Comórtas Labhairt na Gaelainne
Ceardlann Amhránaíochta le hÁine Ní Laoithe
Bhí cainteoir ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Maggie O'Sullivan linn le déanaí. Labhair sí le daltaí ó bhl.5 agus ó bhl.6 faoi shaol an choláiste.
Guímid gach rath ar dhaltaí na hidirbhliana anocht don seó deireanach Laochra ar Lár. Tá éacht á dhéanamh acu agus gáire geal acu. Bí ann! 7.30in.
Míle buíochas le hÉanna Ó Conchúir a dhein urraíocht ar gheansaithe caide an fhoireann sinsir le déanaí. Buíochas ó chroí leis as ucht a chuid oibre ar fad i rith na bliana leis na leaideanna. Gura fada buan é!
Tháinig cainteoir ó Choláiste Breisoideachais & Oiliúna Chiarraí, Phena Mulligan, chun cainte le bl5 agus bl6 inné. Labhair sí ar dheiseanna fostaíochta, breis staidéir, an tríú leibhéal agus printíseachtaí.
Bhí daltaí na hIdirbhliana ag caint ar an Saol Ó Dheas inniu le Sláine Ní Chathalláin faoi dhráma bl4 a bheidh ar siúl sa scoil ar an gCéadaoin agus an Déardaoin beag seo ag 7.30.
www.rte.ie/radio/rnag/clips/22483666/
Bhí ceiliúradh beag ag bl.4 le Tara ó Tobar Eoin dá lá breithe. Lá Breithe Sona Tara!
Ghlac 44 do bhl1 páirt i gComórtas Lúthchleasaíochta Trastíre Chiarraí i gCill Airne ar an Aoine. Bhí cad é iomaíocht! Is fearr rith maith....!!!