Displaying 821-830 of 1142 results.
Comhghairdeachas Cillian!
Created : 23 Mar 2021, 12:07 PM
Archived : 23 May 2021, 12:00 AM
Tá Cillian Ó Failbhe, iar-scoláire dúinn ó Abhainn an Scáil ainmnithe mar Imreoir Óg na Bliana, Cúige Mumhan, faoi 20 bliain d'aois. Ana-imreoir caide is ea é, nár laga Dia é!
Ar an lá seo 10 mbliana ó shin, d’éirigh le grúpa speisialta imreoirí an 7ú Craobh uile Éireann sa chispheil a bhuachaint!
Created : 23 Mar 2021, 9:38 AM
Archived : 23 May 2021, 12:00 AM
Ar an lá seo 10 mbliana ó shin, d’éirigh le grúpa speisialta imreoirí an 7ú Craobh uile Éireann sa chispheil a bhuachaint do Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Gaisce thar na ngaiscí. Fé 19A - PCD 50, Naomh Iosaef, Mainistir na Féile 46. Bain súp as na cuimhní. twitter.com/pcd_07/status/1374270214003683330?s=21
Deividas Uosis san Astráil!
Created : 15 Feb 2021, 8:20 PM
Archived : 23 May 2021, 12:00 AM
www.facebook.com/1610342069289340/posts/2936203536703180/?vh=e Comhghairdeachas lenár n-iarscoláire Deividas!
Comórtas Grianghrafadóireachta sa scoil / Photography competition at school
Created : 18 Mar 2021, 12:48 PM
Archived : 18 May 2021, 12:00 AM
Comhghairdeachas Malachaí as na grianghraifeanna draíochtúla a tógadh le linn na dianghlasála.
Comhghairdeachas le daltaí Fiontair
Created : 18 Mar 2021, 12:44 PM
Archived : 18 May 2021, 12:00 AM
Tréaslaímid leis an daltaí seo a leanas a roghnaíodh chun dul ar aghaidh go dtí an gcéad bhabhta eile den gcomórtas Student Enterprise! Beidh siad ag dul faoi agallamh ar an 24 Márta 2021 ar Zoom. Go n-éirí go geal leo. Many congrats to the following 1st year and 4th year students who have been chosen to progress to the next stage of the Student Enterprise competition. They will be interviewed via Zoom on the 24th March 2021. The best of luck to them! Bl 1 Claire Piarais Ní Chíobháin Sarah Ní Allaráin Katie Ní Éanacháin Orlaith Nic an Rí Máiréad Ní Dhubhaigh Hannah Nic Gearailt Líle Ní Ghairbhí Bl 4 Malachaí Ó Ciardubháin Antaine Ó Seaghdha Sibéal Ní Ógáin Caoimhe Ní Bheaglaoich Aoife Firtéar
I Wish le cailíní Bliain 3 & 4
Created : 18 Mar 2021, 12:38 PM
Archived : 18 May 2021, 12:00 AM
Is tionscnamh é I Wish chun cailíní a spreagadh chun dul i dtreo gairm sna hábhair eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus mata. Ghlac 80 dalta ón bpobalscoil páirt ann i mbliana. Bhí sé ar siúl ar líne i mbliana, ní nach ionadh. I Wish is an initiative that inspires and motivates young female students to pursue careers in science, technology, engineering and maths. 80 students from the Pobalscoil participated in the virtual event this year.
Focal an Lae: Dóchas: Hope,expectation,trust,optimism.
Created : 16 Mar 2021, 6:58 PM
Archived : 17 May 2021, 12:00 AM
Táim lán de dhóchas! I am filled with hope! Tá dóchas agam asat. I trust in you. Dóchas a mhúscailt i nduine. To inspire hope in someone. Cúis dóchais. Reason for optimism. Bímís dóchasach! Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh.
Comhghairdeachas ó chroí le daltaí Ealaíne Bhliain 4!
Created : 16 Mar 2021, 10:06 AM
Archived : 16 May 2021, 12:00 AM
Zenceangal - Ar Scáth a Chéile Comhghairdeachas ó chroí le daltaí Ealaíne Bhliain 4! Tá gradam speisialta fachta acu ó RTÉ as an saothar ealaíne a dheineadar don gcomórtas This is Art. Tá sé le feiscint anois ar dhánlann RTE ar líne: www.thisisart.ie/ages/groups agus www.thisisart.ie/groups/pobalscoil-chorca-dhuibhne-ty-a-31-01-2021-1-41-29 Le linn na dianghlasála i mí Eanáir bhíomar gnóthach sa rang ealaíne ag déanamh Zentangles. Is saghas déantús patrúin é Zentangles. Ní dhéanann tú mórán pleanála air roimh ré, ligean tú do na cruthanna agus na línte forbairt píosa ar phíosa. An tuairim atá laistiar de ná do scíth a ligean agus cur chuige Zen a bheith agat ina leith. Ionas go dtiocfadh na híomhánna le chéile ar deireadh, bhí orainn aontú ar 3 rud, sin eile: 1) Oibriú ar leathanach bán A4, 2) Peann le dúch dubh a úsáid, 3) pointí ar leith ar chiumhais an leathanaigh a úsáid ionas go mbeadh ceangal eatarthu ar fad ag an deireadh. Nuair a bhí an obair déanta ag na daltaí, thógadar grianghraf dó agus dheineadar é a uaslódáil. Cuireadh na pictiúirí ar fad isteach i gcomhad Google Slide. Nuair a bhí na daltaí sa rang Zoom bhíodar ar fad ábalta oibriú le chéile ar an gcáipéis agus na pictiúirí a bhogadh timpeall chun slite difriúla a aimsiú chun iad a cheangal le chéile. Seo an saothar le 9 n-íomhá nasctha le chéile. An teideal a thug na daltaí air ná Zenceangal - Ar Scáth a Chéile Is iad na daltaí a bhí páirteach sa chuid seo ná: Laoise Fallon Ní-Icí Paige Gibson-Ní Mháille Edie Hall Caoimhe Ní Bheaglaoich Isolde Ní Dhubhagáin Ciara Ní Ghéibheannaigh Moya Ní Shíthigh Doireann Ní Shiúrdáin Miriam Ní Shúilleabháin For our January lockdown Art classes we made "Zentangles". Zentangles is a kind of patternmaking that you do without planning too much, just letting the shapes and lines build up bit by bit. The idea is to relax and feel a bit "Zen" while working on it
Seo chugaibh Stair an Daingin Páirt 2.!
Created : 03 Mar 2021, 12:27 PM
Archived : 03 May 2021, 12:00 AM
Iriseoirí an Lae Amárach, Bliain 4
Created : 01 Mar 2021, 4:00 PM
Archived : 29 Apr 2021, 12:00 AM
Tá 9 daltaí ón Idirbhliain cláraithe don gcúrsa Iriseoirí an Lae Amárach, cúrsa iontach eagraithe ag RTÉ, TG4 agus COGG. Beidh iriseoirí atá ag obair sna meáin i mbun an chúrsa ar Zoom. 9 students are participating in an excellent course delivered by RTÉ, TG4 and COGG entitled Iriseoirí an Lae Amárach (Journalists of Tomorrow). Lessons delivered by well known journalists working in different media.