Displaying 511-520 of 1142 results.
Baile Theas
Created : 21 Oct 2022, 10:03 AM
Archived : 21 Dec 2022, 12:00 AM
Bhí ana lá ag an Idirbhliain i mBaile Theas ar an gCéadaoin.
Sláine Ní Chathalláin
Created : 21 Oct 2022, 9:30 AM
Archived : 21 Dec 2022, 12:00 AM
Ceardlann Amhránaíochta ar an Sean Nós leis an t-amhránaí iomráiteach, Sláine Ní Chathalláin. Bhain na daltaí ceoil an-taitneamh as.
Tomhas na míosa
Created : 17 Oct 2022, 12:28 PM
Archived : 17 Dec 2022, 12:00 AM
Níl sé amuigh ort, níl sé istigh ort. Tá sé ort is ní trom leat é. Cad é? Seol d’fhreagraí go dtí Eibhlís roimis an Aoine an 28 Deireadh Fómhair. Go n-éirí libh!
Comórtas Seanfhocail
Created : 17 Oct 2022, 12:25 PM
Archived : 17 Dec 2022, 12:00 AM
Críochnaigh an seanfhocal: Bíonn blas milis... Seol d’fhreagraí go dtí Eibhlís roimis an Aoine an 28 Deireadh Fómhair. Go n-éirí libh!
Fócas ar Litearthacht
Created : 17 Oct 2022, 12:23 PM
Archived : 17 Dec 2022, 12:00 AM
Crá • Crá croí, tá crá croí ag baint leis mar chúram/ mar scéal • Ná cráigh mé • Bhí sé/sí á c(h)rá féin mar gheall air i rith an deireadh seachtaine • Bhí sí ag crá a tuismitheoirí ag lorg fón nua • Tá crá ag baint leothu • Is mór an crá croí an ríomhaire a bheith briste. • An bhfuil tú cráite? • Ná bí cráite, ní faic é!
Gaelbhratach 2022
Created : 17 Oct 2022, 12:14 PM
Archived : 17 Dec 2022, 12:00 AM
Ár mbuíochas le hEdel Ní Bhraonáin agus Barry Ó Siochrú ón nGaelbhratach a chaith tamall leis an gcoiste Gaolainne inné ag cabhrú leo spriocanna na bliana a chur ar pháipéar!
Aonach na nGairmeacha in Óstán na Sceilge inné
Created : 13 Oct 2022, 3:01 PM
Archived : 13 Dec 2022, 12:00 AM
Bhain daltaí na Pobalscoile an-taitneamh agus tairbhe as Aonach na nGairmeacha a bhí eagraithe ag Tobar Dhuibhne in Óstán na Sceilge inné. I measc na n-aoíchainteoirí a bhí i láthair don ócáid bhí an Tráchtaire Spóirt, Brian Tyers, Barry Ó Siochrú ó Aontas na Mac Léinn, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Cristín De Mórdha ó Dhúchas an Daingin, Aedín Ní Bhriain, Oifigeach Gaolainne le Comhairle Contae Chiarraí, Matt Mac Cárthaigh, Ateangaire agus Aistritheoir leis an A.E., Éanna Ó Conchúir ó Beo Fitness, Edel Ní Bhraonáin ón nGaelbhratach, Ciara Ní hAllarúin ó Mhara Beo agus Séaghan Ó Súilleabháin, An Kerry Cowboy!
Peil, Cailíní Sinsir
Created : 13 Oct 2022, 9:03 AM
Archived : 13 Dec 2022, 12:00 AM
Is i ngort na nGaeil i dTrá lí a bheidh an cluiche idir Chailíní Sinsir PCD agus Meánscoil na Toirbhirte, Trá Lí inniu, Déardaoin, 13 Deireadh Fómhair. Go n-éirí libh!
Físeáin na Seachtaine
Created : 13 Oct 2022, 8:57 AM
Archived : 13 Dec 2022, 12:00 AM
Bhí Katie Ní Éanacháin, Bl. 3, ag coimisiúnú oifigiúil an RV Tom Crean i gCé an Daingin Déardaoin seo caite. Seo í ag labhairt faoin tábhtacht a bhaineann le caomhú a dhéanamh ar na bhfarraigí dos na glúinte atá romhainn. vimeo.com/756535793/0b50a45261 fb.watch/g5fO3V7cGa/
Club Cócaireachta le Martin Bealin
Created : 11 Oct 2022, 2:52 PM
Archived : 11 Dec 2022, 12:00 AM
Club Cócaireachta Oíche Luain, Áit: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean