Displaying 321-330 of 1180 results.
Laochra Am Lóin #3
Created : 10 May 2023, 9:57 PM
Archived : 10 Jul 2023, 12:00 AM

Ba é an t-aisteoir Gearóid Ó Cíobháin ó Bhaile Riabhach an aoi speisialta a bhí linn do Laochra Am lóin inniu. Tá Gearóid ag obair i Ros na Rún agus labhair sé leis na daltaí faoina chuid oibre agus an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge agus an scéalaíocht ina shaol.

 
Bhí sé ana shuimiúil agus bhain gach éinne ana shásamh as!
 
 
Searmas Bronnta - Comórtas Scileanna Gairme 2023
Created : 10 May 2023, 1:24 PM
Archived : 10 Jul 2023, 12:00 AM
 
Ba í an tAire Oideachais, Norma Foley, a bhronn an dá ghradam ar Ruairí Ó hÓgáin agus Ella Ní Ainiféin i gColáiste Ríoga Lianna na hÉireann i mBaile Átha Cliath maidin inniu.
 
Bail ó Dhia oraibh!

 

 
Gradam Press Pass 2023
Created : 10 May 2023, 1:19 PM
Archived : 10 Jul 2023, 12:00 AM

 

Bronnadh gradam Press Pass ar Grace de Bhál agus Oisín Ó Fearghail ag searmanas a bhí ar siúl sa staid Aviva i mBaile Átha Cliath inné.

Bhain Grace an chéad áit amach sa chatagóir de ghné altanna agus tháinig Oisín sa dara háit sa chatagóir scéalta nuachta.
 
Comhghairdeachas libh. 
Lúthchleasaíocht an Chontae, Oileán Ciarraí, Déardaoin 4ú Bealtaine, 2023
Created : 09 May 2023, 3:09 PM
Archived : 09 Jul 2023, 12:00 AM

 Ghlac breis agus 63 dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne páirt sna Comórtais Lúthchleasaíochta. Maith sibh!

Comhghairdeachas leis na daltaí seo a leanas a bhuaigh boinn ar an lá:

Cailíní faoi 14:

Rás Sealaíochta (Relay) 3ú háit  - Bláthnaid Ní Shúilleabháin, Éabha Nic Cárthaigh. Louise Ní Chiobháin, Aoife Ní Bheaglaoi

 

Buachaillí faoi 15: 

Léim Fhada-Macdara Ó Dubháin 2ú háit 

Caitheamh Meáchain & Rás 300m - Kieran Ó Catháin 1ú áit 

 

Rás Sealaíochta 3ú háit   Kieran Ó Catháin, Cathal Cordubh, Barry Ó hÉanacháin, Aodhán Ó Súilleabháin

 

Cailíní faoi 15: 

Rás 800m - Sibéal Ní Shéaghdha 1ú áit & Jude Ní Riain 2ú háit 

Caitheamh Meáchain-Katie Ní Éalaithe 4ú háit 

 

Buachaillí faoi 17: 

Rás 3,000m -Tiarnan Ó Loinsigh 3ú háit 

Junk Kouture 2023
Created : 04 May 2023, 8:45 AM
Archived : 04 Jul 2023, 12:00 AM
Go n-éirí go geal le hAisha Scharer lena culaith 'Human Composition' agus le hAoife Ní Dhonagáin agus Kate Gillespie a bheidh ag glacadh páirte sa chomórtas Junk Kouture sa 3 Arena inniu lena gculaith 'Tarbh na dTonnta'.
Táimid ar fad an-bhródúil astu!
SciFest
Created : 04 May 2023, 8:42 AM
Archived : 04 Jul 2023, 12:00 AM
Ghlac Tadhg Ó Cathail, Ruairí Ó hÓgáin agus Tom Ó Neachtain páirt i gcomórtas SciFest in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, Trá Lí, ar an 3ú Bealtaine. Chuireadar sár-iarracht isteach ina dtionscadal agus iad ag fiosrú na cúiseanna go bhfuil ailse craicinn chomh coitianta in Éireann.
Foireann Rugbaí Chorca Dhuibhne faoi 14
Created : 04 May 2023, 8:40 AM
Archived : 04 Jul 2023, 12:00 AM

Comhghairdeachas le foireann Rugbaí Chorca Dhuibhne faoi 14.  Seaimpíní na Mumhan agus na hEorpa! Bhí an Comórtas Eorpa ar súil i Frankfurt na Gearmáine i rith na deireadh seachtaine.

 
 
Foireann Cispheile na hÉireann faoi 19 i bPCD!
Created : 02 May 2023, 3:09 PM
Archived : 02 Jul 2023, 12:00 AM

Chaith Foireann Cispheile na hÉireann faoi 19 an deireadh seachtaine anseo sa Daingean.  Bhíodar ag traenáil i halla na scoile agus iad ag ullmhú do Chraobhchomórtas na hEorpa. Bhí seisiún traenála acu le daltaí bhlian 1 agus 2.  Táimid an-bhuíoch den fhoireann as an séisiún iontach a bhí acu leo agus guímid gach rath orthu i gCrobhchomórtas na hEorpa i rith an tsamhraidh go mór mhór le h Aivaras Uosis atá mar chaptaen i mbliana.  Ardfhear Aivaras!

Painéal Mionúr Chiarraí 2023
Created : 02 May 2023, 2:56 PM
Archived : 02 Jul 2023, 12:00 AM
 
Comhghairdeachas le Paudie Mac Gearailt, James de hÓra, Aodhna Ó Beaglaoich agus Seán Ó Cuinn atá ainmnithe ar phainéal mionúr an chontae 2023.
Foireann Rugbaí Chiarraí faoi 17
Created : 02 May 2023, 2:55 PM
Archived : 02 Jul 2023, 12:00 AM
Bhí na daltaí seo a leanas, Diarmuid Ó Ciardubháin, Ronan Ó Conchúir, Cathal Ó Dufaigh, James Ó Néill, JJ Mac Liam agus Stanley Knight ag imirt ar fhoireann Rugbaí Chiarraí faoi 17 i rith an deireadh seachtaine.  Comhghairdeachas libh!