Displaying 21-30 of 1228 results.
Sciath Uí Shuilleabháin go PCD
Created : 20 Nov 2024, 6:44 PM
Archived : 20 Jan 2025, 12:00 AM

Sciath Uí Shuilleabháin buaite ag foireann sinsir caide inniu i gcoinne an Scoil Idimheánach!  2-11 go 1-07.  Captaen na foirne Tadhg Ó Cathail.  Mo sheasamh oraibh!!!

An Coiste Gaelainne
Created : 20 Nov 2024, 4:29 PM
Archived : 20 Jan 2025, 12:00 AM

An Coiste Gaelainne

Tae agus plé leis an gCoiste Gaelainne am lóin inniubh agus iad ag cur agus ag cúiteamh faoin t-aitheantas Gaeltachta a bronnadh ar an scoil le déanaí.

 
 
Foireann na gCailíní faoi 16 go leith
Created : 19 Nov 2024, 4:30 PM
Archived : 19 Jan 2025, 12:00 AM

Níor chuir an droch aimsear stad le díograis na gcailíní faoi 16 go leith.  Ana chluiche acu Dé Máirt i gcoinne Coláiste na Sceilge.  3.09 go 1.05.  Gura fada buan sibh!

Feisteas ó MFC Sports
Created : 18 Nov 2024, 5:12 PM
Archived : 18 Jan 2025, 12:00 AM

Míle buíochas le Joe ó MFC Sports a bhronn feisteas ar fhoireann sinsir caide PCD le déanaí.  Ana chuma go deo orthu!  Táimid ana bhuíoch ar fad as cabhair Joe.

An Fhoireann Sinsir Caide
Created : 18 Nov 2024, 4:54 PM
Archived : 18 Jan 2025, 12:00 AM

Go néirí leis an Fhoireann Sinsir Caide PCD, Dé Céadaoin agus iad ag tabhairt faoi an Scoil Idimheánach, Cill Orglan do Sciath Uí Shuilleabháin sa chluiche ceannais.  Beir bua a leaideanna! @AnGhaeltacht @AnnascaulGAA @DingleGAA @CastlegregoryGAA.

Húdaí bl4
Created : 15 Nov 2024, 1:44 PM
Archived : 18 Jan 2025, 12:00 AM

Húdaí Bl4

Bl4 ana shásta leis na húdaithe atá fachta acu, urraithe ag Comhar Creidmheasa Cara, Corca Dhuibhne.  Míle buíochas.

Cork Pops
Created : 15 Nov 2024, 2:13 PM
Archived : 16 Jan 2025, 12:00 AM

Chuaigh Bl1 ar fad go Halla na Cathrach i gCorcaigh chun éisteach le Ceolfhoireann na Cork Pops faoi stiúir Evelyn Grant. Ceolchoirm ana thaitneamhach agus spraíúil.  Radharc iontach ar “Tiny” ó Cabin Crew agus Bl1 ar fad thuas chun tosaigh.  Aoibhinn beatha an scoláire!

Rugbaí PCD
Created : 15 Nov 2024, 1:23 PM
Archived : 15 Jan 2025, 12:00 AM

Bua iontach ag foireann rugbaí PCD, F16, Déardaoin i gcoinne Waterpark College, Port Láirge.  Cath maith agus ar deireadh tháinig PCD amach níos laidire 34-19.  Bhí "An Puc ar Buile" le cloisint á chanadh go hard i bPáirc Musgrave i gCorcaigh! 

Feachtas Bosca na mBróg
Created : 15 Nov 2024, 11:56 AM
Archived : 15 Jan 2025, 12:00 AM

D'éirigh go hiontach le feachtas bosca na mbróg!  Míle buíochas le gach duine a chabhraigh é a eagrú agus a thug bosca isteach.  Ar scáth a chéile a mhairimíd!

Comórtas Labhairt na Gaelainne
Created : 15 Nov 2024, 11:38 AM
Archived : 15 Jan 2025, 12:00 AM

Comórtas Labhairt na Gaelainne 32.png 32.png32.png 32.png

Tá spotduais na seachtaine, dearbhán do Centra agus ticéad go dtí an chéad Laochra Am Lóin eile buaite ag Siún Ní Ghrifín i mBliain 2. Buíochas le Sibéal Ní Shéaghdha agus Aisling Ní Shúilleabháin a d'eagraigh an crannchur maidin inniu.