Displaying 801-810 of 1142 results.
Irisleabhar
Created : 20 May 2021, 8:56 AM
Archived : 20 Jul 2021, 12:00 AM
Tá Irisleabhar na scoile ar fáil anois ar chostas €5. Tá Irisleabhar na bliana seo caite ar fáil leis ar €5 ( Níor éirigh le daltaí iad go léir a dhíol de bharr na dianghlasála)
Físeáin na Seachtaine
Created : 19 May 2021, 3:55 PM
Archived : 19 Jul 2021, 12:00 AM
Craobh na hÉireann eile buaite!!
Created : 14 May 2021, 6:32 PM
Archived : 14 Jul 2021, 12:00 AM
Comhghairdeas le Sibéal Ní Ógáin, Aoife Feirtéar agus Caoimhe Ní Bheaglaoich a bhuaigh gradam mór inniu i gcomórtas Chraobh na hÉireann eile. Comhghairdeas lena múinteoir Trish Uí Éanacháin. Nár laga Dia sibh!
Fiontar
Created : 13 May 2021, 10:19 AM
Archived : 13 Jul 2021, 12:00 AM
Go n-éirí go geal le Sibéal Ní Ógáin, Caoimhe Ní Bheaglaoich agus Aoife Feirtéar, Bliain 4, a bheidh ag glacadh páirte i gCraobh na hÉireann i gcomórtas eile Fiontraíochta amárach. Tá obair den scoth déanta agaibh a chailíní.
Gradam Náisiúnta na bPodchraoltaí buaite ag PCD!
Created : 10 May 2021, 12:13 PM
Archived : 10 Jul 2021, 12:00 AM
Comhghairdeas le Pobalscoil Chorca Dhuibhne a bhuaigh Gradam Náisiúnta na bPodchraoltaí @GaelLinn. www.rte.ie/radio/radioplayer/html5/#/rnag/21950344
Físeáin na Seachtaine: Scairbhín na gCuach agus Dún an Óir
Created : 07 May 2021, 11:41 AM
Archived : 07 Jul 2021, 12:00 AM
Táimíd leath slí tríd an Scairbhín agus í le braith go fóill cé go bhfuilimíd ag tabhairt ár gcosa linn go deas na laethanta seo! Scairbhín na gCuach Garbh í agus fuar./Blustering and cold is the cuckoo-month the last fortnight in April and the first in May. twitter.com/NuachtTG4/status/1389646699434549257?s=20 Físeán eile faoi Dhún an Óir ceann de na heachtraí ba fhuiltí i stair na hÉireann agus Míchéal Ó Sé Ard na Caithne ó dhúchas ag tabhairt cúntas ar an sléacht uafásach a deineadh ann. twitter.com/MOLSCEAL/status/1389567963934728193?s=20
Bhur dtuairimí ag teastáil! / Your input needed!
Created : 30 Apr 2021, 12:53 PM
Archived : 30 Jun 2021, 12:00 AM
Tá cúrsa nua Gaeilge á chur le chéile don Ardteist agus tá comhairliúchán ar siúl na laethanta seo mar gheall air. Tá na hathruithe atá siad ag moladh suntasach go maith agus bheadh impleachtaí acu dár ndaltaí. Tá cruinniú ar líne ag Gaeloideachas chun tuismitheoirí a chur ar an eolas mar gheall air, Dé Céadaoin an 5 Bealtaine ar a 7pm. Seo an nasc chuige. gaeloideachas.ie/comhairliuchain-dreachtsonraiocht-nua-don-ghaeilge-sa-tsraith-shinsearach/?lang=ga A new Irish course for the Leaving Cert is being drafted and a consultation process is happening at the moment. The changes to the course are significant and will have implications for our students. Gaeloideachas is organising an online meeting to inform parents about the proposed changes on Wednesday 5th May at 7pm. Here is the link: gaeloideachas.ie/comhairliuchain-dreachtsonraiocht-nua-don-ghaeilge-sa-tsraith-shinsearach/?lang=ga
Gradaim an Gharda Síochána / Garda Youth Achievement Awards
Created : 23 Apr 2021, 10:21 AM
Archived : 23 Jun 2021, 12:00 AM
Ceiliúrann Éachtaí Óige an Gharda Síochána an obair iontach a dhéanann déagóirí timpeall na tíre. Bíonn na daltaí molta ag múinteoirí agus daoine a aithníonn a gcuid iarrachtaí agus faigheann 25 dóibh ó gach contae gradam. I mbliana fuair ceathrar cailíní ón scoil an gradam, Faye Greely, Molly Ní Shé, Maisie Hall agus Edie Hall. Fuair Maisie agus Edie dámhachtain fiúntais as an obair a dhéanann siad lena bpobal agus fuair Faye agus Molly an phríomhduais ghrúpa. Fuaireadar an duais as an obair eiseamlárach a dhéanann siad le CARA. Mar sin beidh siad ag bogadh ar aghaidh go dtí an chraobh náisiúnta. Táimid ana-bhródúil astu!
Duais Fiontar buaite ag James Ó Gráinne, Bl. 5!
Created : 23 Apr 2021, 9:56 AM
Archived : 23 Jun 2021, 12:00 AM
Tá daltaí scoile, James Ó Gráinne i mBliain 5 tar éis comhlacht ceart a bhunú. Is éacht dochreidte é seo. An fhealsúnacht atá taobh thiar de ná earraí inmharthanta atá neamh-dhíobhalach don timpeallacht a chur ar an margadh. Tá réimse táirgí aige a déantar as hemp agus ábhar eile agus díolanna sé iad le scoileanna, coláistí agus siopaí. Tá gradam mór le rá buaite ag James le déanaí agus tuairisc air sin sa nuachtán an Independent le déanaí. Tá a thuilleadh eolais faoi chomhlacht agus táirgí James le fáil ag www.skyscraper.ie . Bail ó Dhia air agus gach rath ar a chuid oibre!
Seosaimh Ó Críodáin ar Molscéal!
Created : 23 Apr 2021, 9:41 AM
Archived : 23 Jun 2021, 12:00 AM
Bronnadh “Laoch na nÓg” ar Sheosaimh Ó Críodáin mar aitheantas ar a chuid oibre le hógánaigh Chorca Dhuibhne agus le hógánaigh Mhuscraí le blianta fada. Táimid ana-bhuíoch dó anseo sa Phobalscoil! t.co/99mnAhGBru (twitter.com/MOLSCEAL/status/1384539350193541121?s=03)