Displaying 851-860 of 1142 results.
Rang Eacnamaíocht Bhaile
Created : 15 Dec 2020, 2:41 PM
Archived : 15 Feb 2021, 12:00 AM
Dhein an rang Eacnamaíocht Bhaile Bliain a sé dinnéar aoibhinn inniu! Bail ó Dhia orthu!
Duaiseanna Bhliain 4 2019/2020 Transition Year Awards 2019-2020
Created : 11 Dec 2020, 11:13 AM
Archived : 11 Feb 2021, 12:00 AM
Bhí bronnadh beag againn ar scoil le déanaí sula gcuamar ar fad amach ag siúl go Cnoc an Chairn le Bliain 5. Bronnadh duaiseanna ar na scoláirí a bhí i mBliain 4 anuraidh. Seo mar a bhí: We had a nice occasion for 5th Years recently where we presented awards for their achievements when they were in 4th year. After the presentation we went for a walk to Cnoc an Chairn. Dalta na Bliana: Faye Greely Liam Ó hÓgáin Gaeilge 4L Faye Greely 4M Katie Ní Chonchúir 4O Sarah Ní Chualáin Iarracht agus Comhoibriú: 4L Cillian ó Riain 4M Katie Ní Bhriain 4O Brenna Ní Néill ePortfolió Sarah Ní Chualáin Liam Ó hÓgáin Michael Holden Dalta an Ranga 4O Róisín Ní Brosnacháin 4L Michael Holden 4M Ailbhe Ní Néill Comhghairdeas libh go léir!
Marc Ó Mainnín, Bl 5,
Created : 11 Dec 2020, 10:52 AM
Archived : 11 Feb 2021, 12:00 AM
Tá Marc Ó Mainnín, Bl 5, ainmnithe ar phainéal Mhionúir Chiarraí! Beidh an cluiche ar siúl ar an Máirt 15 Nollaig i bPáirc Aibhistín de Staic, Trá Lí @7pm. Go n-éirí leat a Mharc agus leis an bhfoireann uile/ Marc Ó Mainnín, 5th Year has been named on the panel for the Electric Ireland Munster Minor Football Championship opener. They play Cork next Tuesday at 7pm in Austin Stack Park.
Bailiúchán do Focus Ireland
Created : 11 Dec 2020, 10:46 AM
Archived : 11 Feb 2021, 12:00 AM
Tá lá Geansaí Nollag againn ar scoil inniu chun airgead a bhailiú do Focus Ireland. Tá ana-iarracht ar fad déanta ag na daltaí!
Naomh Uinseann de Pól/SVP - Go Fund Me
Created : 08 Dec 2020, 3:26 PM
Archived : 08 Feb 2021, 12:00 AM
Píosa Nuachta ón Seomra Eac Bhaile!
Created : 20 Nov 2020, 11:51 AM
Archived : 20 Jan 2021, 12:00 AM
Cuid den obair iontach a dhein an grúpa seo don MRB 1 Teicstílí Cruthaitheacha i mBliain 2. Bhíodar ag díriú isteach ar athchúrsáil agus uaschúrsáil. Ár mbuíochas le Curtain Call as píosaí éadaigh a thabhairt dúinn -Ar scáth a chéile!
Maxim Ó Súilleabháin - seo an scannán gairid!
Created : 17 Nov 2020, 3:10 PM
Archived : 19 Jan 2021, 12:00 AM
Tá scannán gairid déanta ag Junk Kouture ar Maxim bunaithe ar an turas ionsparáideach a bhí aige agus é i mbun oibre ar an gculaith nótálta a chruthaigh sé. Tá sé ar fáil ar Instagram Junk Kouture. Comhghairdeachas le Maxim! www.youtube.com/watch?v=_5NRB4h2i2o Junk Kouture has made a short film on Maxim and his inspirational journey as he set about creating his wonderful piece in 2019.
Junk Kouture
Created : 17 Nov 2020, 3:04 PM
Archived : 17 Jan 2021, 12:00 AM
Anuraidh chuir Covid 19 casadh sa chosán do na hiomaitheoirí a bhí ag trial ar an mbabhta ceannais do Junk Kouture. Bhí Michael Holden ó PCD tar éis áit a bhaint amach le Arthur's Legacy ach ní fhéadfadh an comórtas dul ar aghaidh. Anois, áfach, tá sé i gceist an babhta ceannais a thaifeadadh agus a chur amach ar sheinnteoir RTÉ i mí na Nollag. Beidh an taifeadadh ag tarlú i Luimneach ar an gCéadaoin an 25 Samhain 2020. Go n-éirí go geal le Michael agus píosa iontach ealaíne atá cruthaithe aige. Last year the final of the Junk Kouture competition was derailed by Covid 19. Michael Holden from PCD had reached the finals with his piece Arthur's Legacy. Although the competition could not go ahead as planned, they have now decided to record the final show and air it on the RTÉ Player in December. Filming will take place in Limerick on Wednesday 25th November 2020. The best of luck to Michael and his fantastic creation.
An t-iarscoláire Tom de Paor le Bliain 5 & 6
Created : 13 Nov 2020, 11:52 AM
Archived : 13 Jan 2021, 12:00 AM
Bhí Tom de Paor, iarscoláire dár gcuid, ag déanamh ceardlann le Bliain 5 & 6 inniu ó Amsterdam, áit a bhfuil sé lonnaithe. Is teicneoir é Tom a bhfuil a chomhlacht féin aige darb ainm Imagination of Things. Labhair sé leo faoin bhfís atá acu maidir le cén saghas áite a bheidh sa Daingean in 2030. Buíochas le Dingle Hub agus le James Ó Gráinne, Bl5, as é seo a eagrú. Tom de Paor, a former students of ours did a workshop with 5th and 6th years today about their vision of what Dingle should look like in 2030. Tom lives and works in Amsterdam where he has set up a company called Imagination of Things. Thanks to the Dingle Hub and James Greaney, 5th year student, for organising.
Aoíchainteoir sa rang Fiontar trí Zoom!
Created : 13 Nov 2020, 11:43 AM
Archived : 13 Jan 2021, 12:00 AM
Bhí aoíchainteoir ag Bliain 4 inniu sa rang Fiontar, Siobhán Ní Shé ó Junior Achievement a bhí linn trí Zoom. Táimid ag dul i dtaithí go deas ar úsáid na teicneolaíochta chun teacht timpeall ar shrianta Covid 19. Míle buíochas le Siobhán. We had a guest speaker today in the Fiontar class with 4th Years - Siobhán Ní Shé from Junior Achievement. We are becoming more innovative in using technology to overcome Covid 19 restrictions. Many thanks to Siobhán for being with us today.