéal Ní Ógáin, Caoimhe Ní Bheaglaoich, Aoife Firtéar. - ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann sa chomórtas seo freisin. Bl 1 - comórtas Young Enterprise Scheme - Buaiteoirí do dhá dhuais An dara háit i gCraobh an Chontae agus buaiteoirí an Phlean Gnó is fearr ná Katie Ní Éanacháin, Máiréad Ní Dhubhaigh, Orlaith Nic an Rí, Sarah Ní Allaráin agus Claire Piarais Ní Chíobháin. Tá éacht déanta acu ar fad!
Gearrscannán déanta ag daltaí / A short film made by our students during lockdown
Created : 18 Mar 2021, 12:52 PM
Archived : 25 May 2021, 12:00 AM
Seo thíos nasc chuig Gearrscannán deas dár teideal "Dianghlasáil i gCorca Dhuibhne" le míreanna ann ó Edie, Malachaí, Caoimhe Nic Eoin, Siún, Sibéal, Miriam agus David. Níl ann ach 8 nóiméad, bain taitneamh as tráthnóna le muga caifé! Here's a link to a lovely film entitled "Dianghlasáil i gCorca Dhuibhne" with appearances from Edie, Malachaí, Caoimhe Nic Eoin, Siún, Sibéal, Miriam and David. It's only 8 minutes long. Enjoy! drive.google.com/file/d/1ex0RV_mhDx4DE9NF-xMRHjJqW0RVU4E1/view?usp=sharing
Bóithrín na Smaointe.!
Created : 23 Mar 2021, 12:21 PM
Archived : 23 May 2021, 12:00 AM
Ár laochra ó 2011 sa bhaile agus i gcéin ar an lá stairiúil le 7 gcraobh mór le rá cispheile buaite ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Ba mhaith iad! vimeo.com/527528969
Comhghairdeachas le Jack Kennedy!
Created : 23 Mar 2021, 12:14 PM
Archived : 23 May 2021, 12:00 AM
Tá an marcach óg Jack Kennedy ón nDaingean, iar scoláire na scoile seo tar éis An Gold Cup a bhuachtaint ag Féile Cheltenham.Is fada ó Ráiseanna an Daingin agus Ráiseanna Bhéal Bán san!Gaisce bainte amach aige. Mair a chapaill agus geobhair féar. twitter.com/saolodheas/status/1373972183354068994?s=20 twitter.com/NuachtTG4/status/1372992768985862147?s=20 Grianghraf: independent.ie